Drugaí

Tógadh drugaí a mheastar a bheith mídhleathach, agus luach €229,000 luaite leo, inné sa Lios Mór i gContae Phort Láirge, agus na Gardaí, agus Seirbhís Custam na gCoimisinéirí Ioncaim ag obair as lámha a chéile.

Thog na hOifigigh Custam ar láimh, 10.35kg den luibh canabais, a measadh gur fiú €207,000, agus fuarthas ábhar eile, a mheastar gur THC mídhleathach é le luach €22,000 i gcuardach eile a deineadh ina dhiaidh sin.

Tuairiscítear go raibh faisnéis aigeas na Gardaí roimh ré.

Gabhadh fear amháin sna 40í agus bean sna 30í, agus táid fé choimeád ag Stáisiún Gardaí i gContae Phort Láirge.

Déanfaidh Eolaíocht Fhóiréinseach Éireann anailís ar na drugaí a tógadh.

Táthar ag leanúint leis an bhfiosrúchán.

Creimeadh cósta

Glacadh le rún ag cruinniú Chomhairle Contae Chorcaí inné, inar éilíodh beartais agus straitéis náisiúnta le dul i ngleic leis an gcreimeadh cósta sna ceantair cois cósta ar fud na hÉireann.

Tá os cionn 1,000 ciliméadar den gcósta fé chúram na Comhairle Contae i gCo. Chorcaí agus is cósta bog é 422 ciliméadar dó san, ina bhfuil tránna, machairí láibe agus aillte cré.

In agallamh d'Adhmhaidin inniu, dúirt an Comhairleoir Gillian Ní Chochláin go bhfuil cósta Chorcaí níos leochailí agus an creimeadh ag tarlú níos tapúla ná riamh.

An Rinn

Tá obair leagtha amach ag Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge, don Rinn, ina gclár oibre do 2026.

Tugadh le fios ag cruinniú Cheantar Bardasach Dhún Garbhán agus Leasa Mhóir inné go mbeidh slacht á chur ar an gcosán idir Beairic na nGardaí agus Scoil Náisiúnta na Rinne, agus tá caiteachas €80,000 measta don obair sin.

Cuirfear dromchla nua ar na bóithre ag Eastát na Comhairle gar do Choláiste na Rinne, agus ag Eastát na Leacan Bige.

Fiontraithe

Beidh fiontraithe óga ós na ranganna idirbhliana i meánscoileanna Gaeltachta an Deiscirt ag teacht le chéile inniu in Óstán Ghobnatan i mBaile Bhuirne le haghaidh Chraobh na Mumhan de Chlár na gComhlachtaí atá urraithe ag Údarás na Gaeltachta.

Deis atá i gClár na gComhlachtaí do dhaltaí idirbhliana Gaeltachta, a scileanna fiontraíochta a nochtadh trí thograí gnó a chur le chéile.

Ospidéal Mhaigh Chromtha

Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte meáite ar chuid den Lár-Ionad Sláinte athchóirithe in Ospidéal Mhaigh Chromtha a úsáid chun ionad lae a chur ar bun do sheanóirí ó Mhaigh Chromtha agus ón gceantar máguaird.

Sin é a thug an tAire Stáit sa Roinn Sláinte, Kieran O’Donnell, le fios i bhfreagra scríte ar cheist dála ón dTeachta Dála Aindrias Ó Muíneacháin ó Chúil Aodha.

Níl an togra ach sna luath-laethanta, a dúirt an tAire, agus táthar ag obair ar an iarratas le go gcuirfí san áireamh é ar an bPlean Caipitil.

Cuirfear amach ar tairiscint ansan é, agus nuair a bheidh an próiséas tairisceana curtha i gcrí, beifear in ann dátaí a lua leis an dtogra, a dúirt an tAire McDonnell

Jack Kennedy

Tá marcach an Daingin Jack Kennedy thar n-ais ag Cheltenham agus tús á chur inniu le Féile Bhliantúil na Ráiseanna Seilge.

Tá 6 rás ar chlár an lae ag an gCinnéideach, cúig cinn don dtraenálaí Gordon Elliot ag tosnú le chéad rás an lae ar 1.20pm, agus beidh sé ag marcaíocht don dtraenálaí Faye Bramley sa rás ar a 4.50pm.