Cuairt an Uachtaráin

Bhéarfaidh Uachtarán na hÉireann Catherine Connolly a céad cuairt oifigiúil ar an chontae inniu.

Beidh sí sna Cealla Beaga ar maidin agus i láthair ag Jam Cruthaitheach Idirnáisiúnta, atá dírithe ar dhaoine óga idir 16 agus 30 bliain d'aois, áit a mbeidh plé á dhéanamh ar an Eacnamaíocht Ghorm.

Beidh an tUachtarán ag Ceannáras na Comhairle Contae i Leifear ar 11.30, áit a gcasfaidh sí le baill thofa agus bainistíocht na Comhairle Contae.

Bhéarfaidh an tUachtarán cuairt ar Ionad Acmhainní Teaghlaigh Cara House agus ar Thogra Lucht Siúil Dhún na nGall i Leitir Ceanainn tráthnóna inniu.

Amárach, bhéarfaidh an tUachtarán cuairt ar Ionad Cúraim Leanaí Ard an Rátha.

An Craoslach

Dúirt Ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald nuair a chas sí aréir le teaghlaigh na ndaoine a maraíodh i dtragóid an Chraoslaigh go bhfuil sé tábhachtach go gcasfadh an tAire Dlí agus Cirt Jim O’ Callaghan leis na teaghlaigh agus fíorthábhachtach go ndéanfaí fiosrúchán neamhspleách maidir le cúis na tragóide i gcuideachta fhiosrúchán na nGardaí.

Dúirt sí go bhfuil sé 3 bliana go leith ó tharla an tragóid áit ar maraíodh deichniúr agus go bhfuil ceisteanna ag na teaghlaigh atá ag fuilstin agus go bhfuil freagraí tuillte acu.

Dúirt sí go raibh sé tábhachtach di féin castáil leis na teaghlaigh, éisteacht lena n-éilimh agus achan tacaíocht a thabhairt daofa.

Eitiltí

Beidh Coiste Eitiltí agus Seirbhísí Ailse Dhún na nGall ag leanstan lena bhfeachtas le cinntiú go mbeidh sceideal na n-eitiltí PSO idir Aerfort Dhún na nGall agus Baile Átha Cliath socraithe roimh an 23 Márta, a dúirt Máire Uí Chomhaill ón Choiste.

Thug Oifigigh na Roinne Iompair le fios d’ionadaithe ó Aerfort Dhún na nGall ag a gcruinniú i mBaile Átha Cliath inné, go raibh súil acu go mbeadh na socruithe idir Emerald Airlines agus an Roinn deimhnithe taobh istigh de choicís.

Dúirt Máire Uí Chomhaill go bhfuil sé tábhachtach go gcloífeadh an Roinn Iompair leis an dáta sin mar nach dtig le hothair a bhfuil ailse orthu eitiltí i lár an lae a chur in áirithe ón 29 Márta.

Radharc an Oileáin

Bhéarfaidh Cathaoirleach Choiste Cheantar Bardais na nGleanntach, an Comhairleoir Michael McClafferty, chomh maith le baill thofa eile an Cheantair Bardais agus oifigigh ón Chomhairle Contae cuairt ar shuíomh an eastáit tithíochta úr Radharc an Oileáin i Machaire Chlochair i nGaoth Dobhair inniu.

Tá sé beartaithe 29 teach a thógáil ar an eastát agus tá an chéad chuid den togra réidh, áit a bhfuil 11 teach tógtha, teach amháin 4 sheomra, 6 theach 3 sheomra agus 4 theach dhá sheomra.

Bhéarfar na tithe ar lámh do thionóntaí i gceann cúpla seachtain.

Beidh an chuairt ar siúl ar 9.30 maidin inniu.

Cruinniú Tithíochta

Dúirt Stiúrthóir Tithíochta na Comhairle Contae Patsy Lafferty ag cruinniú de Choiste Tithíochta na Comhairle Contae inné gur cheart do dhaoine a bhfuil deacrachtaí sláinte acu, mar go bhfuil siad ina gcónaí i dtithe ina bhfuil brící lochtacha, teagmháil a dhéanamh lena mBainisteoir Ceantair agus na deacrachtaí a phlé agus a mhíniú daofa.

Dúirt sé go bhfuil Bainisteoirí Ceantair i ngach ceantar bardais sa chontae agus ar fáil le labhairt le tionóntaí atá imníoch faoina sláinte.

Thug an Comhairleoir Joy Beard le fios go bhfuil deacrachtaí sláinte ag cuid mhór de na tionóntaí atá ina gcónaí i dtithe ina bhfuil brící lochtacha.

Dúirt sí go bhfuil na tithe tais agus fuar agus go mbíonn páistí as láthair ón scoil go minic de bharr tinnis.

Dúirt an Comhairleoir Beard nach bhfuil sé ceart ná cóir go bhfuil teaghlaigh ina gcónaí i dtithe atá mífholláin agus contúirteach.