An Craoslach
Tá cead pleanála tugtha ag Comhairle Contae Dhún na nGall do Annette agus Danny Martin Lafferty stáisiún breosla úr a thógáil in aice leis an suíomh inar tharla tragóid an Chraoslaigh.
Chuir roinnt de na teaghlaigh a chaill daoine sa phléasc i 2022 inar maraíodh deichniúr i gcoinne an iarratais ar chead pleanála.
Dúirt siad go mbeadh an fhorbairt maslach agus dímheasúil.
Tá 17 gcoinníoll luaite leis an chead pleanála.
Bhronn Comhairle Contae Dhún na nGall cead pleanála roimhe seo ar úinéirí an tsuímh forbairt a thógáil ar láthair na tragóide ach cuireadh aighneachtaí faoi bhráid an Bhoird Pleanála agus tarraingíodh an cead pleanála siar.
Eitiltí
Tá fáilte curtha ag an Teachta Dála Pat the Cope Ó Gallachóir roimh dhearbhú an Tánaiste, Simon Harris, sa Dáil inné go bhfuil sé i gceist ag an Aire Iompair, Darragh O'Brien, fógra a dhéanamh an tseachtain seo chugainn go mbeidh sceideal eitiltí PSO Dhún na nGall go Baile Átha Cliath ag dul ar ais mar a bhí agus go mbeidh an t-eitleán lonnaithe i nDún na nGall thar oíche.
Thug an Tánaiste le fios gur phléigh sé féin an cheist le Cumann Ailse na hÉireann an tseachtain seo a chuaigh thart agus gur ceist í atá fíorthábhachtach do dhaoine i nDún na nGall, go háirithe othair a bhfuil ailse orthu.
Dúirt an Teachta Ó Gallachóir gur phléigh sé an cheist leis an Taoiseach, an Tánaiste agus leis an Aire Iompair go leanúnach ó cuireadh ar an eolas é faoi na hathruithe sa chonradh PSO úr agus go raibh sé dóchasach go gcuirfí na hathruithe i bhfeidhm faoi cheann roinnt seachtainí.
Tá sé ráite ag Eitiltí agus Seirbhísí Ailse cheana féin go mbeidh agóid acu i mBaile Átha Cliath an 14 Aibreán mura bhfaighidh siad dearbhú agus amlíne shoiléir i dtaca leis na heitiltí.
Bigil
Beidh bigil ar siúl ag an Eagraíocht Lifeline in Inis Eoghain tráthnóna inniu i gcuimhne Amy Doherty, máthair 28 mbliana d’aois as Doire, a fuair bás de bharr gortaithe tromchúiseacha a d’fhulaing sí Dé Sathairn seo a chuaigh thart agus le haird a tharaingt ar fhoréigean baile.
Dúirt Brídín Coyle, Bainisteoir Lifeline, go bhfuil an pobal faoi ghruaim agus feargach faoi bhás foréigneach mná eile.
Dúirt sí gur dúnmharaíodh 30 bean i dTuaisceart Éireann ó 2020 agus 37 bean eile sa Stát seo.
Ghabh póilíní ó Sheirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann fear 30 bliain d’aois maidir le dúnmharú Amy Doherty.
Cuirfear ainmneacha na mban a maraíodh go foréigneach sa tír ó 2020 i scríbhinn ar bhalla Ionad Lifeline in Inis Eoghain inniu le linn na bigile a bheidh ag toiseacht ag a 7 a chlog.
Foréigean Baile
Dúirt an Comhairleoir Contae Dakota Nic Mheanman go bhfuil foréigean baile in aghaidh na mban ag dul in olcas agus gur fadhb choitianta í anois.
Dúirt sí gur cheart don phobal uilig labhairt amach in éadan fhoréigin baile agus tacaíocht a thabhairt do mhná atá ag fulaingt ó fhoréigean fisiciúil nó foréigean mothúchánach.
Tá Seirbhísí Foréigin Baile Dhún na nGall lonnaithe i Leitir Ceanainn agus dúirt an Comhairleoir Nic Mheanman go bhfuil tacaíochtaí ar fáil acu do mhná atá i gcruachás.
Brící Lochtacha
Tá díomá léirithe ag an Teachta Dála Charles Ward faoin mhoill atá ar fhoilsiú an athbhreithnithe ar IS 465, an caighdeán a úsáidtear le tástáil a dhéanamh ar bhrící lochtacha.
Thug an Tánaiste Simon Harris le fios don Teachta Ward sa Dáil inné nach mbeadh an t-athbhreithniú críochnaithe go dtí mí an Aibreáin.
Bhí an t-athbhreithniú le foilsiú ag deireadh na míosa seo.
Dúirt an Teachta Ward nach bhfuil an mhoill seo maith go leor.
Tithíocht
Caithfear dlús a chur leis an obair chun tithíocht shóisialta a sholáthar i gceantar Ard an Rátha, a dúirt an Comhairleoir Contae Anthony Molloy.
Tá 30 teaghlach ar liosta feithimh tithíochta na Comhairle in Ard an Rátha, agus níl go leor á dhéanamh faoi láthair chun freastal ar an éileamh tithíochta sa cheantar, a dúirt sé.
Tá dul chun cinn á dhéanamh de réir a chéile, a dúirt sé, ach níl sé ag tarlú gasta go leor, dar leis.
Tá obair dheartha ar bun do scéim tithíochta sa cheantar faoi láthair ar shuíomh de chuid na Comhairle Contae.