An Craoslach
Dúirt an tAire Dlí agus Cirt Jim O'Callaghan go bhfuil sé mar dhualgas air mar Aire Dlí agus Cirt an ceart a sheasamh do theaghlaigh na ndaoine a maraíodh i dtragóid an Chraoslaigh.
Dúirt sé é seo i bhfreagra ar cheist a cuireadh air le linn Chomhdháil Póilíneachta Trasteorann an Gharda Síochána agus an PSNI i gContae an Chabháin inné.
Tá sé ráite ag Máthair Leona Harper (14) a maraíodh sa phléasc in 2022 go bhfuil díomá uirthi gur dhiúltaigh an tAire O’Callaghan castáil arís le teaghlaigh na ndaoine a maraíodh i dtragóid an Chraoslaigh.
Dúirt sí nach bhfuil eolas ar bith ag na teaghlaigh ó shin faoi caidé ba chúis leis an tragóid.
Tá na teaghlaigh go fóill ag iarraidh go mbunófaí fiosrúchán poiblí faoin phléasc.
Dúirt an tAire O’Callaghan go bhfuil an fiosrúchan ag leanstan ar aghaidh agus gur seo an t-aon dóigh lena chinntiú go bhfaighidh na teaghlaigh an cothrom dlí atá tuillte acu.
Ola
Deir comhlachtaí ola i nDún na nGall go bhfuil ráchairt mhór ar ola ó bhí inné ann de bharr an mhíshuaimhnis sa Mheánoirthear.
D’ardaigh luach an ola le tithe a théamh le 24 uaire agus deir na comhlachtaí ola go bhfuil an baol ann go mbeidh an luach ag ardú arís de bharr na dtrioblóidí.
Thug urlabhraithe ón chomhlacht ola McDevitts in Anagaire agus ón chomhlacht Donegal Oil i Leitir Ceanainn le fios go bhfuil éileamh ar ola ó chustaiméirí le cúpla lá anuas agus go mbeidh moill ar na comhlachtaí an ola a sholáthar do chustaiméirí.
Luach €560 ar an meán atá ar 500 lítear ola faoi láthair sa chontae, sin ardú 10% le cúpla lá anuas.
Gaelscoil
Tá súil ag Cathaoirleach Ghaelscoil na gCeithre Maistrí i mBaile Dhún na nGall, Caitríona Nic Seoin, go gcuirfear tús mar is ceart go luath le próiseas chun aitheantas mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta a thabhairt do Bhaile Dhún na nGall.
Dúirt sí go bhfuil siad ag fanacht le scairt ón Roinn chun ceann eagraíochta a cheapadh.
Ós rud é go bhfuil Scoil úr acu anois dúirt sí go mbeidh sé níos fusa pobal na Gaeilge ar an bhaile a fhorbairt mar gurb í an scoil croílár phobal na Gaeilge.
Dúirt sí go mbeidh siad ag freastal ar phobail agus ar scoltacha eile taobh amuigh de phobal Ghaelscoil na gCeithre Maistrí.
Seachtain Fiontair Áitiúil
.Beidh trí imeacht á reáchtáil ag Údarás na Gaeltachta an tseachtain seo mar pháirt de Sheachtain Fiontair Áitiúil Dhún na nGall.
Beidh an ócáid "Ó Smaoineamh go Branda Rathúil " ar siúl sa gTeic ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair inniu agus pléifear dóigheanna le smaointe gnó a fhorbairt.
Beidh painéal cainteoirí i láthair ó chomhlachtaí áitiúla san earnáil Bia agus Dí, ach tá fáilte roimh achan duine.
Dhéanfar cur síos ar na deacrachtaí, tacaíochtaí agus na dúshláin atá ag Comhlachtaí sa Ghaeltacht.
Beidh ócáidí eile á reáchtáil ag Údarás na Gaeltachta sa gTeic agus i nDrioglann Chroithlí Déardaoin.
Campas Trí Scoil
Thug Andy McGovern, Stiurthóir Tacaíochta agus Forbartha Eagraíochta Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún an nGall le fios ag cruinniú den Bhord le gairid go bhfuil sé dóchasach go mbeidh an t-iarratas pleanála do Champas Trí Scoil i mBun Cranncha réidh roimh dheireadh na míosa seo.
Dúirt sé gurbh éigean athruithe a chur ar an phlean mar gheall ar Thogra Taistil Ghníomhaigh an bhaile ach go bhfuil na socruithe faoin phlean críochnaithe beagnach anois.
Dúirt an Comhairleor Fionán Bradley, ball den Bhord, go bhfuil súil aige nach gcuirfear a dhath níos mó moille ar an togra, togra atá ar na bacáin níos mo ná 20 bliain a dúirt sé.
Ceardlanna
Cuirfear tús inniu le sraith de cheardlanna don aos óg a bhaineann le hEolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht agus Matamaitic a chur chun cinn.
Tá na ceardlanna seo á n-eagrú mar pháirt de Sheachtain na Gaeilge.
Beidh na ceardlanna ar siúl i Scoil Náisiúnta Mhín Tine Dé agus in Áislann Chill Chartha inniu.
Beidh siad ar siúl sa tSeanbheairic ar an Fhál Carrach amárach agus i Leabharlann Phobail Ghaoth Dobhair Déardaoin.
I Leabharlann Phobail na Rosann agus in Áras Sheagháin Bháin i mBaile na Finne a bheidh na ceardlanna STEM ar siúl ar an Aoine.