Breosla

Tá costas €20 nó €30 sa bhreis sa tseachtain ar daoine i gCiarraí a bhíonn ag tiomáint chun na hoibre, agus na céadta euro sa bhreis ar umar íle chun an tigh a théamh.

Sin a dúirt Urlabhraí Fuinnimh Shinn Féin, agus an Teachta Dála do Chiarraí Pa Daly sa Dáil aréir, agus rún a pháirtí ar chostas an bhreosla á phlé.

Ag moladh leasuithe ar an rún, dúirt an Tánaiste agus an tAire Airgeadais, Simon Harris, go bhfuil bearta oiriúnacha a n-ullmhú ag an Rialtas chun dul i ngleic le géarchéim phraghas an bhreosla, agus go ndeanfar cinneadh orthu san ag cruinniú an Rialtais Dé Mairt seo chugainn.

Dúirt Teachta Iarthar Chorcaí agus Ceannaire an Pháirtí Éire Neamhspleách Michael Collins, go bhfuil fón a oifige ar lasadh ag daoine a mheasann go bhfuiltear á robáil ag praghas an bhreosla, agus dúirt sé go bhfuil ana-imní air i dtaobh chostas an bhídh amach anseo – toisc go bhfuil costas an leasaithe shaorga ag ardú anois.

Dúirt sé go dteastaíonn ó dhaoine an fuinneamh gréine a fháilt ach go bhfuil costas mór ar é a chur i bhfearas agus gur suarach an deontas €1800 atá á thairiscint.

Dúirt an Teachta Michael Cahill ó Ros Beithe go gceart féachaint ar ualach na cánach a bhaineann le breosla, lena chinntiú ná fuil sé ag luí go ró-mhór orthusan ná bíonn aon rogha eile acu ach cairteacha a thiomáint, 'siad san muintir na tuaithe.

Dúirt an Teachta Dála Danny Heraly Rae ó Chill Garbhán go bhfuil sé ráite go bhfuil €40,000 sa bhreis tógtha an Rialtas i bhfoirm chánach, agus d'iarr sé ar an Rialtas é sin a thabhairt thar n-ais.

Féile Beochana

Tá nach mór 750 duine tagtha chuig an Daingean inniu don bhFéile Beochana is mó sa tír, Animation Dingle, as so go ceann trí lá.

Deir Stiúrthóir na Féile, Maurice Galwey, go bhfuil an líon san roinnte ina dhá leath idir mic léinn na beochana ó Choláistí in Éirinn agus lucht na hearnála ón ndomhan mór.

Cuirtear ócáid ar bun do phobal na dúiche ag an bhFéile na haon bhliain, agus beidh dhá scannán ar taispeáint, saor in aisce, ag ócáid do theaghlaigh in Amharclann Wave sa Choill, Dé Sathairn, ach ní mór ticéadaí a chur in áirithe roimh ré ar an suíomh Eventbrite.

'Siad san an leagan nua Gaelainne den scannán Na Conriochtaí, nó The Wolfwalkers, scannán a bhfuil gradaim buaite aige agus a ainmníodh do ghradam Oscar.

Taispeánfar chomh maith rogha gearrscannán a dhein leanaí i gcampaí teifeach sa Mheánoirthear mar chuid den dtionscadal From Gaza With Love.

Beidh léiritheoirí an dá thionscadail san i láthair chun na scannáin a chur i láthair agus chun ceisteanna a fhreagairt ón lucht féachana.

Comharchumann Chléire

Tá Comharchumann Chléire meáite ar Ionad nua Oidhreachta an oileáin a oscailt in am do Thionól Domhanda na nDrisceolach ar an oileán, an 28 Meitheamh.

Dúirt Oifigeach Turasóireachta an Oileáin, Jenny Keavney, go mbeidh oscailt bhog ag an ionad do shamhradh na bliana seo, cé ná beidh an obair thógála go léir críochnaithe go dtí samhradh na bliana seo chugainn.

Tá Jenny Keavney ceaptha ina Céad Oifigeach Turasóireachta i gCléire.

‘Sé an príomhchúram a bheidh uirthi ná bainistiú an Ionaid Oidhreachta, mar aon le cur chun cinn na turasóireachta go ginearálta.

Fostófar beirt eile san Ionad ar bhonn séasúrach don mbiaiste turasóireachta.

Conairí Ciúine

Beidh an dara hócáid pobail ar bun Dé Domhnaigh seo chugainn ag an bhfeachtas atá ar bun chun bóithre áirithe i gCorca Dhuibhne a ainmniú ina gConairí Ciúine.

Ghlac breis agus céad duine páirt in ócáid mí Meán Fómhair seo caite ar an mBóthar Ard go Ceann Trá ó Chrosaire an Lady i mBaile an Mhuilinn.

Is ar bhóthar Bhaile na Rátha, an L8047 i nDún Chaoin, a bheidh siúlóid an Domhnaigh ar bun, ag tosnú agus ag críochnú ag Tigh Khrúger, agus Bóthar na hAbhann agus Bóthar Bhéal Átha san áireamh.

Is feachtas píolótach iad na Conairí Ciúine ag an Dingle Hub, i gcomhar le Fóram Pobail Chorca Dhuibhne, chun aird a tharrac ar bhóithre áirithe tuaithe ar bheagán tráchta a bhíonn in úsáid ag muintir na háite agus ag feirmeoirí, ach atá oiriúnach chomh maith do lucht shiúl na gcos agus rothaíochta.

Deir lucht an fheachtais ná beidh turas an Domhnaigh seo chugainn oiriúnach do rothair, toisc go bhfuil cuid den mbóthar sleamhain agus míchothrom.

Beifear ag bailiú Tigh Khrúger 2.40pm Dé Domhnaigh, agus beidh sólaistí sa tábhairne tar éis na siúlóide.

Níl aon táille ar an ócáid, ach táthar ag iarraidh ar daoine clárú roimh ré le foirm atá foilsithe ar leathanaigh meán sóisialta an Dingle Hub.

Cigireacht

Fuair cigirí go raibh go raibh formhór na gcaighdeán á gcomhlíonadh go hiomlán nó go substaintiúil in ionad cúraim seanóirí Carechoice i Maigh Chromtha, nuair a dheineadar cuairt cigireachta gan choinne ar an ionad an 13 Eanáir.

Fuarthas áfach nach raibh córas taifeadta an ionaid ag teacht leis an gcaighdeán cuí agus go raibh bearnaí sa cháipéisíocht a bhí á coimeád i gcásanna áirithe.

Tugtar le fios sa tuarascáil a foilsíodh inné go bhfuil na lochtaí i gcóras an ionaid cúraim sa chóras réitithe anois.

Tá plean gníomhaíochta curtha i bhfeidhm aige, chun dul i ngleic le lochtaí eile a aimsíodh.

San áireamh tá a thuilleadh cigireachta, athrú ar chórais ghlantacháin, agus uasghrádú ar seomraí agus ar chórais sábháilteachta.

Labhair na cigirí le 20 duine as an 59 duine a bhfuil cónaí orthu san ionad.

Dúradar go rabhadar anashásta ann, agus mholadar cineáltas na foirne oibre.

Spéartha Dorcha

Tá Féile Spéartha Dorcha Chósta na Sceilge ag filleadh ar Uíbh Ráthach an deireadh seachtaine seo.

In agallamh d’adhmhaidin inniu deir Aoibheann Lambe, ball do lucht eagair na féile, go bhfuil clár leathan beartaithe i mbliana, le réalteolaíocht, ceardlanna grianghrafadóireachta, ceol agus scéalaíocht.

Tá sé mar aidhm ag an bhFéile an dorchadas nádúrtha a chaomhnú agus daoine a chur ar an eolas faoin dtruailliú solais.

Coláiste Íde

Bíonn ard-éileamh ar chlár idirbhliana Choláiste Íde i mBaile an Ghóilín, ó chailíní atá ag iarraidh bliain a chaitheamh ag cur feabhas ar a gcuid Gaelainne, a dúirt urlabhraí na scoile agus iad ag prapáil do Lá Oscailte na Scoile an Satharn beag seo.

Tá 120 cailín ag freastal ar an scoil chónaithe fé láthair, agus tá líon teoranta spásanna ar fáil ar chlár idirbhliana na bliana seo chugainn, agus sa chéad bhliain chomh maith.

Óna 10 go dtína 3 Dé Sathairn a bheidh an lá oscailte sa Choláiste, agus beidh cur i láthair mar gheall ar an gclár idirbhliana ag meán lae.