Brící Lochtacha
Níl sé ceart ná cóir gur féidir pionós a chur ar dhaoine a bhaineann tairbhe as Scéim Cúitimh na mBrící Lochtacha dá ndara teach, má dhíolann siad an teach taobh istigh de scór bliain, a dúirt an Comhairleoir Contae Denis Mac Aoidh.
Is iomaí duine a cheannaigh an dara teach mar infheistíocht nó mar phinsean, agus a raibh súil acu an teach sin a dhíol le hinfheistíocht a bheith acu dá bpinsean, ach faoin scéim cúitimh, beidh go leor den airgead le haisíoc, rud nach bhfuil ceart ná cóir, a dúirt an Comhairleoir Mac Aoidh.
Fágann an coinníoll áirithe seo nach bhfuil aon tacaíocht ar fáil do dhaoine a cheannaigh teach mar scéim pinsin nó mar infheistíocht, má tá brící lochtacha sa teach sin, a dúirt an Comhairleoir Mac Aoidh.
Níl ciall dá laghad leis an choinníoll go gcaitear an t-airgead ón scéim cúitimh a aisíoc má dhíoltar an teach, a dúirt sé.
Tá go leor daoine in achan pháirt de Dhún na Gall, thíos leis go mór de bharr an choinníll áirithe seo, a dúirt an Comhairleoir Mac Aoidh.
Caithfidh an Rialtas an coinníoll seo a athrú, a dúirt sé.
Breosla
Tá comhlachtaí as Dún na nGall ag glacadh páirt in agóid náisiúnta atá ar bun ag comhlachtaí iompair inniu lena míshástacht a léiriú faoin ardú atá tagtha ar chostas breosla agus a thionchar ar an earnáil.
D'fhág thar 20 leoraí, bus agus tarracóir Leitir Ceanainn go gairid i ndiaidh 6.15 maidin inniu le freastal ar agóid réigiúnach a bheidh ar siúl i Sligeach inniu.
Dúirt Comhlacht Bus Mhic Eiteagáin, atá páirteach san agóid, go bhfuil gnó an chomhlachta go mór i mbaol faoi láthair mar gheall ar an chostas ard atá ar an bhreosla.
Rinne an comhlacht achainí ar úinéirí comhlachtaí iompair eile, idir leoraithe agus busanna san iarthuaisceart, aird a dhíriú ar an bhrú atá orthu de bharr an bhreosla a bheith chomh daor faoi láthair.
Tá leoraithe agus busanna as achan chearn den tír ag teacht le chéile inniu ag cúig láthair, Baile Átha Cliath, Sligeach, Loch Garman, Baile Áthe Luain agus Port Láirge le haird a tharraingt ar na fadhbanna móra atá ag an earnáil agus luach an bhreosla chomh daor.
Uisce
Tá ceantracha i gCloich Chionnaola go fóill gan uisce maidin inniu mar gheall ar fhadhb san Ionad Cóireála Uisce ar an Ardaí Bheag.
Measann Uisce Éireann go mbeidh an soláthar uisce ar ais níos moille inniu.
Tá an Comhairleoir Contae Michael McClafferty ag impí ar phobal na Rosann, Ghaoth Dobhair agus Chloich Chionnaola teagmháil a dhéanamh le hUisce Éireann nuair a bhíonn siad gan uisce nó nuair a bhíonn fadhbanna leis an soláthar uisce.
Ní dhéanfaidh Uisce Éireann infheistíocht sna ceantair seo gan brú ón phobal a dúirt sé.
Machaire Rabhartaigh
Cuirfear tús le obair dhreideála ag céibh Mhachaire Rabhartaigh i lár na míosa seo.
Is ar an Déardaoin an 16 Aibreán a chuirfear tús leis an dreideáil agus mairfidh an obair ar feadh trí lá.
Dúirt an Comhairleoir Contae John Shéamuis Ó Fearraigh go mbeidh an obair á déanamh agus rabharta ard ann.
Tá géarghá an obair seo a dhéanamh anois, agus go leor gainimh carntha in aice na céibhe, a dúirt sé.
Ócáid chathartha
Beidh ócáid chathartha á reáchtáil ag Comhairle Contae Dhún na nGall don mharcach óg as Leitir Ceanainn, Dylan Browne McMonagle.
Glacadh le rún ón Chomhairleoir Contae Dónall Mandy Kelly, agus an Comhairleoir Ciarán Brogan ag tacú leis, ócáid chathartha a reáchtáil chun aitheantas a thabhairt don mharcach óg as a chuid éachtaí go dtí seo.
Bronnadh Gradam Pearsa Spóirt Thír Chonaill ar Dylan Browne McMonagle ag deireadh mhí Eanáir.
Bronnadh gradam Irish Champion Jockey air anuraidh agus bhain sé Breeders Cup Turf anuraidh chomh maith.
Dúirt an Comhairleoir Dónal Mandy Kelly go raibh lúcháir air ainm Dylan Browne McMonagle a chur chun tosaigh le go n-eagrófaí ócáid chathartha fána choinne.