Coláiste an Earagail
Mhol an Comhairleoir Contae Donal Coyle ball de Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall don Bhord cruinniú a eagrú le Comhairle Contae Dhún na nGall, Oifig na nOibreacha Poiblí, an Roinn Oideachais agus Bord Bainistíochta Choláiste an Earagail i Leitir Ceanainn le staid na scoile a phlé.
Dúirt sé go bhfuil easpa spáis sa scoil agus go bhfuil géarghá le foirgneamh úr ach nach bhfuil dul chun cinn ar bith á dhéanamh ar na ceisteanna seo.
Dúirt sé go bhfuil Coláiste an Earagail i gcruachás agus go gcaithfear na roghanna ar fad a phlé leis na heagrais uilig.
Agóid
Bhí agóid ag tiománaithe sa chontae tráthnóna inné in éadan na n-arduithe atá tagtha ar phraghas an bhreosla.
Tiomáineadh scuaine leoraithe, busanna, tarracóirí agus carranna go fadálach ó Cheann an Droichid go Mainéar Uí Chuinneagáin.
Eagraíodh an léirsiú le tacaíocht a léiriú do lucht léirsithe an bhreosla atá i mbun agóide ar fud na tíre le ceithre lá anois.
Trácht
Cuirfear isteach ar chúrsaí tráchta idir Dún na nGall agus Baile Átha Cliath Dé Máirt seo chugainn nuair a bheidh agóidí ag earnáil iompair na Sé Contae le haird a dhíriú ar luach ard breosla.
Beidh leoraithe, busanna agus tarracóirí ag tionlacan ag ocht gcinn de láithreacha sna Sé Contae ón 2.00 Dé Máirt seo chugainn.
Ina measc, beidh agóid ag bealach an A5 ar an Ómaigh agus ag timpeallán Bhaile Uí Dhálaigh i dTír Eoghain.
Brící Lochtacha
Lorg an Comhairleoir Contae Joy Beard soiléiriú maidir le rúin atá glactha ag Comhairle Contae Dhún na nGall faoi cheisteanna a cuireadh ar an Roinn agus ar an Aire Tithíochta, agus na freagraí a fuarthas ón Aire nó ón Roinn.
Dúirt sí gur glacadh le roinnt rún uaithi féin maidir le Scéim na mBrící Lochtacha, a lorg eolas ón Aire agus ón Roinn Tithíochta, agus nach bhfuil aiseolas ar bith faighte aici ar na ceisteanna sin go fóill.
Thóg sí an cheist arís ag cruinniú de Chomhairle Contae Dhún na nGall le gairid, agus fuair sí dearbhú ón Stiúrthóir Seirbhísí Michael McGarvey go ndéanfar socrú cóip den chomhfhreagras a chur ar fáil di.
Aimsir
Tiocfaidh foláireamh aimsire stádas buí do ghaoth láidir atá eisithe ag Met Éireann do Chontae Dhún na nGall i bhfeidhm ag meán lae inniu agus mairfidh sé go dtí an 9 a chlog anocht.
Tá Met Éireann ag tuar go bhféadfaí crainn a leagan, smionagar a bheith ar bhóithre agus