AN CRAOSLACH
Casfaidh teaghlaigh na ndaoine a maraíodh i dtragóid an Chraoslaigh leis an Aire Dlí agus Cirt Jim O'Callaghan i mBaile Átha Cliath amárach.
Deir na teaghlaigh go bhfuil siad go fóill ag fanacht le freagraí maidir le cúis na tragóide agus go bhfuil siad ag iarraidh go mbunófaí fiosrúchán poiblí faoin phléasc.
Tá sé ráite cheana féin ag an Aire nach ndéanfaidh sé a mhachnamh ar fhiosrúchán poiblí go dtí go gcuirfear críoch leis an fhiosrúchán coiriúil agus an coiste cróinéara agus má tá ceisteanna le freagairt ina ndiaidh go ndéanfaidh sé iarratas na dteaghlach a mheas ag an am sin.
Deichniúr a maraíodh i dTragóid an Chraoslaigh an 7 Deireadh Fómhair, 2022.
Buailfidh an tAire O’Callaghan leis na teaghlaigh ag Oifigí na Roinne Dlí agus Cirt i mBaile Átha Cliath ag an mheán lae amárach.
MÉADÚ AR CHOSTAS ÉISC
Tá méadú ollmhór ar chostas éisc de bharr laghdú ar chuótaí agus méadú ollmhór ar chostas breosla, a deir Breandán Ó Beirn, Príomhfheidhmeannach Chumann Próiseálaithe agus Táirgeoirí Éisc na hÉireann.
Dúirt sé go bhfuil postanna i mbaol faoi láthair i monarcha éisc sna Cealla Beaga de bharr níos lú éisc a bheith á thabhairt i dtír ansin le ceithre seachtainí go háirithe.
Dúirt sé má leanann rudaí mar atá, nach mbeidh stoc éisc ar bith ar fáil roimh i bhfad.
Dúirt sé gur iarr Cumann Próiseálaithe agus Táirgeoirí Éisc na hÉireann ar an Rialtas cúiteamh a thabhairt do na hiascairí go práinneach le cuidiú leo íoc as breosla.
STÁISIÚN DÓITEÁIN ÚR D'FHIONNÚIR
Deir an Comhairleoir Contae as Bun Dobhráin, Michael McMahon, gur dea-scéala do Bhun Dobhráin agus do Bhéal Átha Seanaigh go bhfuil maoiniú €3.6m ceadaithe ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta chun stáisiún dóiteáin úr a thógáil i bhFionnúir.
Déanfaidh an stáisiún dóiteáin úr freastal ar phobail Bhéal Átha Seanaigh agus Bhun Dobhráin, agus dhéanfar cónascadh ar an dá stáisiún dóiteáin atá ansin cheana féin.
Dúirt an Comhairleoir McMahon go bhfuil feachtas ar bun le 40 bliain ag iarraidh stáisiún úr ar an dá bhaile, agus sa deireadh gurbh éigean daofa géilleadh nach mbeadh maoiniú ar fáil ach d’aon stáisiún amháin, a bheadh lonnaithe idir an dá bhaile.
Dúirt sé go bhfuil an dá stáisiún reatha i mBun Dobhráin agus i mBéal Átha Seanaigh i ndrochriocht, agus go dteastaíonn stáisiún úr go géar.
Dúirt an Comhairleoir McMahon fosta go bhfuil súil aige go mbeidh an obair thógála don stáisiún dóiteáin úr i bhFionnúir, ar shuíomh atá ag an Chomhairle Contae, críochnaithe fá cheann trí bliana.
Fógraíodh maoiniú €3.6m don stáisiún úr i bhFionnúir inné, mar chuid de Chlár Caipitil Seirbhísí Dóiteáin 2026- 2060 ar fiú €328.5m é.
SCÉIM AN CHÉAD TÍ
Ceannaíodh chóir a bheith 100 teach cónaithe faoin scéim rialtais, scéim an Chéad Tí, san iarthuaisceart sa chéad cheathrú den bhliain seo.
Seo scéim a cuireadh ar bun le cuidiú le daoine a gcéad teach cónaithe a cheannach.
Ceadaíodh maoiniú do 97 duine faoin scéim san iarthuaisceart idir Eanáir agus Márta.
Bhí 51 acusan i nDún na nGall, 39 i Sligeach agus 7 i gcontae Liatroma. Go náisiúnta ceadaíodh maoiniú do 1,037 iarratasóir faoin scéim seo sa chéad ráithe den bhliain.
Tá obair uasghrádaithe le déanamh ar ionad pobail Leitir Ceanainn, agus tá conraitheoirí á n-earcú faoi láthair le tabhairt faoin obair sin.
Baineann cuid den obair atá le déanamh le sábháilteacht dóiteáin, agus doirse úra agus córas soilse úr le feistiú ansin.
€300,000 an costas measta atá luaite leis an obair atá le déanamh ar Ionad Pobail Leitir Ceanainn, atá ar Bhóthar an Phoirt sa bhaile.
Tá súil conraitheoir a cheapadh sa tSamhradh agus an obair seo a dhéanamh roimh dheireadh na bliana.
DUAIS MHÓR CLG BUAITE AG CONALLACH
Bhain fear as Dún na nGall an phríomhdhuais sa chrannchur mór a bhí á reáchtáil ag Cumann Lúthchleas Gael na Gaillimhe.
Bhain Dean Doherty as Bealach Féich, an phríomhdhuais de theach i gCinn Mhara i gContae na Gaillimhe ar fiú €340,000 é i dtarraingt na hoíche aréir a bhí beo ar leathanach facebook an Chumainn.