Trágóid Ché Bhun Cranncha
Deich mbliana sa lá inniu a tharla an tragóid ag Cé Bhun Cranncha áit ar bádh cúigear. Bhí an tragóid seo ar cheann de na tragóidí cósta ba mheasa a tharla riamh sa chontae agus beidh imeachtaí ar siúl le comóradh a dhéanamh ar an tragóid.
Bádh Sean McGrotty agus a bheirt mhac Mark agus Evan chomh maith lena mháthair chéile Ruth Daniels agus a iníon Jodie Lee nuair a shleamhnaigh a gcarr ó Ché Bhun Cranncha isteach san fharraige.
D'éirigh le Davitt Walsh as an Cheathrú Caoil leanbh 4 mhí d’aois Ríonagh-Ann a shábháil, nuair a shnámh sé amach go dtí an carr.
Beidh Aifreann Cuimhneacháin do na mairbh i dTeach Pobail an Teaghlaigh Naofa i mBaile Mhic Rabhartaigh, Doire anocht ar 9pm.
Lá Lus an Chromchinn
Tá Edel Shovlin, Príomhfheidhmeannach Gníomhach Chumann Ailse na hÉireann as Ráth Bhoth agus Susan Kenny, oibrí deonach as Leitir Ceanainn agus Iar-Phríomhoide Choláiste Loreto Leitir Ceanainn, ag impí ar an phobal tacaíocht a thabhairt do "Lá Lus an Chromchinn" inniu áit a mbeidh airgead á bhailiú do Chumann Ailse na hÉireann.
Tá Susan Kenny ina comhordaitheoir gníomhach i Leitir Ceanainn ar Lá Lus an Chromchinn le blianta fada agus tá sí ag impí ar dhaoine agus ar ghrúpaí imeachtaí a reáchtáil le tacaíocht a thabhairt do dhaoine a bhfuil ailse orthu agus dá dteaghlaigh ar fud na contae.
Dúirt sí go bhfuil an Ailse forleathan agus nach bhfuil teaghlach sa chontae nach mbíonn buailte le hAilse. Tá sí ag moladh do Scoltacha, Gnólachtaí agus do Phobail a bheith gníomhach i bhfeachtas an lae inniu.
Éigse Uladh
Beidh Éigse Uladh ar siúl i nGaoth Dobhair an deireadh seachtaine seo. "An Screabán 1966 go 2026" téama éigse na bliana seo.
Beidh ceiliúradh ar stair agus ar fhorbairt an Screabáin le 60 bliain á phlé le linn an deireadh seachtaine.
Cuirfear tús leis na himeachtaí tráthnóna inniu in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an Pháirc Ghnó agus i measc na n-aoi chainteoirí a bheidh i láthair beidh Micheál Mac Giolla Easpaig, Bainisteoir Réigiúin Údarás na Gaeltachta i dTír Chonaill, Noel ÓGallchóir, Údar agus Staraí agus Donnachadh Ó Baoill, Feidhmeannach in Údarás na Gaeltachta.
Taispeánfar físeán úr chomh maith tráthnóna inniu "Cuimhní cinn le Cathal Mac Suibhne", Iar-Bhainisteoir Údarás na Gaeltachta i dTír Chonaill. Mairfidh an Éigse go dtí’n Domhnach.
Feirmeacha Gaoithe
Tá Dún na nGall ar an chontae is mó a bhaineann amach táille forbartha ar chomhlachtaí a bhfuil sé ar intinn acu Feirm Ghaoithe a fhorbairt sa chontae.
Dúirt Eunan Quinn, Pleanálaí Sinsearach na Comhairle, ag cruinniú na Comhairle ar na mallaibh go bhfuil súil ag an Chomhairle go mbeidh teacht isteach €2.7 milliún thar thréimhse dhá bhliain ó Fheirmeacha Gaoithe sa chontae.
Dúirt sé nach gcuireann an táille forbartha isteach ar chomhlachtaí móra atá ag iarraidh Feirmeacha Gaoithe a fhorbairt i nDún na nGall.
D’aontaigh na Comhairleoirí an táille forbartha a ardú agus €30,000 an meigeavata a ghearradh ar fheirmeacha gaoithe ón tréimhse 2026 go 2030.
Tithe Nua
Tá cead pleanála á lorg ó Chomhairle Contae Dhún na nGall chun 60 teach a thógáil cóngarach do bhaile Leitir Ceanainn.
Tá iarratas déanta ag an Chomhlacht Cillanoir Developments Teoranta chun 60 teach a thógáil ar shuíomh i gCill Chloig ar imeall bhaile Leitir Ceanainn.
Tá sé beartaithe 45 teach ceithre sheomra leapa, 13 theach trí sheomra leapa agus 2 theach dhá sheomra leapa a thógáil ar an suíomh.
Beidh 6 theach á dtabhairt ar láimh do Chomhairle Contae Dhún na nGall ar chostas a bheidh le socrú amach anseo.
Táthar ag dréim le cinneadh ón Chomhairle Contae faoin iarratas roimhan 12 Bealtaine.