Aimsir

Tá dhá fholáireamh aimsire i bhfeidhm ag Met Éireann do Dhún na nGall inniu.

Tá foláireamh aimsire stádas buí do ghaoth láidir i bhfeidhm don Chontae agus don tír uilig faoi láthair a mhairfidh go dtí'n 6pm tráthnóna inniu.

Tá foláireamh eile stádas buí d’fhearthainn throm i bhfeidhm faoi láthair go dtí’n 3pm inniu.

D’fhéadfadh tuilte a bheith in áiteacha agus d’fhéadfadh na bealtaí a bheith contúirteach, dar le Met Éireann.

Bhí custaiméirí Bhord Soláthair an Leictreachais i nGaoth Dobhair agus sna Rosa gan chumhacht aibhléise le linn na hoíche aréir ach tá réiteach ar na fadhbanna arís maidin inniu.

Ionad Cúraim Leanaí

Tá cuireadh tugtha ag Bord Bainistíochta Ionad Cúraim Leanaí Ard an Rátha don Aire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, Norma Foley, cuairt a thabhairt ar an Ionad leis na deacrachtaí atá san fhoirgneamh le Brící Lochtacha a scrúdú agus le plé a dhéanamh ar dhóigheanna leis na deacrachtaí a réiteach.

Dúirt Sinéad Hanlon Bainisteoir an Ionaid go bhfuil drochbhail ar an fhoirgneamh agus go bhfuil sé tábhachtach aird a dhíriú ar na fadhbanna atá acu, caithfear réiteach fadtéarmach a fháil le cinntiú go bhfuil an tIonad sábháilte agus folláin, a dúirt sí.

Tá an Bord thar a bheith buíoch go dtug an tUachtarán cuairt orthu inné agus go bhfuair siad deis na dúshláin agus na deacrachtaí atá acu a phlé léi a dúirt sí.

Tithe

Thug Innealtóir Sinsearach na Comhairle Contae, John Gallagher le fios go bhfuil an próiseas tairisceana le 12 theach a thógáil ag seansuíomh Óstán Radharc an Earagail i nGaoth Dobhair, 'Tithe Phádraig Mhicheáil Airt’ críochnaithe anois.

Dúirt John Gallagher, ag cruinniú tithíochta na Comhairle inné, go mbeidh conraitheoir á cheapadh go luath le tús a chur leis an obair.

D’iarr an Comhairleoir Micheál Choilm Mac Giolla Easpaig ar an Chomhairle arís an córas uisce agus séarachais a fhorbairt láithreach le go bhféadfaí tuilleadh tithe a thógail ag an suíomh seo.

Dúirt sé nach dtig ach 12 theach a thógail faoi láthair mar nach bhfuil Comhairle Contae Dhún na nGall sásta na forbairtí atá ag teastáil leis na tithe a cheangal leis an chóras séarachais a dhéanamh ag an suíomh.

Lóistín

Níor ghlac Comhairleoirí Contae Dhún na nGall leis an mholadh go ngearrfaí táille €20,000 ar dhaoine a chuireann lóistín gearrthéarmach ar fáil, mar shampla AirBnB.

Ag cruinniú den Chomhairle Contae inné, áit ar ndearnadh plé ar na táillí faoin Scéim Ranníocaíochta Forbartha don tréimhse 2026 go 2030, glacadh le moladh ón Chomhairleoir Niamh Kennedy, go ngearrfaí táille €500 ar achan aonad nó seomra a chuirtear ar fáil mar lóistín gearrthéarmach.

Dúradh nach mbeidh an táille seo le híoc i gcás go ndéanann an Rialtas agus Fáilte Éireann cinneadh go mbeidh cead pleanála de dhíth le lóistín gearrthéarmach a sholáthar.

Rachaidh an t-airgead a bhaileoidh an Chomhairle Contae ó na táillí seo chun sochair do chostais bonneagair agus d’áiseanna poiblí.

Dumpáil

Ábhar imní na heachtraí dumpála mídhleathacha i gceantar Ard an Rátha le tamall, a dúirt an Comhairleoir Contae Anthony Molloy.

Dúirt sé go raibh roinnt eachtraí dumpála mídhleathacha ar an bhealach ó Ard an Ratha go hArd Achaidh.

Tá eachtraí mar seo ag cur isteach go mór ar an timpeallacht agus ar thírdhreach na háite, a dúirt an Comhairleoir Molloy.

D’iarr sé ar an Chomhairle Contae comharthaí a chur suas lena chur in iúl go bhfuil cosc ar dhumpáil sa cheantar.