Breosla
Níl sé ceart ná cóir go bhfuil ar dhaoine atá i gcruachás fanacht seachtain eile go dtí go dtabharfaidh an Rialtas aghaidh ar an ardú atá tagtha ar phraghsanna breosla agus fuinnimh, a dúirt an Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh.
Rinne an Teachta Ó Dochartaigh a chuid cainte le linn díospóireacht éigeandála faoi rún a thug sé chun tosaigh sa Dáil tráthnóna inné le praghas an bhreosla a laghdú.
Thug an Tánaiste Simon Harris le fios le linn na díospóireachta go dtabharfadh an Rialtas aghaidh ar an ardú agus go bpléifí a bplean ag bord an Rialtais Dé Máirt seo chugainn.
Tá seo ró-mhall don chuid is mó den phobal, dar leis an Teachta Ó Dochartaigh.
Costas Maireachtála
Tá teaghlaigh i nDún na nGall chóir a bheith €1,000 níos boichte sa mhí mar gheall ar an ardú atá tagtha ar phraghas an bhreosla agus na hola, a dúirt an Teachta Dála Charles Ward sa Dáil aréir.
Tá sé náireach go bhfuil ar theaghlaigh sa chontae suas le €200 sa bhreis a íoc ar chostais taistil agus suas le €700 sa bhreis ar ola, a dúirt sé.
Ní féidir le teaghlaigh na costais seo a sheasamh a dúirt sé agus níl sé de rogha acu iompar poiblí a úsáid mar nach bhfuil seirbhís iompair phoiblí mar is ceart sa chontae dar leis.
Dúirt an Teachta Ward go bhfuil teaghlaigh i dtithe a bhfuil brící lochtacha iontu buailte go holc ag an ardú ar phraghas na hola agus iad ag iarraidh tithe taise a théamh.
Ten T
Tá imní mhór ar dhaoine a bheidh ag cailleadh a gcuid tithe agus talaimh mar gheall ar Thogra an Ten T, a dúirt Anne Nicholls, duine de na daoine a bheidh ag cailleadh talaimh mar gheall ar an togra.
Tá cónaí ar Anne Nicholls i nDroimeanaigh, Leitir Ceanainn agus dúirt sí go bhfaigheann na húinéirí litreacha go rialta ón Roinn ag tabhairt eolais daofa ar an staid ag a bhfuil an togra.
Beidh 34 duine ag cailleadh a gcuid tithe agus suas le 500 úinéir talaimh ag cailleadh talaimh.
Tuigeann sí an tábhacht atá leis an togra agus deacrachtaí móra tráchta i Leitir Ceanainn ach measann sí gur cheart droichead a thógáil ar dtús trasna Abhainn na Súilí.
Dúirt sí go mbeidh aighneachtaí á ndéanamh aici féin agus a comharsan ach go dtuigeann sí ag an tráth seo go rachfar ar aghaidh leis an togra.
Cigireacht
Rinne Rannóg Comhshaoil Chomhairle Contae Dhún na nGall cigireacht ar 146 feirm sa chontae le linn na bliana anuraidh.
Díríodh go háirithe ar cheantair sa chontae áit a raibh tuairiscí go raibh baint ag cúrsaí talmhaíochta le droch-chaighdeán uisce reatha.
Bhí an chigireacht dírithe ar spré sciodair agus úsáid leasa talaimh.
Tugadh fógra roimh réidh do na feirmeoirí go mbeadh cigireacht á déanamh ar a gcuid feirmeacha.
Tá sé mar sprioc ag Rannóg Comhshaoil na Comhairle cigireacht a dhéanamh ar 214 feirm sa chontae i mbliana.
Bealach
Caithfear bacainn a chur in airde ar thaobh an bhealaigh i Mín Doire Dhamh cóngarach do stáisiún Ghaoth Dobhair ar mhaithe le cúrsaí sábháilteachta, a dúirt an Comhairleoir Contae John Shéamuis Ó Fearraigh.
Dúirt sé go dtiteann an bealach le fána ansin agus go ndeachaigh trí fheithicil den bhealach le gairid.
Thug an Comhairleoir Ó Fearraigh le fios go mbeadh sé ag iarraidh ar an Chomhairle Contae bacainn a chur in airde nó taobh an bhealaigh a líonadh le timpistí a sheachaint.