Eitiltí Dhún na nGall

Próiseas agus ní cinnteacht a bhí sa chomhfhreagras is deireanaí faoi eitiltí PSO Dhún na nGall a fuair Coiste Eitiltí agus Seirbhísí Ailse Dhún na nGall ón Aire Iompair ag an deireadh seachtaine, a dúirt an tAthair Brian Ó Fearraigh, ball den choiste.

Ag labhairt dó ar Adhmhaidin inniu, dúirt an tAthair Ó Fearraigh gur eitleáin agus ní próiseas a thugann othair a bhfuil ailse orthu chuig coinní i mBaile Átha Cliath.

Dúirt sé go bhfuil go leor cainte déanta faoi na heitiltí ach go bhfuil sé in am anois beart a dhéanamh agus cinnteacht a thabhairt d'othair atá ag brath ar an tseirbhís aeir.

Tá an agóid a bhí le bheith ag Eitiltí agus Seirbhísí Ailse Dhún na nGall i mBaile Átha Cliath amárach curtha siar ar feadh coicíse le deis a thabhairt don Aire próiseas na n-eitiltí a chur i gcrích ach dúirt an tAthair Ó Fearraigh go mbeidh a bhfeachtas ag leanstan go dtí go gcuirfear an sceideal ar ais mar a bhí.

An tAire Dara Calleary

Tá maoiniú caipitil €6.2 milliún ceadaithe ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary, ón Chiste um Oileán Comhroinnte do thionscadail Ghaeilge agus Ultaise i dTuaisceart Éireann agus i gcontaetha na teorann.

Tá suas le €4.8 milliún thar thréimhse 4 bliana ceadaithe don Chiste Infheistíochta Gaeilge agus tá thar €1.4 milliún ceadaithe do Chomhpháirtíocht Chultúrtha an Iarthuaiscirt.

Beidh an tAire Calleary i gContae Dhún na nGall níos moille inniu, áit a ndéanfaidh sé Páirc Phobail Shráidbhaile an Lathaigh agus Clós Súgartha Chaisleán na Finne a oscailt go hoifigiúil.

Coinníoll Teanga

Beidh ceardlann dírithe ar choinníoll teanga a reáchtáil ag Comhairle Contae Dhún na nGall inniu.

De réir Phlean Forbartha na Contae caithfear coinníoll teanga a chur i bhfeidhm i ngach scéim tithíochta sóisialta agus príobháideach a thógfar feasta sa Ghaeltacht, áit a mbeidh ar 85% de na daoine Gaeilge a bheith acu.

Tugadh cuireadh do shaineolaithe teanga a bheith i láthair ag ceardlann an lae inniu le treoir agus eolas a thabhairt don Chomhairle ar dhóigheanna leis an choinníoll teanga a chur i bhfeidhm.

Beidh an cheardlann ar siúl i gCeannáras na Contae i Leifear inniu ar 2pm.

Mhol an Comhairleoir Contae Micheal Mac Giolla Easpaig na horduithe seasta a chur ar ceal ag an cheardlann inniu le cur ar a gcumas plé fiúntach a dhéanamh ar chur i bhfeidhm gníomhach an choinníll teanga.

Tithe

Tháinig ardú 3.6% ar luach tithe leathscoite dara láimhe i nDún na nGall a bhfuil trí sheomra leapa iontu le trí mhí.

€215,000 an meánphraghas atá ar thithe den chineál sin sa chontae faoi láthair de réir an eolais is deireanaí ó ghrúpa ceantálaithe REA.

Tháinig ardú 4.8% go €220,000 ar an mheán ar thithe i mBun Dobhráin agus ardú 2.4% go €210,000 ar thithe i mBaile na nGallóglach le trí mhí, de réir fhigiúirí REA.

Drugaí

Bhí Leitir Ceanainn i measc na n-áiteanna inar tháinig laghdú suntasach ar líon na ndaoine a ciontaíodh i gcúiseanna drugaí anuraidh, de réir an eolais is deireanaí atá faighte ag an Fheisire Eorpach Cynthia Ní Mhurchú.

Léiríonn an t-eolas gur 48 duine a ciontaíodh i gcúiseanna drugaí i gCúirt Dúiche Leitir Ceanainn anuraidh, laghdú 30% i gcomparáid le 2024 nuair a ciontaíodh 69 duine.

Ochtar déag a ciontaíodh i gcúiseanna drugaí i gCúirt Dúiche Dhún na nGall anuraidh, ardú 12.5% i gcomparáid le 2024.

5,440 duine a ciontaíodh i gcúiseanna drugaí ar fud na tíre anuraidh, ardú 5% i gcomparáid le 2024.

Deir an Feisire Ní Mhurchú go bhfuil úsáid drugaí i bhfad níos forleithne ná mar a léiríonn líon na gciontuithe agus go gcaithfear aghaidh a thabhairt air.

Tá difear mór i líon na gciontuithe drugaí de réir cúirte agus caithfear seo a fhiosrú a dúirt sí.