Bonneagar

Deir an Feisire Eorpach don nDeisceart, Cynthia Ní Mhurchú, go bhfágfar bonneagar digiteach agus fuinnimh na tíre i mbaol, mura ndéantar gníomh gan mhoill chun na cáblaí faoi uisce amach ó chósta na tíre a chosaint.

In agallamh ar Adhmhaidin inniu, dúirt an Feisire go bhfuil éiginnteacht ann faoi láthair maidir leis an tionchar a bheidh ag an mbeartas nua cosanta ar earnáil na hiascaireachta cois cósta.

Beanntraí

Gabhadh beirt fhear inné i mBeanntraí tar éis dos na Gardaí áiteanna éagsúla sa cheantar a chuardach agus barántas acu, mar chuid d'fhiosraithe leanúnacha atá ar bun acu i dtaobh díol agus soláthar drugaí.

Fuarthas ábhar a mheastar gur cócaon é, le luach €12,000, méid beag canabais, agus €5,000 in airgead tirim, mar aon le fearas a bhaineann le drugaí.

Gabhadh beirt fhear, duine sna 30idí agus duine ina 40idí, agus coimeádadh iad ag stáisiún Gardaí i gCorcaigh.

Tá an fear sna 30idí cúisithe agus tiocfaidh sé os comhair na cúirte amach anso.

Tá an fear sna 40idí cúisithe chomh maith agus beidh sé os comhair Chúirt Dúiche Mhaigh Chromtha inniu ar 10.30.

Seolfar na substaintí atá faoi amhras go dtí Eolaíocht Fhóiréinseach Éireann go ndéanfar anailís orthu.

Táthar ag leanúint leis na fiosrúcháin.

Tionóisc bhóthair

Tá na Gardaí ag iarraidh cabhrach ar an bpobal, lena bhfiosruithe fé thionóisc bhóthair a tharla tráthnóna Dé Luain i dTiobraid Mhór in Ard Fhearta i gCiarraí.

Aon chairt amháin agus coisí a bhí sa tionóisc a tharla timpeall ar 9.20pm.

Tugadh an coisí, fear sna 30í, go dtí Ospidéal na hOllscoile Ciarraí, agus tuairiscítear go bhfuil baill chriticiúil air.

Tá na gardaí ag iarraidh ar daoine a bhí ar bhóthar R556 ó Thrá Lí go Mainistir ó dTórna, i sráidbhaile Ard Fhearta, nó i dTiobraid Mhór, i nDún Dea-radhairc Thuaidh, i Lios Lús agus ar an bpríomhbhóthar idir Mainistir Ó dTórna agus Ard Fhearta, idir 7.30pm agus 9.30pm trathnóna Dé Luain, agus a thug aon ní fé ndeara, nó a bhfuil físeán ó cheamara cairte acu, dul chun cainte leo i dTrá Lí, nó in aon stáisiún Gardaí.

Dréacht-Threoirlínte Pleanála

Tá sé scannalach go bhfuiltear fós ag fanacht i mí an Mhárta 2026 le Dréacht-Threoirlínte Pleanála don nGaeltacht a gealladh ar dtús i 2021.

Sin a dúirt Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge, John Prendergast ó Thrá Lí tráthnóna inné, tar éis na hagóide a bhí i mBaile Átha Cliath ag an bhFeachtas TINTEÁN, atá ar bun ag an gConradh agus grúpaí eile, ag éileamh gníomh práinneach ar an Aire Tithíochta, James Browne, maidir leis an ngéarchéim tithíochta agus teangan atá ag dul in olcas sa Ghaeltacht.

Dúirt John Prendergast go bhfuil moltaí soiléire, praiticiúla leagtha amach ag feachtas TINTEÁN ar féidir leis an Rialtas gníomhú orthu láithreach.

Ní moltaí radacacha iad, a dúirt sé, ach réitigh shimplí, láidre chun a chinntiú gur féidir le daoine maireachtaint sa Ghaeltacht.

Má táthar le todhchaí na Gaeltachta a chinntiú, is gníomh práinneach atá ag teastáilt anois, a dúirt sé.

Carnegie

Deir an Teachta Dála Michael Cahill go bhfuil cead fachta ag Comhairle Contae Chiarraí an conradh tógála a bhronnadh don athfhorbairt ar Fhoirgneamh Carnegie i gCathair Saidhbhín.

Bronnadh an conradh ar an gcomhlacht tógála Evans agus Kelliher ó Chaisleán na Mainge, agus tá sé beartaithe go dtosóidh an obair an tseachtain seo chugainn agus go mbeidh sí curtha i gcrích fé cheann 18 mí.

Dúirt an Teachta Cahill gur forbairt ana-dhearfach í seo don gceantar.

Beidh Oifig Turasóireachta, seomraí cruinnithe, oifigí, ceaintín agus áiseanna eile sa bhforbairt nua.

Ollscoil Teicneolaíochta

Deir Teachta Dála Shinn Féin na nDéise, David Cullinane, go léiríonn na figiúirí is déanaí a foilsíodh maidir leis an maoiniú caipitil dos na hOllscoileanna Teicneolaíochta, an éagothromaíocht atá sa tír, agus an tOirdheisceart fágtha in áit na leathphingine dar leis.

Agus €237 milliún roinnte idir na cúig Ollscoil Teicneolaíochta, níl ach €30 milliún, nó 13%, tugtha d’Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt.

Mar chomparáid, tá €53 milliún tugtha d’Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan, nó 22% den iomlán.

Sé a thuairim ná fuil cothrom na féinne á fháil ag an Oirdheisceart.

Caillfear deiseanna dá bharra, a dúirt sé, agus beidh tionchar aige ar fhorbairt gheilleagar an réigiúin agus ar sheirbhísí poiblí.