Fuinneamh

Beidh ceardlann ar siúl i Leabharlann Ghaoth Dobhair tráthnóna inniu ar dhóigheanna le billí fuinnimh a laghdú agus éifeachtacht fuinnimh a mhéadú.

Tá feachtas 'Bí Cliste faoi Fhuinneamh' ar siúl ag Leabharlanna na contae inar féidir leis an phobal trealamh fuinnimh a fháil ar iasacht.

Tugann an trealamh seo deis do thionóntaí smacht a bheith acu ar an úsáid fuinnimh ina dtithe agus is féidir billí fuinnimh a laghdú 20% dá bharr.

Beidh an cheardlann ar siúl i Leabharlann Ghaoth Dobhair ag a 6 a chlog tráthnóna inniu.

Otharlann Pobail

Thug Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte thar ceann an Aire Sláinte Jennifer Carroll MacNeill le fios don Teachta Dála Pat the Cope Ó Gallchóir i bhfreagra parlaiminte go bhfuil Otharlann Pobail agus Ionad Sláinte úr Leifir san áireamh i bPlean Caipitil Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte 2026.

Tugadh le fios don Teachta Ó Gallchóir go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh sna comhráití atá ar siúl maidir le suíomh a aimsiú don fhorbairt.

Dúradh san fhreagra go gceapfar foireann deartha i mbliana ach nach féidir a rá ag an tráth seo cén uair a bheidh tús á chur leis an obair thógála.

Bainisteoir faoi Oiliúint

Measann Nóirín Uí Mhaoldomhnaigh, Bainisteoir Chomharchumann Árainn Mhór, go mbeidh an post atá fógartha do Bhainisteoir faoi Oiliúint ina chuidiú mór ag an Chomharchumann.

Ós rud é go mbeidh cúraimí forbartha pobail agus Pleanála Teanga ar an té a cheapfar, measann sí go mbeidh sé níos fusa duine a earcú mar go bhfuil réimsí éagsúla ag baint leis an phost.

Dúirt sí go raibh deacrachtaí ag an Chomharchumann Oifigeach Pleanála Teanga a earcú ar an oileán ach measann sí go mbeidh an cur chuige atá fógartha ina chuidiú.

Tá go dtí De Céadaoin seo chugainn ag daoine cur isteach ar an phost.

Turasóireacht

Beidh ócáid Ceangail Turasóireachta Dhún na nGall don bhliain 2026 ar siúl in Óstán Jackson i mBealach Féich inniu, áit a mbeidh níos mó nó 130 gnólacht i láthair.

Is í Comhairle Contae Dhún na nGall atá ag eagrú na hócáide i gcomhar le Fáilte Eireann.

Dúirt Cathaoirleach na Comhairle Contae, an Comhairleoir Paul Canning, gur ócáid fhíorthábhachtach í seo do ghnónna turasóireachta agus gur deis é do ghnólachtaí ceangal lena chéile agus plé a dhéanamh ar dhóigheanna leis an tionscal a fhorbairt.

Is é Doug Lansky, barr smaointeoir clúiteach turasóireachta agus údar, a bheidh ina aoi-chainteoir ag an ócáid.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall agus Cathaoirleach Thurasóireacht Dhún na nGall John McLaughlin gurb í seo an ócáid bhliaintúil is mó den chineál seo a bhíonn ar siúl i nDún na nGall.

Cumann Tráchtála Leitir Ceanainn

Is í Karoline Sweeney, bainisteoir Óstán an Castle Grove i Leitir Ceanainn Uachtarán Nua-Thofa Chumann Tráchtála Leitir Ceanainn.

Toghadh í ag cruinniú cinn bhliana an chumainn aréir agus tagann sí i gcomharbacht ar Jimmy Stafford.

337 ball atá ag Cumann Tráchtála Leitir Ceanainn agus dhéanann siad ionadaíocht ar 15,000 fostaí.