Bessborough
Beidh agóid ar siúl ag Teach Laighean tráthnóna i gcoinne na bpleananna tithíochta atá beartaithe do shuíomh an tseana-thí do mháithreacha agus leanaí i mBessborough i gCorcaigh.
Tá imní léirithe ag feachtasóirí fés na tograí tógála, agus deirid nár cheart aon fhorbairt a dhéanamh ar an suíomh fad a bhfuil iarsmaí 923 leanbh fós in easnamh.
Tá an agóid le tosnú ag 5.30in agus tá sé ráite ag lucht eagair na hagóide go bhfuil sé mar aidhm acu aird a tharrac ar na h-údair imní a bhaineann leis an bhforbairt atá beartaithe, agus iad ag éileamh go ndéanfaí athmhachnamh ar an slí inar cheart an suíomh a chomóradh.
Óstáin
Bhí suas le 400 seomra ar fáil in óstáin an Daingin le linn bhiaiste an tsamhraidh anuraidh, ach tá dea-scéala ann dóibh siúd a bheidh ag tabhairt cuairt ar an mbaile an samhradh seo mar go mbeidh suas le 40 seomra breise ar fáil don mbiaiste atá le teacht.
Deir urlabharaí d'óstán an Hillgrove ar imeall bhaile an Daingin go bhfuil obair athchóirithe ar bun acu i láthair na h-uaire agus iad ag súil go mbeidh 5 sheomra ar fhichead ar fáil acu don bpobal ó Mhí Bealtaine seo chugainn ar aghaidh.
Beidh ainm nua leis ar an óstán agus iad ag oscailt fén ainm "Arden House"
Tá óstán nua ag oscailt ar an mbaile leis, The Gable ar shráid Eoin ina mbeidh cúig leaba dhéag.
Garda Cósta
Thug an Garda Costa duine a bhí breoite i dtír ó long lastais amach ó chosta Chorcaí tráthnóna inne.
Bhí an Eagle 2, 110 muirmhíle siar ó dheas ó Bhaile Chaisleáin Bhéarra agus deineadh an tarrtháil timpeall ar a leathuair tar éis a ceathair.
Bhí drochaimsir ann le linn na tarrthála, agus an t-ingearán 115 agus an t-eitleán 120F páirteach san iarracht.
Tugadh an té a bhí breoite ar láimh don tSeirbhís Náisiúnta Otharcharranna go gairid roimis a sé a chlog.
Nasc áitiúil
Tá fearg agus díomá léirithe ag ionadaithe Shinn Féin Phort Láirge, tar éis don Rialtas a dhearbhú ná beidh maoiniú ar fáil i mbliana do leathnú na seirbhísí Local Link, rud a chuirfidh moill ar bhealach nua i bPort Láirge, go dtí 2027 ar a luaithe.
Tá sé ráite ag an Teachta Dála Conor D. McGuinness agus an Comhairleoir Catherine Burke go mbeidh tionchar ag an gcinneadh ar phobail a bhí ag feachtasaíocht le blianta fada ar son seirbhíse idir Charraig na Siúire agus Dún Garbhán.
Dar leo, tá an cinneadh ag teacht salach ar iarrachtaí chun na nascanna idir cheantair thuaithe a fheabhsú, agus costais iompair a laghdú.
Tá an tseirbhís Local Link riachtanach i gceantair thuaithe, a deirid, mar go gcuireann sí ar cumas daoine dul ag obair, dul chun coláiste agus go dtí coinní leighis, agus cabhraíonn sí leis an uaigneas a laghdú i measc daoine scothaosta.
Turasóireacht
Tá séasúr turasóireachta an tsamhraidh tosnaithe go hoifigiúil, agus an nasc idir leithinis Chorca Dhuibhne agus Meiriceá go mór i mbéal an phobail le cúpla lá anuas.
Tá sé ráite ag Leas-Chathaoirleach Chomhaontas Turasóireachta Chorca Dhuibhne, Mossie Ó Scanláin, go bhfuil an nasc san fíorthábhachtach don earnáil turasóireachta sa cheantar, go háirithe agus líon mór cuairteoirí ag teacht ó Mheiriceá na haon bhliain.
Ní bhíonn cúrsaí polaitíochta Mheiriceá i gcroílár na gcomhráite i measc na dturasóirí, a dúirt sé, ach is fearr leo díriú ar an gceol agus ar an gcultúr anseo in ionad.
Drámaíocht
Ardóidh Aisteoirí Bhréanainn agus Aisteoirí Chúil Aodha na seolta leo an deireadh seachtaine seo agus iad ag tabhairt aghaidh ar Chathair na Mart i gContae Mhaigh Eo d’Fhéile Naisiúnta Drámaíochta na hÉireann.
"Séadna agus a fear dubh" a bheidh á chur i láthair ag Aisteoirí Chúil Aodha, agus Beidh an dráma "Scaoil leis an gcaid" á léiriú ag Aisteoirí Bhréanainn
Beidh deis ag an bpobal an dráma san a fheiscint trathnóna i Halla na Feothanaí, ag tosnú ar a hocht a chlog, agus tá sé tugtha le fios ag Aisteoirí Bhréanainn ná fuil ach líon ana-bheag ticéad fágtha dó san.
Beidh aisteoirí Chúil Aodha ar stáitse ag an bhFeile ar a 6.30pm Dé hAoine, agus beidh Aisteoirí Bhréanainn ar stáitse ar a 7.15pm Dé Sathairn.