Rún

Beidh rún á chur os comhair na Dála inniu ag an Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh ag iarraidh ar an Rialtas an cháin ar bhreosla a laghdú le dul i ngleic leis an chostas ard atá ar bhreosla i láthair na huaire.

an Rialtas ag saothrú níos mó airgid anois ná mar a bhí riamh mar gheall ar an ardú atá tagtha ar phraghas an bhreosla agus ag an am céanna tá teaghlaigh ag streachailt dá bharr, a dúirt an Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh.

Dúirt sé go dtabharfadh an rún seo deis don Rialtas cuidiú le daoine atá ar an ghannchuid.

Ten T

Tugadh le fios don Chomhairleoir Contae Donal Coyle go mbeidh na tuairiscí ar fad atá bainteach leis an togra Ten T foilsithe roimh dheireadh na míosa seo agus go gcuirfear na cáipéisí chuig an Choimisiún Pleanála ag an am céanna.

Measann an Comhairleor Coyle go gcosnóidh an togra níos mó ná billiún Euro agus go gcuirfear tús leis an obair sa bhliain 2028.

Trí phíosa den bhealach atá mar pháirt den togra - seachbhóthar Bhealach Féith/Srath an Urláir, Leitir Ceanainn go Mainéar Uí Chuinneagáin agus bealach Mhainéar Uí Chuinneagáin go Leifear a cheanglóidh leis an A5 ar an tSrath Bán.

Óstán

Tá óstán an Radisson Blu i Leitir Ceanainn ceannaithe ag an ngrúpa TMR Hotel Collection.

Tuigtear gur ar 16 milliún euro a díoladh an t-óstán, de réir mar a tuairiscíodh ar an Irish Times inniu.

Bhí óstán an Radisson Blu faoi úinéireacht theaghlach Byrne le trí bliana is fiche.

Coinníoll Teanga

Mhol an Comhairleoir Contae Micheál Choilm Mac Giolla Easpuig ag cruinniú Choiste Tithíochta na Comhairle Contae ar na mallaibh go gcuirfí na horduithe seasta ar leataobh nuair a bheidh ceardlann ag an Chomhairle Contae le plé a dhéanamh ar an choinníoll teanga a chuirfear i bhfeidhm i Scéimeanna Tithíochta sa Ghaeltacht.

Beidh an cheardlann ar siúl an 23ú den mhí seo agus beidh saineolaithe teanga i láthair le heolas agus treoir a thabhairt don Chomhairle.

Caithfidh Gaeilge a bheith ag 85% de na daoine a bheidh ina gcónaí in árais faoi Scéimeanna Tithíochta príobháideacha agus sóisialta i nGaeltacht Dhún na nGall feasta.

Dúirt an Comhairleoir Mac Giolla Easpuig nach bhfuil an saineolas ag an Chomhairle agus go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh na saineolaithe i láthair ag an chruinniú iomlán le ceisteanna a bheidh ag Comhairleoirí a fhreagairt.

Oíche Leighis

Beidh oíche oscailte leighis in Ionad Naomh Pádraig Dobhar ar a 6 a chlog anocht agus san oíche amárach, áit a mbeidh grúpaí scoláirí atá ag staidéir i gcoláistí i Meiriceá i láthair.

Tá na scoláirí i mbun cúrsaí dochtúireachta, altranais agus fiaclóireachta.

Beidh an oíche anocht dírithe ar shláinte na bhfear agus beidh an oíche amárach dírithe ar shláinte na mban.