Cruinniú Éigeandála

Tá cruinniú éigeandála speisialta de Chomhairle Contae Dhún na nGall á lorg ag Comhairleoirí Contae ón Pháirtí Cúiteamh 100% Dé Céadaoin seo, le plé a dhéanamh ar an ardú ar chostas breosla.

Dúirt an Comhairleoir Contae Denis Mac Aoidh ón Pháirtí Cúiteamh 100% go bhfuil teaghlaigh sa Chontae go mór faoi bhrú ag an ardú leanúnach ar an chostas breosla le tamall agus nach féidir le go leor de na teaghlaigh costais bhunúsacha a íoc.

Dúirt sé go mbeidh rún mí-mhuiníne sa Taoiseach Mícheál Martin agus sa Tanáiste Simon Harris le moladh ag an chruinniú, ag iarraidh go n-éireoidh siad as, mar go bhfuil muinín caillte ina gcumas ceannaireacht a dhéanamh ar an tír ag an am fíordhúshlánach seo, a dúirt sé.

Sé'n aidhm atá leis an chruinniú éigeandála seo ná deis a thabhairt do Chomhairleoirí Contae géarchéim an bhreosla a phlé go hoifigiúil agus seasamh soiléir a ghlacadh maidir le freagra an Rialtais, a dúirt an Comhairleoir Mac Aoidh.

Cruinniú eile éigeandála ó lorg.

Agus tá cruinniú éigeandála de chuid na Comhairle Contae á lorg chomh luath agus is féidir fosta ag na Comhairleoirí Contae Micheal Cholm Mac Giolla Easpaig agus Jimmy Brogan.

Dúirt an Comhairleoir Mac Giolla Easpaig go bhfuil teaghlaigh sa Chontae thíos leis go mór mar nach bhfuil sé ar a gcumas a dtithe a théamh nó peitreal ná díosal a chur ina gcarranna.

Caithfidh an Rialtas gníomhú láithreach agus tacaíocht a chur ar fáil do na daoine seo a dúirt sé.

Ailse Dhún na nGall.

Tá soiléiriú á lorg ag an Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh ón Rialtas an mbeidh na seirbhísí taistil atá á gcur ar fáil ag Eitiltí agus Seirbhísí

Ailse Dhún na nGall do dhaoine sa Chontae a bhfuil ailse orthu, san áireamh sa phacáiste tacaíochta a fógraíodh tráthnóna inné.

D’fhógair an Rialtas pacáiste tacaíochta úr ar fiú thara €500 milliún é, chun tacú leis na hearnálacha iompair, feirmeoireachta agus iascaireachta dul i ngleic leis an ardú atá tagtha ar luach an bhreosla.

Cuireann Eitiltí agus Seirbhísí Ailse Dhún na nGall seirbhís mionbhus ar fáil chun othair a bhfuil ailse orthu a aistriú chuig otharlanna ar fud an stáit le haghaidh cóir leighis chomh maith le seirbhís cairr a chuireann tiománaithe deonacha ar fáil chun daoine a bhfuil ailse orthu a thabhairt chuig coinní dochtúra, a dúirt an Teachta Ó Dochartaigh.

Caithfear soiléireacht a fháil cé acu an bhfuil seirbhísí den chineál seo san áireamh san phacáiste cúitimh úr nó an bhfuil carthanachtaí agus seirbhísí deonacha a chuireann seirbhísí rí-thábhachtach ar fáil, fágtha as an áireamh gan aon tacaíocht ón Rialtas, a dúirt an Teachta Ó Dochartaigh.

Agóidí ag leanúint ar aghaidh.

Leanfaidh an earnáil iompair sa Chondae lena cuid agóidí arís inniu i gcoinne phraghsanna breosla.

Beidh agóid ag Ceann an Droichid ag taisteal ar bhealach an N13 fhad le Mainéar Uí Chuinneagáin agus Beart ag an 5 a chlog. Beidh agóid eile ar siúl ag toiseacht ag Timpeallán an Dry Arch agus ag taisteal isteach fríd bhaile Leitir Ceanainn agus amach go timpeallán an Dry Arch arís ag an 7 a chlog tráthnóna inniu.

Cruinnithe i nGaeilge amháin.

Tá Coiste Beartais Chorparáidigh Chomhairle Contae Dhún na nGall chun scrúdú a dhéanamh an bhféadfaí cruinnithe iomlána den Chomhairle Contae a reáchtáil i nGaeilge amháin.

Ghlac an Chomhairle le rún le gairid ón Chomhairleoir Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig go mbeadh trí cinn de chruinnithe míosúla na Comhairle i nGaeilge amháin feasta.

Tá níos mó Gaeilge sa Chomhairle anois ná mar a bhí riamh roimhe, agus níl fáth ar bith nach féidir cruinnithe a reáchtáil go hiomlán i nGaeilge, a dúirt an Comhairleoir Mac Giolla Easpaig.

Tá cruinnithe á reáchtáil i nGaeilge ag údaráis áitiúla i mBaile Átha Cliath, áit nach bhfuil Gaeltacht ar bith, agus ba cheart go mbeifí ábalta an rud céanna a dhéanamh i gComhairle Contae Dhún na nGall, a dúirt sé.

Coimisiún Achomharc Pleanála.

Cuirfear tús arís inniu le fiosrúchán poiblí an Choimisiúin Achomhairc Pleanála, mar gheall ar mhianach óir ar Shliabh Speirín i gContae Thír Eoghain.

Beidh an fiosrúchán ar siúl in Ionad Ealaíne na Sruthla ar an Ómaigh.

Cuireadh an fiosrúchán ar athló anuraidh i ndiaidh trí lá, le deis a thabhairt do Roinn Bonneagair Thuaisceart Éireann a dhul i gcomhairle le dreamanna ábhartha, Comhairle Contae Dhún na nGall san áireamh.

Le linn an fhiosrúcháin d’admhaigh Roinn Bonneagair Thuaisceart Éireann faillí sa dualgas a bhí orthu dul i gcomhairle le Comhairle Contae Dhún na nGall agus le Rialtas na hÉireann faoi na himpleachtaí trasteorann a bhain leis an mhianadóireacht a bhí beartaithe.

Dúirt an comhlacht Dalradian go gcruthódh siad suas le 1,000 post agus go gcuirfeadh siad $4.1 Billiún Dollar le heacnamaíocht na Sé Contae agus mianach á fhorbairt acu sa Chaisleán Glas i dTír Eoghain, in aice leis an teorann le Dún na nGall.

Tá sé ráite ag an ghrúpa caomhnaithe, Save Our Sperrins, go bhfuil imní orthu faoin tionchar a bheadh ag an mhianach ar chúrsaí sláinte sa cheantar.