Triail

Phléadáil fear 39 mbliana d'aois as Gaoth Dobhair neamhchiontach i ndúnmharú a athar mhóir thar dhá bhliain ó shin de bharr é a bheith as a mheabhair.

Dúirt Abhcóide an Ionchúisimh, Patricia McLaughlin, sa Phríomh-Chúirt Choiriúil inné, gur fhulaing Derek Mulligan, ón Bhun Beag ó dhúchas ach a raibh seoladh aige ar an Charraig i nDoirí Beaga ag an am, mí-úsáid ghnéis thromchúiseach nuair a bhí sé ina pháiste agus go raibh fadhbanna meabhairshláinte leanúnacha aige ó bhí sé ina dhéagóir.

Thug sí le fios go raibh na dochtúirí comhairleacha síciatracha don Stát agus don chosaint ar aon intinn go raibh Derek Mulligan ag fulaingt le neamhord meabhrach nuair a mharaigh sé a athair mór, Derek Burns, 78 bliain d’aois i nGaoth Dobhair an 19 Nollaig 2023.

Leanfar leis an triail inniu os comhair an Bhreithimh Eileen Creedon agus giúiré de sheachtar fear agus cúigear ban.

Breosla

Tá an t-ardú suntasach atá tagtha ar luach an bhreosla le cúpla seachtain scáfar, a dúirt Joseph Mangan ó Chomhlacht Busanna Mangan atá lonnaithe i nGort an Choirce.

Dúirt sé go bhfuil an t-ardú ag cur brú millteanach ar achan duine agus go gcaithfidh an Rialtas bearta a fhógairt inniu a thabharfaidh faoiseamh, ní hamháin do chomhlachtaí taistil ach don gnáthdhuine chomh maith, a dúirt sé.

Cuireann Busanna Mangan seirbhísí laethúla bus ar fáil go Leitir Ceanainn agus dúirt Joseph Mangan go gciallaíonn an t-ardú atá tagtha ar luach an bhreosla go bhfuil méadú €25,000 sa bhliain i gceist do bhus amháin agus méadú €200 i gceist le hachan turas bus a dhéanann siad go Sasain.

Dúirt sé gur cheart go mbeadh bearta curtha i bhfeidhm ag an Rialtas roimhe seo, go raibh barraíocht moilleadóireachta ann agus nach bhfuil dóchas mór aige go bhfógrófar cuidiú ar bith a bheidh suntasach inniu.

Coiste Oireachtais

Beidh ionadaithe ó Chumann Próiseálaithe agus Easpórtálaithe Éisc na hÉireann i láthair ag Coiste um Iascach agus Gnóthaí Muirí an Oireachtais inniu, áit a bpléifidh siad ceisteanna a bhaineann le Cosaint Iascaigh Mhara.

Deir an Cumann go gcaithfidh na rialacha agus na rialacháin a bhaineann le cúrsaí iascaigh a bheith cothrom, cóir agus curtha i bhfeidhm ar bhealach comhoiriúnaithe sna ballstáit uilig.

Cuirfear tús leis an choiste ag a 11 a chlog.

Comharthaí Gaeltachta

D’iarr an Comhairleoir Contae Anthony Molloy ar Chomhairle Contae Dhún na nGall comharthaí "Fáilte go dtí an Ghaeltacht" a chur in airde in iardheisceart Dhún na nGall, mar a cuireadh in airde le gairid ar bhealach Chúl na hEaragaile.

Mhol sé go gcuirfí na comharthaí in airde sula mbeidh Cluichí Ceannais Náisiúnta Chomórtas Peile na Gaeltachta ar siúl i gCill Charthaigh ag tús mhí an Mheithimh.

Dúirt sé go mbeidh na mílte ag tarraingt ar Chill Charthaigh don Chomórtas Peile, agus go gcuirfeadh na comharthaí cuma mhaith ar an cheantar mar cheantar Gaeltachta.

Tá pobal láidir Gaeltachta in iardheisceart na contae agus tá sé tábhachtach aitheantas a thabhairt don cheantar sin, a dúirt an Comhairleoir Molloy.