Ollscoil Phort Láirge
Tá an chéad fhoirgneamh ar champas nua fiontraíochta Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt oscailte go hoifigiúil ag an dTaoiseach Mícheál Martin.
Foirgneamh a hAon atá ar an áras nua, a tógadh ar chostas €43 milliún agus ina mbeidh 800 duine ag obair i bhfad na haimsire.
Is é seo an chéad chéim in athfhorbairt sheanláthair déantúsaíochta Waterford Crystal ar imeall na cathrach, atá díomhaoin le nach mór 20 bliain.
Tá 37 n-acra sa champas ar a dtugtar "Glassworks", a ndéanfar suíomh fiontraíochta de, atá le taobh champas na hollscoile, an chéad suíomh dá leithéid in Éirinn. Meastar go mbeidh 6,000 duine ag obair sna foirgnimh éagsúla ar an gcampas nuair a bheidh sé críochnaithe.
Tá an chéad fhoirgneamh tráchtála maoinithe ag comhfhiontar a bunaíodh idir Ciste Infheistíochta Straitéisí d'Éirinn agus an comhlacht tógala Déiseach Frisby, agus táthar ag súil go mbeidh níos mó ná na hoifigí ar cíos fé cheann míosa.
Cléire
Beidh a gcruinniú cinn bhliana ag Comhdháil Oileáin na hÉireann i gCléire an mhí seo chugainn.
Is é an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary, a osclóidh an chomhdháil go hoifigiúil ar an Luan an 20 Aibreán agus sé téama na bliana seo An Costas Maireachtála ar na hOileáin.
Bunaíodh Comhdháil Oileáin na hÉireann in 1984 agus é mar aidhm léi aird a dhíriú ar na dúshláin a bhí ag na hoileánaigh agus iad ag dul i ngleic le ceisteanna forbartha socheacnamaíochta, nach raibh an aird chéanna á fháil acu ag leibhéal réigiúnach ná náisiúnta.
Bonneagar
Tá rún ag an gComhairleoir Breandán Mac Gearailt ón nDaingean ar chlár cruinnithe Chomhairle Contae Chiarraí inniu agus é ag moladh go n-iarrfadh an Chomhairle ar an Aire Airgeadais sciar áirithe den mhaoiniú ó ranna rialtais atá i bhfeighil bonneagar riachtanach, ar nós tithíocht, bóithre, uisce agus fuíolluisce, a chur i leataobh dos na ceantair Ghaeltachta.
Molann sé gur fén údarás áitiúil a bheadh sé ansan iarratas a dhéanamh ar an gciste maoinithe sin, agus an t-airgead a chaitheamh in áiteanna ar nós na ceantair Ghaeltachta i gCorca Dhuibhne agus Uíbh Ráthach.
Peataí
In agallamh d’Adhmhaidin inniu, dúirt Elaine Dold, ó Lios Póil go bhfuil gá le cinnteacht ó thaobh na rialacha atá i bhfeidhm agus daoine ag tabhairt gadhar, cat nó peata eile leo ar sheirbhísí iompair poiblí.
Cuireadh 1,930 aighneacht fé bhráid an Údaráis Náisiúnta Iompair le linn tréimhse comhairliúcháin phoiblí le déanaí, maidir le cead taistil a thabhairt do pheataí ar sheirbhísí iompair poiblí.
Easpag Caitliceach Chiarraí
Beidh easpag Chiarraí, Réamonn de Brún, i láthair i Sáipéal Naomh Uinseann ar an mBuailtín inniu mar a mbeidh 38 dalta scoile ó bhunscoileana i bparóiste an Fheirtéaraigh ag dul faoina láimh.
Searmanas é seo a bhíonn geachaire bliain sna paróistí i nDeoise Chiarraí agus daltaí ó rang a 5 agus rang a 6 ó Scoil Naomh Eirc, Scoil na Muirí, scoileanna Bhaile an Fheirtéaraigh agus Dhún Chaoin a bheidh páirteach i searmanas an chóineartaithe a thosnóidh ar a 11 maidin inniu.
Daingean Uí Chúis
Beidh a gcruinniú bliantúil oscailte ag Cumann Lucht Trádála an Daingin i Halla na Measarthachta sa Daingean anocht.
Beidh roinnt aoichainteoirí ag an gcruinniú, ionadaí ón nGarda Síochána ina measc, agus tabharfar éachtaint chomh maith ar a bhfuil bainte amach le bliain anuas ag lucht gnó an bhaile.
Lóistín
Beifear ag cur leis an lóistín atá ar fáil sa Daingean sna seachtainí amach romhainn i bhfianaise go bhfuil obair athchóirithe ar siúl ar sheanóstán an Hillgrove, go bhfuil óstán nua 15 sheomra leapa ar tí oscailt ar Shráid Eoin agus go bhfuil árasáin bhreise forbartha agus ullamh le n-oscailt ag an fear gnó Brian de Staic ar chúl Shráid an Doirín.
Tithe
Tá meánmhéadú 2.7% tagtha ar phraghas an tí leathscoite ina bhfuil trí sheomra leapa i gCiarraí le ráithe anuas, go dtí €385,000 de réir na bhfigiúirí atá foilsithe inniu ag an gcomhlacht sealúchais REA.
Tháinig méadú 2.5% ar an bpraghas i gContae Phort Láirge, go dtí €302,500, agus 1.1% fán i gcontae Chorcaí, go dtí €270,000.