Otharlann Leitir Ceanainn
Ábhar imní go bhfuil moill fhada, moill suas 26 lá, ar othair a ligean na bhaile ó Otharlann Leitir Ceanainn, a dúirt an Comhairleoir Contae Gary Doherty ag cruinniú d'Fhóram Sláinte an Iarthair agus an Iarthuaiscirt inné.
38 othar in Otharlann Leitir Ceanainn atá ag fanacht le fáil na bhaile faoi láthair ach dúirt Bainisteoir Sláinte Cheantar Dhún na nGall Dermot Monaghan nach bhfuil na hacmhainní ar fáil ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte le freastal ar na hothair seo.
Dúirt sé go bhfuil fadhbanna móra earcaíochta i gceantair thuaithe sa chontae le seirbhís Cúraim Baile a chur ar fáil do na hothair ina mbaile fhéin.
Mol Máinliachta
Caithfidh Bainistíocht Otharlann Leitir Ceanainn polasaí daingean a chur i bhfeidhm lena chinntiú nach mbainfear úsáid as acmhainní Mhol Máinliachta úr Otharlann Leitir Ceanainn nuair a bheidh seirbhísí na hOtharlainne faoi bhrú, a dúirt an Comhairleoir Gary Doherty.
Tugadh le fios ag cruinniú d’Fhóram Sláinte an Iarthair agus an Iarthuaiscirt inné go bhfuil na polasaithe oibríochta don Mhol Máinliachta á bhforbairt faoi láthair agus go mbeidh na seirbhísí lae in ann feidhmiú go neamhspleách ó Rannóg Éigeandála Otharlann Leitir Ceanainn.
Ailse
Dea-scéal go bhfuil beirt Chomhairleoirí Brollaigh úra fostaithe ag Otharlann Leitir Ceanainn le dhul i ngleic leis an liosta fada feithimh do sheirbhísí Brollaigh sa chontae, a dúirt an Comhairleoir Contae Declan Meehan ag cruinniú d’Fhóram Sláinte an Iarthair agus an Iarthuaiscirt inné.
Tá 540 othar ar an liosta feithimh sa chontae faoi láthair agus tá 257 othar acu seo ag fanacht ar chóir leighis le os cionn 84 lá.
Tá Raideolaí Brollaigh agus Máinlia Brollaigh fostaithe anois agus beidh ceithre chlinic brollaigh sa tseachtain á gcur ar fáil san Otharlann ó seo amach, a dúirt sé ag cruinniú an lae inné.
Fóram Sláinte
Cuireadh in iúl ag cruinniú d’Fhóram Sláinte an Iarthair agus an Iarthuaiscirt inné fosta nach bhfuil an foirgneamh ina raibh Ionad Sláinte Chill Mhic Réanáin lonnaithe sular druideadh é in 2024 fóirsteanach d’Ionad Sláinte Príomha.
Dúradh go mbeidh Feidhmeannacht Seirbhíse Sláinte ag cur an fhoirgnimh ar an mhargadh i gceann míosa muna bhfuil suim ag Rannóga Stáit eile an foirgneamh a ghlacadh ar láimh.
Beidh tairiscintí á lorg ag an Fheidhmeannacht go luath le suíomh nó foirgneamh eile a aimsiú a bheidh fóirsteanach mar Ionad Sláinte Príomha do phobal Chill Mhic Réanáin agus Bhaile na nGallóglach nuair a cheadaítear an cás gnó.
Tithíocht
Tá iarrachtaí ar bun go leanúnach ag an Chomhairle Contae le cúrsaí fuinnimh a fheabhsú i stoc tithíochta na Comhairle Contae.
Tugadh taispeántas ar Éifeachtúlacht Fuinnimh do Choiste Tithíochta na Comhairle ar na mallaibh agus cuireadh in iúl go bhfuil ardú ón bhliain 2021 ar na bearta atá i gcur i bhfeidhm agus an trealamh atá á fheistiú i dtithe sóisialta na Contae.
Rinneadh oibreacha feabhsúcháin dírithe ar chúrsaí fuinnimh i 52 teach sa bhliain 2021 ar chostas €3.7m agus tá sé i gceist tuilleadh bearta a chur i bhfeidhm agus trealamh a fheistiú i 409 teach i mbliana ar luach €10.6m.
Carrchlós na Mucaise
D’iarr an Comhairleoir Contae Michael McClafferty ar Chomhairle Contae Dhún na nGall leithris a chur ar fáil i gcarrchlós na Mucaise roimh thús shéasúr an tsamhraidh.
Dúirt sé go bhfuil géarghá le leithris phoiblí anseo, ó rinneadh forbairt ar an chosán siúil ón Fhál Carrach fhad leis an Mhucais.
Rinne sé achainí ar an Chomhairle Contae, ag cruinniú de Choiste Cheantar Bardais na nGleanntach ar na mallaibh, achan iarracht a dhéanamh leithris a chur ar fáil ag an Mhucais chomh luath agus is féidir.