Breosla

Tá comhlachtaí iompair Dhún na nGall buailte go holc ag na praghsanna arda ar bhreosla, a dúirt Uachtarán Chomhlachas Tarlú Bóthair na hÉireann, an IRHA, Ger Hyland.

Dúirt sé go bhfuil an t-ardú ar phraghas an díosail le seachtain anuas ag cur brú mór ar chomhlachtaí iompair i nDún na nGall a dhéanann turas 4 huaire a chloig go Calafort Bhaile Átha Cliath achan lá.

D'iarr Uachtarán an IRHA ar an Rialtas gníomhú láithreach leis an cháin bhreisluacha nó an cháin ar charbón a laghdú le cuidiú leis an earnáil.

Tá 10 mbrainse ag an IRHA ar fud na tíre, Dún na nGall ina measc.

Threshold

Tá Dún na nGall i measc na gcontaetha is mó sa tír a bhfuil difear suntasach idir líon na dtithe atá ar fáil ar cíos go gearrthéarmach agus líon na dtithe atá ar fáil ar cíos go fadtéarmach, de réir anailíse atá foilsithe inniu ag an charthanacht náisiúnta tithíochta Threshold.

Léiríonn an anailís ar fhigiúirí ó Inside Airbnb agus ó Daft.ie go bhfuil 662 teach nó árasán ar fáil ar cíos i nDún na nGall go gearrthéarmach agus nach bhfuil ach 27 teach ar fáil ar cíos go fadtéarmach.

Deir Threshold go bhfuil pobail i mbaol mar go bhfuil tithe ina luí folamh ar feadh an chuid is mó den bhliain agus nach bhfuil oibrithe agus teaghlaigh ábalta áit chónaithe sna ceantair sin a fháil.

Deir Threshold go bhfáiltíonn siad roimh an chóras clárúcháin atá fógartha ag an rialtas do thithe nó árasáin atá ar cíos go gearrthéarmach ach deir siad nach leor é agus go gcaithfear rialacháin níos déine a chur i bhfeidhm san earnáil.

N56

Deir an Comhairleoir Contae Anthony Molloy go bhfuil sé dóchasach go ndéanfar maolú ar rialacha pleanála do thithe aonair i gceantair thuaithe, go háirithe ar bhealach an N56.

Is ábhar dóchais an méid a dúirt an tAire James Browne le gairid go mbeidh maolú ar shrianta pleanála go luath do thithe aonair faoin tuath, a dúirt sé, ach caithfear díriú ar phleanáil ar an N56 go háirithe, a dúirt sé.

Shocraigh Comhairleoirí Contae Cheantar Bardais na nGleanntach cuireadh a thabhairt do Theachtaí Dála na Contae le casadh le Comhairleoirí i Leifear, chun pleanáil ar an N56 a phlé go práinneach.

Gaeloideachas

Caithfear a chinntiú go bhfuil go leor múinteoirí Gaeilge á dtraenáil agus á bhfostú ionas go mbeidh cothromaíocht ag an Ghaeilge agus an Ghaeloideachas a dúirt Eoghan Ó Gráda, Príomhoide Ghaelscoil na gCeithre Máistrí, i mBaile Dhún na nGall.

Measann sé go bhfuil céim chun gcúil glactha ag an Rialtas i dtaca leis an Ghaeilge agus dúirt sé gur cheart níos mó airde a thabhairt don Ghaeloideachas le gur féidir é a chur chun cinn.

Dúirt sé gur léir go bhfuil ag éirí go maith leis an Ghaeloideachas agus gur cheart níos mó tacaíochta a thabhairt dóibh.

Leathanbhanda

Tá sé fógartha ag comhlacht Leathanbhanda Náisiúnta na hÉireann, nó an NBI, go bhfuil leathanbhanda ardluais anois ar fáil i mBaile na Finne.

Is féidir le 1,600 teach agus gnó sa cheantar sin leas a bhaint as an tseirbhís, a deir siad.

Deir an NBI go bhfuil fáil anois ag 25,000 foirgneamh sa chontae ar leathanbhanda ardluais agus go bhfuil 6,794 áit ceangailte leis cheana féin.

Uisce

Tá sé curtha in iúl ag Uisce Éireann go mbeidh obair ar bun acu inniu ar thaiscumar Ard an Rátha.

Deir Uisce Éireann go bhféadfadh custaiméirí i gceantar na nGleanntach agus Ard an Rátha a bheith fágtha le brú íseal uisce nó dath a bheith ar an uisce nó fiú a bheith fágtha gan soláthar uisce anois agus arís le linn don obair seo a bheith ar siúl.

Beidh an obair seo ar siúl go dtí an 6 a chlog tráthnóna inniu.