Teaghlaigh Thragóid an Chraoslaigh

Tá ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald, le cuairt a thabhairt ar Leitir Ceanainn tráthnóna le bualadh le teaghlaigh na ndaoine a maraíodh i dTragóid an Chraoslaigh trí bliana go leith ó shin.

Beidh na Teachtaí Dála Piaras Ó Dochartaigh agus Pádraig Mac Lochlainn i láthair ag an chruinniú chomh maith.

Tá na teaghlaigh ag iarraidh ar an Rialtas fiosrúchán poiblí a bhunú faoin phléasc inar maraíodh deichniúr ar an 7 Deireadh Fómhair 2022.

Eitiltí

Beidh cruinniú ag Bainistíocht Aerfort Dhún na nGall le hoifigigh ón Roinn Iompair i mBaile Átha Cliath inniu áit a ndéanfar plé ar an chonradh PSO idir Aerfoirt Dhún na nGall agus Bhaile Átha Cliath.

Dúirt Éilis Ní Dhochartaigh, Stiúrthóir Bainistíochta an Aerfoirt go bhfuil siad sásta go mbeidh an cruinniú seo ar siúl inniu leis an Roinn agus go mbeidh deis acu na hathruithe atá molta acu ar sceideal na seirbhíse a phlé.

Dúirt sí go bhfuil sí dóchasach go ndéanfar athrú ar an sceideal.

Beidh an cruinniú ar siúl inniu ar 11.30.

Deoise Ráth Bhoth

Tá a chéad cheapacháin fógartha ag Easpag úr Ráth Bhoth, Niall Ó Colla.

Tá an Moinsíneoir Caoimhín Mac Giolla Easpaig as Gaoth Dobhair ceaptha ina Bhiocáire Ginearálta ar an Deoise agus tá an tAthair Breandán Mac an Bhaird as Éadan Anfach ceaptha ina Sheansailéir na Deoise.

Bhí an Moinsíneoir Caoimhín Mac Giolla Easpaig ina Riarthóir ar Dheoise Ráth Bhoth nuair a aistríodh an tEaspag Alan Mac Eochagáin go Deoise an Dúin agus Chonaire i 2024 agus tá an tAthair Breandán Mac an Bhaird ina shagart cúnta i bParóiste Ghaoth Dobhair.

Brící Lochtacha

Tá Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall chun cuireadh a thabhairt don Aire Oideachais Hildegarde Naughton go dtí an chontae leis na scoltacha atá buailte le brící lochtacha a scrúdú.

Tugadh le fios ag cruinniú an Bhoird go bhfuil 16 scoil sa chontae a bhfuil brící lochtacha iontu idir bhunscoltacha agus scoltacha dara leibhéal chomh maith le hionaid réamhscoile.

Léirigh Príomhfheidhmeannach an Bhoird Anne McHugh díomá nach dtug Oifigigh na Roinne cuairt ar an chontae anuraidh mar a gealladh.

Dúirt an Comhairleoir Albert Doherty go bhfuil sé fíorthábhachtach go dtabharfadh an tAire cuairt ar an chontae agus go bhfeicfeadh sí féin an drochbhail atá ar na scoltacha seo.

Cúrsaí Ollscoile

Tá cainteanna ar siúl idir Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh i Leitir Ceanainn agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte le tuilleadh cúrsaí sláinte 3ú leibhéal a fhorbairt san Ollscoil.

Dúirt an Comhairleoir Ciaran Brogan gur dea-scéala é go bhfuil cúrsa céime san fhisiteiripe ar fáil san Ollscoil le bliain anuas agus 14 mac léinn ag freastal ar an chúrsa úr seo.

Dúirt sé go bhfuil níos mó seans go bhfanfaidh daoine ina gceantar dúchais má tá cúrsaí sláinte ar ardchaighdeán ar fáil go háitiúil.

Buntáiste a bheidh anseo d'Otharlann Leitir Ceanainn agus deacrachtaí earcaíochta acu go minic a dúirt an Comhairleoir Brogan.