Feirmeoirí
D'iarr Iar-Chathaoirleach Chumann Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann i nDún na nGall ar fheirmeoirí dlús a chur leis an agóid atá ar siúl acu i gcoinne Chathaoirleach Bhord Bia Larry Murrin.
Ag labhairt dó ag Cruinniú Cinn Bhliana Chraobh Dhún na nGall den Chumann i Leitir Ceanainn aréir, dúirt Seamus Quinn gur léirigh an tAire Talmhaíochta Martin Heydon dímheas iomlán ar fheirmeoirí aréir nuair a d'fhógair sé go raibh muinín iomlán aige i Larry Murrin.
Tá Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann i mbun agóide i gCeanncheathrú Bhord Bia i mBaile Átha Cliath ó mhí Eanáir ó tháinig sé chun solais go raibh an comhlacht Dawn Farm Foods, a bhfuil Larry Murrin ina Phríomhfheidhmeannach air, ag fáil roinnt bheag dá chuid feola ón Bhrasaíl.
Tá Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann agus eagraíochtaí feirmeoireachta eile ag iarraidh ar Larry Murrin éirí as a phost ina Chathaoireach ar Bhord Bia mar gheall ar choimhlint leasa a deir siad atá i gceist agus bia na hÉireann á chur chun cinn aige.
Ina measc siúd atá i mbun agóide i gCeanncheathrú Bhord Bia, tá Christine Friel as Cill Mhic Réanáin.
D’fhreastail sí ar chruinniú na hoíche aréir ar nasc físe, áit ar tugadh moladh mór di.
Coiste Cróinéara
Bhí cuid den réamhéisteacht do Choiste Cróinéara bhás an tsaighdiúra shingil, Seán Rooney, a maraíodh sa Liobáin trí bliana ó shin, ar siúl go príobháideach i mBaile Átha Cliath inné.
Dúirt na Fórsaí Cosanta gur bhain an chuid sin den éisteacht le ceisteanna slándála thar a bheith leochaileach.
Dúirt dlíodóir theaghlach Sheáin Rooney go raibh an teaghlach ag iarraidh go mbeadh aon éisteacht faoi scóip an choiste cróinéara ar siúl go poiblí.
Beidh éisteacht eile den choiste cróinéara ar siúl an 23 Aibreán.
Thug an Cróinéir Myra Cullinane le fios go mbeadh an chuid is mó den éisteacht sin ar siúl go poiblí.
Cúram Baile
Cúis imní é go bhfuil othair i nDún na nGall ag fanacht suas le 40 seachtain le seirbhís cúraim baile a fháil, a dúirt an Comhairleoir Gary Doherty.
Tugadh le fios ag cruinniú Fhóram Sláinte an Réigiúin an tseachtain seo go bhfuil 379 othar ar liosta feithimh na Feidhmeannachta sa chontae agus iad ag fanacht ar sheirbhís cúraim baile.
Thug Dermot Monaghan, Bainisteoir Sláinte Ceantair Dhún na nGall, le fios go bhfuil níos mó éilimh ar sheirbhísí cúraim baile i nDún na nGall ná mar atá ar chúram i dtithe altranais.
Dúirt sé go bhfuil iarrachtaí móra á ndéanamh ag an Fheidhmeannacht le tuilleadh cúramóirí baile a fhostú.
Ionad Sláinte
Níl an foirgneamh atá á úsáid d’Ionad Sláinte Phríomhúil Thamhnaigh i bhFánaid fóirsteanach do sheirbhísí sláinte a dúirt an Comhairleoir Declan Meehan.
Dúirt sé ag cruinniú Fhóram Sláinte an Iarthair agus an Iarthuaiscirt an tseachtain seo go bhfuil géarghá le foirgneamh úr ina mbeidh níos mó spáis ann do chlinicí sláinte.
Tá athbhreithniú ar siúl ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ar an fhoirgneamh faoi láthair.
Thug an Fheidhmeannacht le fios go mbeidh cás gnó á dhéanamh le hIonad Sláinte Phríomhúil d’ardchaighdeán a bheith ar fáil do phobal Fhánada ag brath ar thorthaí an athbhreithnithe.
Táthar ag súil go mbeidh cinneadh á dhéanamh faoi thodhchaí Ionad Sláinte Phríomhúil Thamhnaigh roimh dheireadh mhí Meithimh.
Gaelscoil
Cúis mhór bróid a dúirt Eoghan Ó Gráda, Príomhoide Ghaelscoil na gCeithre Máistrí i mBaile Dhún na nGall, gur seoladh Seachtain na Gaeilge go hoifigiúil sa scoil inné.
Osclaíodh an scoil úr anuraidh i ndiaidh feachtais a mhair blianta fada.
Dúirt Eoghan Ó Gráda go raibh oideachas d’ardchaighdeán i gcónaí sa scoil, ach anois go bhfuil acmhainní agus áiseanna d’ardchaighdeán acu, rud a mheallfaidh daltaí breise chun na scoile.
Thug sé le fios fosta go ndéanfar rang úr do dhaoine a bhfuil uathachas orthu ag oscailt i Meán Fómhair.
Ábhar faoisimh a dúirt Eoghan Ó Gráda gur cuireadh stop go sealadach leis na ciorraithe ar chúntóirí riachtanas speisialta.
Dúirt sé go bhfuil obair thar a bheith luachmhar á déanamh ag na cúntóirí ranga agus gur mhaith leis féin dá gceadófaí cúntóir breise don scoil.
Imeachtaí Gaelacha
Ba chóir ciste airgid a chur i leataobh i mBuiséad na Comhairle Contae le himeachtaí Gaelacha a eagrú taobh amuigh den Ghaeltacht, a dúirt an Comhairleoir Contae John Shéamais Ó Fearraigh, ball de Choiste na Gaeilge.
Dúirt sé go dtuigeann sé go bhfuil sé tábhachtach imeachtaí a reáchtáil sa Ghaeltacht, ach go minic go ndéantar leithcheal ar cheantracha taobh amuigh den Ghaeltacht atá ar a ndícheall in ainneoin na ndúshlán atá le sárú acu.
Dúirt sé ag cruinniú ar na mallaibh go bhfuil sé tábhachtach aitheantas a thabhairt don obair atá idir lámha ag grúpaí taobh amuigh den Ghaeltacht agus mhol sé go háirithe na hiarrachtaí atá ar bun ag grúpaí in Inis Eoghain.