Rialacha Pleanála Tuaithe
Tá fáilte curtha ag an Teachta Dála Michael Cahill roimis an méid a d'fhógair an tAire Tithíochta James Browne inné, go maolófar na rialacha pleanála fé cheann ráithe nó mar sin, d’fhonn a thuilleadh tithe aonair fén dtuath a cheadú.
Is fada ionadaithe poiblí agus lucht feachtais ag cáiseamh na srianta pleanála sna ceantair thuaithe.
Deir an Teachta Cahill go ndéin sé aighneacht ar an gceist nuair a bhí Clár an Rialtais á phlé, agus go raibh roinnt cruinnithe aige leis an Aire Tithíochta ó shin.
Moill ar Thástáil
Bíonn moill an-mhór roimh thiománaithe na Ríochta agus iad ag fanacht le coinne chun an Tástáil Náisiúnta Gluaisteán a dhéanamh.
Ní féidir coinne a fháil san ionad tástála i dTrá Lí go dtí an 2 Meitheamh, agus is amhlaidh go bhfuil an scéal ceánna in Oileán Ciarraí agus an chéad choinne eile atá ar fáil ansan ar an 29 Bealtaine.
Is measa atá an scéal i gCathair Saidhbhín agus i gCill Airne agus gan aon dáta ag an dá ionad chun tabhairt fé an scrúdú, go lár mhí an Mheithimh.
Deir an Comhairleoir Contae Breandán Mag Gearailt go léiríonn na liostaí feithimh seo ná fuil a ndóthain ionad tástála sa chontae agus go bhfuil géarghá, dar leis, le hionad tástála i gCorca Dhuibhne.
Mná in easnamh sa rothaíocht
Is lú go mór líon na mban ná na bhfear a bhíonn ag rothaíocht i bPort Láirge, de réir taighde nua ón Údarás Náisiúnta Iompair.
De réir na tuarascála, ní bhíonn ach leath an oiread ban ag rothaíocht i gcomparáid leis na fir.
Deir Maolíosa Ní Chléirigh, Cathaoirleach Chomhaontas Glas sna Déise, go léiríonn an taighde go bhfuil fonn ar mhná a bheith ag rothaíocht ach go gcuireann cúrsaí bonneagair agus sábháilteachta ar na bóithre bac orthu.
CAMHS
Tá urlabhraí sláinte Shinn Féin, an Teachta David Cullinane, ag éileamh go mbunófaí plean foirne éigeandála náisiúnta don tseirbhís meabhairshláinte do dhaoine óga, CAMHS, agus go ndéanfaí ar dtúis é i gCiarraí.
Ag labhairt tar éis Chomhchoiste Sláinte an Oireachtais an tseachtain seo caite, ag a raibh feidhmeannaigh shinsearacha Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ag labhairt, cháisigh an Teachta Cullinane an cur chuige cógaisíochta, a tháinig chun solais ós na hathbhreithnithe ar an tseirbhís i gCiarraí.
Níl sé sásúil, a dúirt sé, go bhfuil seachtar dochtúirí comhairleach síciatracha i bhfeighil ar sheirbhís Chiarraí, ach nach bhfuil aon duine díobh ag obair go lánaimseartha, agus go mbíonn formhór na gcomhairliúchán á ndéanamh go cianda, ar nasc físe idirlín.
Tá teaghlaigh ag briseadh faoin mbrú atá orthu, agus tá foirne CAMHS ag obair i gcoinníollacha dodhéanta, a dúirt an Teachta Cullinane.
Ní mor iarracht le dealramh a dhéanamh chun dochtúir comhairleach lánaimseartha a earcú i gCiarraí, le go mbeidh an mhaoirseacht agus an fhreagracht chuí i leith na seirbhíse, a dúirt sé.
Seoladh The Replay
Déanfar an seoladh oifigiúil ar maidin i bPáirc an Chrócaigh ar The Replay, cartlann fuaime ar an idirlíon, le guth an tráchtaire iomráitigh ó Dhún Síon, Mícheál Ó Muireacheartaigh, nach maireann.
Bainfear úsáid as an gcartlann chun cuimhní cinn a spreagadh i ndaoine a bhfuil an néaltrú orthu, mar teiripe dóibh féin agus ndá ndaoine muinteartha.
Is comhoibriú é an togra idir Cumann Lúthchleas Gael, Cartlann RTÉ agus Cumann Alzheimer na hÉireann.
Beidh Éamonn Ó Muircheartaigh, mac Mhichíl, i measc na gcainteoirí ag an ócáid seolta ar maidin.
Múscraí ar TG4
Beidh muintir Mhúscraí le feiscint ar teilifís i sraith nua a bheidh ag tosnú an tseachtain seo chughainn ar TG4.
Pobal Mhúscraí is teideal don tsraith nua agus tabharfar cuairt i ngach clár ar cheann éigin des na bailte Béal Átha an Ghaorthaidh, Cill na Martra, Ré na nDoirí, Cúil Aodha, Baile Mhic Íre agus Baile Bhuirne.
Craolfar an chéad chlár sa tsraith Déardaoin an 12 Márta ar a 8pm.