Gabhla

Tuigtear go bhfuil Uisce Éireann i dteagmháil le Comhairle Contae Dhún na nGall faoi na féidearthachtaí a bheadh ann tancaer a thabhairt go Gabhla le soláthar uisce a chur ar fáil ar an Oileán.

Tá an tOileán gan uisce ón Samhradh agus imní léirithe ag an phobal agus ag ionadaithe poiblí.

Tuigtear go bhfuil sé i gceist ag Uisce Éireann cuairt a thabhairt ar an Oileán sna laethanta amach romhainn le scrúdú a dhéanamh ar shuíomh fóirsteanach don tancaer.

Dúirt an Comhairleoir Contae Micheál Choilm Mac Giolla Easpaig gur socrú gearrthéarmach é seo agus go leanfaidh sé ag cur brú ar Uisce Éireann píopa uisce buan a chur ar fáil idir Ghabhla agus tír mór.

Idir an dá linn, léirigh an Comhairleoir Mac Giolla Easpaig imní faoin phíosa de phíopa atá go fóill ina luí ar bharr an uisce rud atá contúirteach, a dúirt sé.

Doire

Beidh ócáid ar siúl in Ollscoil Dhoire inniu chun todhchaí na Cathrach agus todhchaí Réigiún an Iarthuaiscirt a phlé.

Tá dlúthcheangal idir an Ollscoil agus Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh i Leitir Ceanainn chomh maith le Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall agus dhéanfar plé inniu ar an cheangal láidir atá eatarthu le mic léinn a choinneáil sa réigiún nuair a chríochnaíonn siad a gcuid oideachais.

Dúirt Malachy Ó Néill, Stiúrthóir um Rannpháirtíocht Réigiúnach Ollscoil Uladh, go ndéanfar plé ar dheiseanna fostaíochta agus ceisteanna a bhaineann le cúrsaí tithíochta agus dúirt sé go bhfuil féidearthachtaí móra sa Réigiún.

Táthar ag dúil go mbeifear in ann plean a leagan amach leis an féidearthachtaí sin a chur chun cinn ag ócáid an lae inniu, a dúirt sé.

Tithe

€271,000 an meánphraghas atá ar theach leathscoite trí sheomra leapa i nDún na nGall i láthair na huaire, ardú 5.8% i gcomparáid leis an tréimhse chéanna anuraidh.

Sin de réir na tuairisce is deireanaí ó shuíomh tithíochta DAFT.ie inniu.

Go náisiúnta €435,000 an meánphraghas ar theach leathscoite trí sheomra leapa sa chéad ráithe i mbliana.

€358,000 an meánphraghas a bhí ar theach leathscoite ceithre sheomra leapa sa Chontae sa chéad ráithe i mbliana.

Léirítear de réir na tuairisce gur €190,000 an meánchostas le teach úr a thógáil i nDún na nGall le bliain anuas.

Otharlann Leitir Ceanainn

Tá 25 post le líonadh go fóill in Otharlann Leitir Ceanainn, a cuireadh in iúl ag cruinniú d'Fhóram Sláinte an Réigiúin an tseachtain seo.

Ina measc tá 12 fholúntas do phoist Dhochtúirí Comhairleacha Sinsearacha le líonadh i rannóga éagsúla san Otharlann.

Tá Dochtúir Comhairleach Deirmeolaíochta úr deimhnithe d’Otharlann Leitir Ceanainn agus beidh an té seo ag dul i mbun dualgais san Otharlann go luath.

Cuireadh in iúl ag an chruinniú an tseachtain seo go mbeidh an post don dara Dochtúir Comhairleach Úireolaíochta á fhógairt arís ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Tá Dochtúir Comhairleach Úireolaíochta sealadach ag obair san Otharlann le fada go dtí go líonfar an post buan, a dúradh.

Gluaiseacht Eorpach

Beidh Ceardlann a reáchtáil sa Lár-Leabharlann i Leitir Ceanainn inniu i gcomhar le Gluaiseacht Eorpach na hÉireann le ceisteanna maidir leis an Aontas Eorpach a phlé.

Bhéarfar eolas ar na tuairimí atá ag an phobal ar cheisteanna a bhíonn á bplé san Eoraip agus an tionchar atá ag an Aontas Eorpach ar an phobal.

I measc na n-ábhar a bheidh á bplé beidh Comhaontú Mercosur.

Pléifear fosta na hathruithe gur mhaith leis an phobal a fheiceáil san Aontas agus dóigheanna le caidreamh níos fearr a chothú idir an phobal agus an tAontas Eorpach.

Beidh an ócáid ar siúl ar 6.30 tráthnóna inniu.

Líonra Leitir Ceanainn

Tá sé beartaithe ag Líonra Leitir Ceanainn cúrsa a reáchtáil do dhéagóirí sa tSamhradh le blaiseadh a thabhairt daofa den Ghaeltacht.

Tá siad ag cur liosta feithimh le chéile agus ag lorg eolais ó pháistí a mbeadh suim acu freastal ar an chúrsa a bheidh ar siúl i Leitir Ceanainn.

Dúirt Bairbre Uí Chathail, Comhordaitheoir Pleanála Teanga Líonra Leitir Ceanainn, go dtabharfar blaiseadh do dhaoine óga de rudaí a bheadh ar siúl dá mbeadh siad ag freastal ar chúrsa Gaeltachta.