Eitiltí Dhún na nGall
Tá sé dearbhaithe ar maidin ag an Teachta Dála Pat the Cope Ó Gallachóir go bhfuil conradh úr sínithe ag an Roinn Iompair le Emerald Airlines, agus go gcuirfear tús le sceideal úr eitiltí idir Aerfort Dhún na nGall agus Baile Átha Cliath an 1 Bealtaine.
San áireamh sa chonradh úr, beidh an t-eitleán lonnaithe thar oíche ag Aerfort Dhún na nGall, mar a bhí a éileamh.
Dúirt an Teachta Ó Gallachóir gur oibrigh sé féin agus daoine eile iontach crua ón 13 Eanáir, nuair a fógraíodh go mbeadh deireadh le heitilt fillte lár an lae, chun a chinntiú go leanfaí le heitiltí lár an lae.
Thréaslaigh sé le foireann agus le bainistíocht Aerfort Dhún na nGall, a rinne ionadaíocht láidir ar phaisinéirí, le cois Eitiltí agus Seirbhísí Ailse Dhún na nGall, Majella O'Donnell agus an 20,000 duine a shínigh achainí le go gcuirfí eitiltí lár an lae ar bun arís.
Tá eitiltí lár an lae iontach tábhachtach chun freastal ar othair as Dún na nGall a bhfuil ailse orthu, a fhaigheann cóir leighis i mBaile Átha Cliath, a dúirt an Teachta Ó Gallachóir.
Ghabh sé buíochas leis an Aire Iompair Darragh O’Brien as a chuid dianiarrachtaí, a dúirt sé, na seirbhísí seo a chur ar ais mar a bhí.
Dúirt sé fosta go ndéanfadh Aer Lingus margadh le duine ar bith a chur eitiltí 6.30 ar maidin ó Bhaile Átha Cliath nó eitiltí 8.30 sa tráthnóna as Dún na nGall in áirithe faoin chonradh reatha.
Ba é Dé Domhnaigh seo a chuaigh thart a tháinig an conradh úr i bhfeidhm, agus deireadh curtha le heitiltí lár an lae idir Dún na nGall agus Baile Átha Cliath.
Eitiltí agus Seirbhísí Ailse Dhún na nGall
Lá thar a bheith tábhachtach é seo do Dhún na nGall, a deir Eitiltí agus Seirbhísí Ailse Dhún na nGall.
Is é seo an cinneadh ceart agus tugann sé aitheantas agus faoiseamh d’othair a bhfuil ailse orthu agus a dteaghlaigh, oibrithe, gnólachtaí agus pobail ar fud Dhún na nGall atá ag brath ar an tseirbhís aeir, dar leo.
Dúirt Máire Uí Chomhaill ón choiste gur léirigh a bhfeachtas láidreacht, aontacht agus diongbháilteacht phobal na contae sa bhaile agus thar lear agus ghabh sí buíochas le hachan nduine a thacaigh leo.
An Bord Bia
D’iarr Comhairleoirí Contae Dhún na nGall, ag cruinniú míosúil den Chomhairle an tseachtain seo, go n-éireodh Larry Murrin as a chuid cúramaí ina Chathaoirleach ar Bhord Bia.
Glacadh le rún mímhuiníne i gCathaoirleach Bhord Bia ón Chomhairleoir Contae Michael McBride.
Dúirt sé nach bhféadfadh muinín a bheith ag feirmeoirí ann ina Chathaoirleach, agus thug sé le fios gur éirigh le rúin mhímhuiníne sa Chathaoirleach i gceithre cinn déag d’údaráis áitiúla eile go dtí seo.
Tá 55,000 feirmeoir ina mbaill de Bord Bia, agus is deacair daofa muinín a chur i Larry Mullin, agus feoil agus éanlaith ón Bhrasaíl á cheannach ag a chomhlacht, Dawn Farm Foods, a dúirt an Comhairleoir Michael McBride.
Bun Cranncha
Rinne an Comhairleoir Contae Fionnán Bradley cáineadh ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte as an mhoill fhada feabhas a chur ar sheirbhísí in Otharlann Pobail Bhun Cranncha.
Mhol sé ag cruinniú de Chomhairle Contae Dhún na nGall an tseachtain seo, iarraidh ar an Fheidhmeannacht Sláinte tús a chur láithreach leis an obair atá ag teastáil go géar in Otharlann Pobail Bhun Cranncha.
Tá easpa mór cumarsáide idir na húdaráis sláinte agus ionadaithe tofa na háite, agus níl sé seo maith go leor, a dúirt an Comhairleoir Bradley.
Teastaíonn seirbhísí cúraim faoisimh go géar i ndeisceart Inis Eoghain, mar a bhí ar fáil roimhe seo, a dúirt sé.
Tá fearg agus imní sa phobal faoi thodhchaí Otharlann Pobail Bhun Cranncha, de bharr an easpa infheistíochta atá á dhéanamh ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, a dúirt sé.
Ceadaíodh cead pleanála i 2019 chun síneadh a chur leis an fhoirgneamh agus chun athfhorbairt a dhéanamh ar an otharlann pobail, ach níor dearnadh dul chun cinn ar bith ar an togra ó shin, a dúirt an Comhairleoir Fionnán Bradley.
Cruinniú spóirt
Beidh tráthnóna eolais agus comhairliúcháin á reáchtáil ag an Aire Stáit Spóirt Charlie McConologue tráthnóna inniu i Leitir Ceanainn áit a dtabharfar eolas faoin Chiste áiseanna spóirt pobail.
Beidh an ócáid dírithe ar chlubanna spóirt i gCeantar Bardais Leitir Ceanainn/Bhaile na nGallóglach chomh maith le Ceantar Bardais Shrath an Urláir.
Dúirt an tAire McConologue go bhfuil méadú mór tagtha ar an tsuim atá i gcúrsaí spóirt sa chontae agus tá sé ag moladh do chlubanna, grúpaí pobail agus eagrais spóirt a bheith i láthair chun go mbeidh siad ar an eolas faoi dhóigheanna le hiarratas a dhéanamh ar mhaoiniú.
Beidh an ócáid ar siúl in Óstán Clanree i Leitir Ceanainn ar 7.30.