Iascach Intíre Éireann

Dúirt Iar-Phríomhfheidhmeannach Iascach Intíre Éireann, Francis O'Donnell as Dún na nGall, go dtug sé le fios i ráiteas a thug sé do na Gardaí go ndearna Seanadóir dúmhál air agus é ag iarraidh brú a chur air fostaí sinsearach a chur sé ar fionraí a thabhairt ar ais.

Tá Francis O’Donnell ag maíomh gur dearnadh dífhostú éagórach air agus bhí a chás á éisteacht inné sa Choimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre don dara lá as a chéile.

Dúradh le linn na héisteachta inné gur lig Iascach Intíre na hÉireann Francis O’Donnell chun bealaigh i samhradh na bliana anuraidh sula raibh a théarma cúig bliana curtha isteach aige.

Dúirt Francis O’Donnell gur chuir sé fostaí sinsearach, Pat Gorman, ar fionraí i 2022 fhad is a bhí líomhaintí caimiléireachta a cuireadh ina leith á bhfiosrú.

Bhí deartháir Pat Gorman, Fintan Gorman, ina chathaoirleach ar Iascach Intíre Éireann ag an am agus dúirt Francis O’Donnell gur cuireadh brú air gan leanstan leis an phróiseas i gcoinne Pat Gorman.

Dúirt Francis O’Donnell gur inis feidhmeannach sinsearach sa Roinn Comhshaoil dó go dtug Seanadóir le fios dó go sceithfí eolas faoi Francis O’Donnell a dhéanfadh dochar dó mura dtabharfadh sé Pat Gorman ar ais.

Dúirt Francis O’Donnell go dtug sé le fios do na Gardaí ansin go raibh dúmhál á dhéanamh ag an Seanadóir air.

Oifigeach Forbartha

Tá post á thairiscint ag Comhar na nOileán d’Oifigeach Forbartha a thabharfadh faoin dara céim den bhealach gorm atáthar ag iarraidh a bhunú idir na hoileáin bheaga amach ó chósta Dhún na nGall agus tír mór.

Tá sé mar aidhm ag Comhar na nOileán an bealach gorm do na hoileáin bheaga, Toraigh, Gabhla, Inis Bó Finne, Inis Caorach, Inis Fraoigh agus Inis Mhic a Doirn, a cheangail le bealach gorm Árainn Mhór agus Ailt a Chorráin amach anseo.

Is iad Comharchumann na nOileán Beaga, Comharchumann Oileán Thoraí, Comhairle Contae Dhún na nGall, Údarás na Gaeltachta agus Comhar na nOileán atá i mbun an togra.

Glacfar le tairiscintí go dtí an 15 Márta.

Máinlia

Tugadh ardmholadh don mháinlia in Otharlann Leitir Ceanainn, Michael Sugrue, ag cruinniú Fhóram Sláinte an Iarthair agus an Iarthuaiscirt le gairid.

Dúirt an Comhairleoir Ciaran Brogan go raibh obair mhór déanta ag Michael Sugrue le blianta beaga anuas le hOtharlann Leitir Ceanainn a chur chun cinn agus le Plean Forbartha na hOtharlainne a ullmhú.

Thug an Comhairleoir Brogan le fios go mbeidh Michael Sugrue ag éirí as go luath agus go mbainfidh pobal Dhún na nGall tairbhe as a shaothar sna blianta amach romhainn agus forbairtí móra beartaithe ar shuíomh na hotharlainne.

Líonra Náisiúnta Foghlama

Beidh Lá Oscailte ar siúl ag an Líonra Náisiúnta Foghlama i Leitir Ceanainn inniu.

Cuirfear eolas ar fáil do dhaoine a bhfuil riachtanais bhreise acu ar na tacaíochtaí foghlama atá ar fáil dóibh sa chontae.

Dúirt Ruairí Ó Fríl, teagascóir leis an Líonra Foghlama nach n-oireann an príomhchóras oideachais d’achan duine agus go bhfuil sé tábhachtach go bhfuil a fhios ag daoine go bhfuil sruthanna foghlama eile ar fáil dóibh.

Beidh an Lá Oscailte ar siúl i rith an lae inniu san Ionad Traenála i bPáirc Ghnó Rossview i Leitir Ceanainn.

Seachtain Fiontair Áitiúil Dhún na nGall

Beidh dhá imeacht á reáchtáil ag Údarás na Gaeltachta inniu mar pháirt de Sheachtain Fiontair Áitiúil Dhún na nGall.

Beidh ócáid sa gTeic ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair dar teideal "Bainistíocht Éifeachtach" ina ndéanfar cur síos ar acmhainní daonna agus dlíthe fostaíochta.

Beidh ócáid eile i nDrioglann Chroithlí inniu dar teideal "Ag Tógáil an Chontae" áit a dtabharfaidh an tOllamh Breandán Mac Suibhne cuntas ar eagraíochtaí i nDún na nGall a raibh baint acu le gníomhaíochtaí eacnamaíochta san am a chuaigh thart.