Páidí Ó Sé

Ag cruinniú Chomhairle na Mumhan de Chumann Lúthchleas Gael tráthnóna aréir, glacadh leis an rún go n-ainmneofaí Corn Sinsir Caide Chúige Mumhan in onóir Pháidí Uí Shé, nach maireann, Iar-Bhainisteoir agus Iar-Imreoir ar fhoirne caide Chiarraí agus na Gaeltachta, agus tabhairneoir ó Ard an Bhóthair, Fionn Trá.

11 bhonn a bhuaigh Páidí Ó Sé mar imreoir i gCraobhchomórtas na Mumhan agus 8 mbonn Uile Éireann.

Agus é ina bhainisteoir, bhuaigh foireann Chiarraí Craobh na Mumhan seacht n-uaire agus Craobh na hÉireann faoi dhó.

Cailleadh é in 2012 in aois 57 mbliana.

Bhí moladh eile os comhair na Comhairle go n-ainmneofaí an Corn i gcuimhne Mhichíl Uí Ógáin ó Thiobraid Árann, a maraíodh i bPáirc an Chrócaigh Domhnach na Fola 1920.

Tá Ardán Uí Ógáin ainmnithe in onóir Mhichíl Uí Ógáin.

Scannánaí Corcaíoch

Tá sé fógartha ag Údarás na Gaeltachta ar maidin go bhfuil an coimisiún don dtogra nua ealaíne pobail ar Champas Íosagáin i mBaile Bhuirne bronnta ar an Scannánaí Corcaíoch Mary Keane.

Beidh sí ag obair le pobal Mhúscraí, le hiarscoláirí Choláiste Íosagáin, a bhí ina mheánscoil chónaithe ó aimsir na dtriochaidí go dtí gur dúnadh é sna 1980í, agus i gcomhar leis an gcompántas rince Teaċ Dasa ón nGlaise Bheag i gCorca Dhuibhne ar scannán nua a fhorbairt, ag sníomh cuimhní, scéalta agus rince le chéile mar chomóradh ar oidhreacht Choláiste Íosagáin agus ar a athfhorbairt don 21ú haois.

Tá sí dulta i mbun na hoibre cheana féin le grúpaí pobail agus le muintir Mhúscraí, ag bailiú smaointe agus cuimhní cinn agus tá sé fógartha aici go bhfuil sí ag lorg smaointe ó iarscoláirí an Choláiste.

Tithíocht

Ní ann don bPróiseas Pleanála Teangan agus cúrsaí mar atá, agus ní fiú é má tá daoine óga glanta amach as an nGaeltacht ag an ngéarchéim tithíochta.

Sin a dúirt an tOifigeach Pleanála Teangan i gCiarraí Thiar, Éibhín Ní Shlatara, tráthnóna inné, ag an gCoiste Oireachtais um Thithíocht, Rialtas Áitiúil agus Oidhreacht.

I ráiteas leis an gCoiste, dúirt sí go bhfuil baol ann go gcaillfear an nasc ar leith atá sa Ghaeltacht idir teanga, oidhreacht, chultúr, agus an áit dúchais, munar féidir le daoine óga cur fúthu sa Ghaeltacht agus clann a thogaint ann.

Mol nua sláinte

Tá mol nua sláinte do mhná oscailte i dTrá Lí ag cur seirbhísí máithreachais agus gínéiceolaíochta ar fáil in aon ionad amháin don gcéad uair i gCiarraí.

Ar Bhóthar John Joe Sheehy atá an t-ionad, agus tá sé fé stiúir fhoireann ildisciplíneach Ospidéal na hOllscoile, Ciarraí.

Tá seirbhísí éagsúla ar fáil ann lena n-áirítear cúram faoi stiúir na mban cabhrach, oideachas réamhbhreithe, tacaíocht iarchúraim, agus fisiteiripe.

Deir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go bhfuil an t-ionad dírithe ar chúram níos comhordaithe a chur ar fáil do mhná ag céimeanna éagsúla dá saoil, i gcomhréir leis an straitéis Sláintecare.

Stadanna bus

Tá stadanna bus nua agus uasghrádaithe beartaithe i gCorca Dhuibhne agus in Uíbh Ráthach mar chuid de Chlár Forbartha Chomhairle Contae Chiarraí.

Ag cruinniú na Comhairle an tseachtain seo, tugadh le fios don gComhairleoir Paul Daly go bhfuil Abhainn an Scáil, Baile an Fheirtéaraigh, Ceann Trá, an Daingean, Dún Chaoin, Cé Bhréanainn, Lios Póil agus Inse san áireamh sa Phlean.

Tá obair beartaithe chomh maith i gceantar Uíbh Ráthaigh, i gCathair Saidhbhín, sa Choireán, i gCathair Dónall, sa tSnaidhm agus i mBaile an Ridire.

Tá roinnt de na suíomhanna seo fós ag céim an dearaidh, agus táthar ag súil go gcuirfear tús leis an obair thógála níos déanaí i mbliana, ag brath ar cheadanna agus ar mhaoiniú.

Is cuid é seo de chlár níos leithne a bhaineann le 48 baile agus sráidbhaile ar fud Chiarraí, chun feabhas a chur ar sheirbhísí iompair phoiblí.

An Post

Cuireadh Seirbhísí agus Cleachtais Oibre An Post fé dhianscrúdú ag cruinniú coicísiúil Chomhairle Chontae Chorcaí an tseachtain seo nuair a deineadh plé ar rún ó bheirt Chomhairleoirí, Finbarr Harrington agus Cathal Rasmussen.

Cé gur ar chúrsaí oibre in oifigí sórtála an chomhlachta a bhí an rún dírithe, ba léir go tapa go raibh ana chuid mhíshástachta ann fé chúrsaí poist go ginearálta.

Labhair Comhairleoir i ndiaidh comhairleora fé litreacha a bheith déanach nó imithe amú ar fad.

Dúirt an Comhairleoir Harrington gur mór an trua nach féidir braith ar An Post a thuilleadh, chun na litreacha a sheachadadh in am tráth, agus dar leis, is é an easpa foirne is mó atá ina cúis leis seo.

Bhí Cathal Rasmussen den dtuairim go bhfuil níos mó suime ag An Post i mbeartáin fé láthair, leis an dtóir atá ar shiopadóireacht ón mbaile agus go bhfuil na gnáthlitreacha fágtha in áit na leathphingine acu.

Do shocraigh na baill scríobh dtí an Teachta Dála Alan Kelly, atá ina Chathaoirleach ar Chomhchoiste an Oireachtais ar Chúrsaí Cumarsáide ag iarraidh go dtabharfaí cuireadh do Phríomhfheidhmeannach An Post, agus ar an Aire Cumarsáide, Patrick O'Donovan, teacht os comhair an Choiste leis an scéal a phlé agus a mhíniú.

Radón

Tá scéim nua seolta ag Leabharlann Chathair agus Chontae Phort Láirge, le gléasanna monatóireachta don ngás Radón a thabhairt ar iasacht don bpobal ón leabharlann.

Gás radaighníomhach a bhíonn go nádúrtha sa timpeallacht is ea an radón, ach i gcásanna áirithe is féidir leis bailiú istigh i dtithe ag tiús a d’fhéadfadh a bheith ina chúis ailse do dhaoine.

Leis an scéim nua is féidir gléas tomhaiste radóin a thógaint ar iasacht trí seachtainí ón leabharlann díreach ar nós leabhair.

Ag seoladh na scéime dúirt Méara Phort Láirge gur beart simplí é seo a d’fhéadfadh fíor-dhifríocht a dhéanamh don tsláinte.

Dúirt Ann-Marie Lawlor ó Fheidhmeannacht Sláinte an Oirdheiscirt, go mbíonn an radón ina chúis ailse i 350 cás gach bliain in Éirinn.