CAMHS

Deir Teachta Dála Shinn Féin i gCiarraí, Pa Daly, nár cheart go mbeadh ar theaghlaigh dul tríd an strus agus an brú breise a bhaineann leis an athbhreithniú ar scéim CAMHS a fógraíodh inné chun freagraí a fháil ar an éagóir a deineadh orthu.

D'fhógair an tAire Stáit sa Roinn Sláinte, Mary Butler, inné go bhfuil an scéim cúitimh do dhaoine óga agus do theaghlaigh a raibh díobháil déanta dóibh i seirbhísí meabhairshláinte CAMHS i dTuaisceart Chiarraí le leathnú.

Ag labhairt ar Adhmhaidin inniu, dúirt Pa Daly go mba léir do chách, an HSE san áireamh, ón uair a foilsíodh tuarascáil Maskey i gCiarraí Theas, go gcaithfí an scéim cúitimh a leathnú, agus gach comhad i dtuaisceart Chiarraí a scrúdú.

Clinic

Tá sé dearbhaithe ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go bhfuil clinic for-rochtana diaibéitis Chathair Saidhbhín fós ag feidhmiú mar a bhíodh agus mar is ceart.

Dúradh leis an gComhairleoir Norma Moriarty ag cruinniú Fhóram Sláinte an Deiscirt inné go bhfuil an clinic ag leanúint i gcónaí ag tabhairt tacaíochta dóibh siúd a bhfuil diaibéiteas orthu in Uíbh Ráthach agus go bhfuil breis daoine ag úsáid na seirbhíse ó bunaíodh an tseirbhís Healthlink san áit anuraidh.

Bhí amhras ar an gComhairleoir Moriarty, a dúirt sí, go raibh an líon céanna othar ag freastal ar an gclinic toisc nach raibh na huaireanta an chloig breise ragoibre á maoiniú san áit, a mhaígh sí.

Dúirt an Muircheartach go raibh an ráta is airde diaibéitis sa chontae sa dúthaigh agus ná raibh uaithi ach go mbeadh seirbhís a bheadh ábalta freastal ar othair a bhfuil diaibéiteas orthu ar a bpaiste féin.

N86

Thug Feidhmeannaigh Chomhairle Contae Chiarraí geallúint ag cruinniú Cheantar Bardasach Chorca Dhuibhne Oileán Ciarraí inné go ndéanfar obair éigeandála ar an mbóthar fada, an N86, idir an Daingean agus Lios Póil i mbliana.

Tá sé i gceist dromchla sealadach a chur ar an mbóthar, mar réiteach gearrthéarmach agus dúirt an Chomhairle inné go bhfuil iarratas déanta acu ar mhaoiniú chun na hoibreacha seo a chur i gcrích.

Phoenix

Chaill an comhlacht Dingle Phoenix Projects, a bhunaigh an t-aisteoir Cillian Murphy is a bhean chéile Yvonne McGuinness chun athbheochan a dhéanamh ar sheanphictiúrlann an Phoenix sa Daingean, os cionn €46,000 sa chéad 15 mhí den gcomhlacht.

Tá an t-eolas seo ar fáil i ráitis airgeadais an chomhlachta ó Mheán Fómhair 2024 go dtí deireadh na bliana anuraidh.

Cheannaigh Murphy agus McGuinness seanphictiúrlann an Phoenix sa Daingean i ndeireadh na bliana 2024 agus fuarthas cead pleanála an mhí seo caite an láthair a athbheochan mar phictiúrlann agus áis ealaíne.

Tháinig sé chun solais inné, áfach, go bhfuil dhá achomharc fachta ag an gCoimisiún Pleanála i leith na forbartha.

Cuireadh os cionn €930,000 ar fáil tríd an Scéim Athnuachana agus Forbartha Tuaithe anuraidh chun an togra a chur chun cinn.

Óstán

Tá óstán iomráiteach Ghúgán Barra i nGaeltacht Mhúscraí ag athoscailt inniu do bhiaiste na bliana 2026 agus an t-óstán 90 bliain ar an bhfód i mbliana.

Tá cáil bainte amach le blianta ag an óstán as feabhas a gcuid bídh is óstaíochta agus deir úinéir an óstáin, Niall Ó Luasa, go bhfuil méadú ag teacht ar líon na gcuairteoirí a thagann sa tóir ar ghnéithe de chultúr ársa Mhúscraí.

Dála scata úinéir óstán eile ar fuaid na tíre, deir an Luasach go bhfuil sé ar tinneall ag tús na biaiste go háirithe agus iad ag brath ar chuairteoirí ó Mheiriceá ach go bhfuil ana iontaoibh aige as margadh na hÉireann i gcónaí.

Óstán

Reachtálfar Comhdháil Eorpach na hOlann in Ostán an Meadowlands i dTrá Lí amárach agus gan aon ticéad fágtha do mhórán dos na himeachtaí atá á n-eagrú timpeall ar an gcomhdháil féin.

Táthar ag súil le cuairteoirí ó cheithre harda na hÉireann chomh maith leis an mBreatain Bheag, Albain, Sasana agus Mór Roinn na hEorpa don ndeireadh seachtaine.

Tá feirmeoirí caorach na tíre seo ag cáiseamh an easpa luach a chuirtear ar a gcuid olann le blianta fada anois agus iad ag cailliúint airgid le fada ar bhearradh an gcaorach féin.

Is í an Feisire Eorpach Maria Walsh a dh'osclóidh an Chomhdháil amárach agus cuirfidh an Feisire Cynthia Ní Mhurchú clabhsúr léi.

Coláiste Dhún Garbhán

Síneofar cáipéis i gColáiste Dhún Garbhán ag meán lae inniu ag dearbhú gur scoil tearmainn é Coláiste Dhún Garbhán, an chéad mheánscoil dá leithéid ar an mbaile agus sna hIar-Dhéise.

Séard atá i gceist le scoil tearmainn ná scoil a thugann aitheantas dos na dúshláin a bhíonn ag teifigh agus lucht iarrtha tearmainn agus a chruthaíonn timpeallacht shlán, shábháilte fháiltiúil do scoláirí.

Gallaras

Beidh lá mór ar ghort caide Ghallarais Cois Cnoic amárach ach a n-imreofar an chéad chluiche sraithe ar an ngort ó osclaíodh 7 mbliana ó shin é.

Tá an pháirc sheanabhunaithe i nGallaras Cois Trá iata le haghaidh forbartha le leath bhliain agus beidh an pháirc nua cois cnoic á húsáid ag an gcumann chun a gcluichí sraithe baile a imirt as seo go dtí deireadh an tsamhraidh.

Tá botháin stórála agus áiseanna taobhlíne tógtha le roinnt seachtainí anuas ag an gcumann agus an áit ullamh anois don gcluiche in aghaidh Naomh Muire Chathair Saidhbhín ar a 4pm amárach.

Beidh deis ag daoine clárú leis an gcumann don mbliain 2026 ag seisiún a bheidh sa Chlubáras i nGallaras cois trá idir 5:30 agus 6:30 tráthnóna inniu.

Cabhlach na Fraince

Tá 6 bhád oiliúna de chuid chabhlach na Fraince ag tabhairt cuairt cúirtéise inniu ar Chalafort Chorcaí.

Baintear úsáid as na báid seo, ar a dtugtar "les batueax-ecole" le daltaí an chabhlaigh a oiliúint i gcúrsaí loingseoireachta agus tarrthála.