Cuairt an Uachtaráin
Bhéarfaidh Uachtarán na hÉireann Catherine Connolly a céad cuairt oifigiúil ar Dhún na nGall ar an tseachtain seo chugainn.
Beidh sí i láthair ag Ceannáras na Comhairle Contae i Leifear ar 11.30 Dé Mairt áit a gcasfaidh sí le baill thofa agus lucht bainistíochta na Comhairle Contae.
Casfaidh sí le Grúpa Pobail i Leitir Ceanainn ina dhiaidh sin.
Casfaidh an tUachtarán Connolly le grúpaí pobail in Ard an Rátha agus sna Cealla Beaga Dé Céadaoin.
Athbhreithniú ar chostaisí tógála
Chuir an tAire Tithíochta James Browne in iúl don Teachta Dála Padraig Mac Lochlainn i bhfreagra ar cheist Dála go mbeidh athbhreithniú á dhéanamh níos moille i mbliana ar chostais tógála a bhaineann le tithe a tógadh le brící lochtacha, faoi Scéim Leasaithe na mBrící Lochtacha.
Dúirt an Teachta Mac Lochlainn go bhfuil gá uasdátú a dhéanamh ar na figiúirí a chuir Cumann Suirbhéirí Cairte na hÉireann ar fáil dhá bhliain ó shin chun an t-ardú suntasach atá tagtha ar chostais tógála a chur san áireamh.
Dúirt an tAire Browne go mbeidh an t-ardú atá tagtha ar chostais chun tithe a atógáil mar chuid den athbhreithniú atá beartaithe ar an Scéim níos moille i mbliana.
Coláiste Adhamhnáin.
Tá díomá léirithe ag Bord Bainistíochta Choláiste Naomh Adhamhnáin i Leitir Ceanainn mar nach bhfuil freagra ar bith faighte ar ais acu ón Aire Oideachais Hildegarde Naughton faoi chruinniú atá á lorg acu léi.
Dúirt Diane Nic Suibhne, Leas-Phríomhoide an Choláiste, go ndearna siad féin chomh maith le daltaí, tuismitheoirí agus múinteoirí na scoile teagmháil le hOifig an Aire le heolas a fháil ar cén fáth nach raibh an scoil san áireamh i gClár Tógála Scoltacha na Roinne.
Tá níos mó ná 1,000 dalta ag freastal ar an scoil agus brú mór spáis sa scoil.
Comhdháil Ghnó
Beidh comhdháil ghnó ar siúl in Óstán an Clanree i Leitir Ceanainn inniu mar pháirt do Sheachtain Fiontair Áitiúil Dhún na nGall.
Dúirt Brenda Hegarty, Ceannasaí Oifig Fiontair Áitiúil Dhún na nGall, gur deis iontach é seo le haird a tharraingt ar ghnónna agus earraí Dhún na nGall agus ceiliúradh a dhéanamh ar an obair thábhachtach atá ar siúl ag Fiontair Áitiúil ar fud an chontae a dúirt sí.
Chomh maith leis an Taispeántas Earraí, beidh dhá sheisiúin eolais ar siúl fosta, seisiún ar Cheannasaíocht i nGnónna agus ceann eile ar Ceannasaíocht sa Spórt.
I measc na gcainteoirí a bheidh i láthair beidh Peter Mulrine ó Chomhlacht Déantúsaíochta Mulrines, Rosy Temple, Príomhfheidhmeannach Magee, Paddy McBrearty, iar-pheileadóir agus Bainisteoir Stiúrtha ar Chomhlacht Earcaíochta Talcon agus an lúthchleasaí iomráiteach Caitríona Jennings.
Beidh an ócáid ar siúl ó 11.30 go dtí a 3.30 inniu.
Réigiúin Foghlama UNESCO
Tá Contae Dhún na nGall anois mar pháirt de Réigiúin Foghlama UNESCO don Iarthuaisceart.
Bhí Doire agus an Srath Bán ina mbaill de Chathair Foghlama UNESCO ó bhí 2019 ach rinneadh Dún na nGall a chur san áireamh an tseachtain seo.
Ag seoladh oifigiúil Chathair Foghlama UNESCO an Iarthuaiscirt dúirt an tOllamh Malachy Ó Néill, Stiúrthóir le hOllscoil Uladh, gur dul chun cinn ollmhór é seo le deiseanna oideachais trasteorann a fhorbairt.
Is iad na hinstitiúidí Oideachais atá páirteach i Réigiún Foghlama UNESCO an Iarthuaiscirt ná Ollscoil Uladh, Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh, Coláiste Réigiúnach an Iarthuaiscirt, Bord Oiliúna agus Oideachais Dhún na nGall agus Comhairlí Chathair Dhoire, an tSratha Báin agus Comhairle Chontae Dhún na nGall.
Léacht Staire
Bhéarfaidh an tOllamh Breandan Mac Suibhne léacht tráthnóna inniu ar "An tIarthuaisceart agus Forógra na Saoirse" mar pháirt de Sheachtain na Gaeilge.
Bhéarfaidh sé eolas ar stair áitiúil Dhún na nGall agus beidh eolas ar an cheantar, ar chultúr agus ar pholaitíocht na linne.
Beidh an léacht ar siúl sa Lár-Leabharlann i Leitir Ceanainn tráthnóna