Eitiltí
Beidh cruinniú ag Coiste Eitiltí agus Seirbhísí Ailse Dhún na nGall leis an Aire Iompair Darragh O'Brien i mBaile Átha Cliath inniu.
Chas an coiste le hoifigigh na Roinne an 11 Feabhra agus gheall siad an lá sin go gcasfadh an tAire leo chomh luath agus is féidir.
Dúirt Máire Uí Chomhail, ball den choiste, go measann siad go bhfuil cás maith acu leis an eitilt i lár an lae a choinneáil idir Dún na nGall agus Baile Átha Cliath agus go bhfuil siad ag súil go ndéanfar athruithe ar an chonradh seirbhíse poiblí, ach nach bhfuil cinnteacht ar bith faoi seo.
Dúirt sí go mbeadh siad sásta aghaidh a thabhairt ar Dháil Éireann le dul i mbun agóide mura bhfaighidh siad sásamh inniu.
Beidh an cruinniú ar siúl ar 1.15 inniu.
Cúirt
Fuarthas fear sna seascaidí ciontach i gCúirt Chuarda Leitir Ceanainn inné i gcoireanna gnéis a tharla idir na blianta 1981 agus 1998 ag láithreacha éagsúla sa chontae.
34 cúis a cuireadh i leith an fhir nach féidir a ainm a thabhairt ag an tráth seo ar chúiseanna dlí.
Bhain na cúiseanna a cuireadh ina leith le hionsaithe gnéis, ionsaithe mígheanasacha agus iarrachtaí ionsaithe gnéis agus mígheanasacha a dhéanamh ar naonúr.
Dúradh sa chúirt nach raibh an fear muinteartha don naonúr ach go raibh sé cairdiúil lena dtuismitheoirí.
Cuireadh an fear siar faoi choinneáil agus tabharfar os comhair na cúirte arís é i mí Bealtaine, áit á ngearrfar pianbhreith air.
Buirgléireacht
Ghabh na Gardaí ceathrar fear mar chuid d’fhiosrúchán leanúnach atá ar bun acu, ina bhfuil siad ag díriú ar bhuíonta eagraithe buirgléireachta i gContaetha Dhún na nGall, Shligigh agus an Chabháin.
Tá triúr de na fir, beirt ógánach ina measc, le tabhairt os comhair Chúirt Dúiche Chora Droma Rúisc i gContae Liatroma maidin inniu.
Tabharfar an ceathrú fear os comhair cúirte fosta lena chúiseamh.
Deir na Gardaí go bhfuil a gcuid fiosruithe ag leanstan.
Cúntóirí Riachtanas Speisialta
Tá fáilte curtha ag an Teachta Dála Pat the Cope Ó Gallachóir roimh dhearbhú an Aire Oideachais Hildegarde Naughton agus an Aire Stáit Michael Moynihan nach mbeidh ciorraithe á ndéanamh ar líon na gcúntóirí riachtanas speisialta don chéad scoilbhliain eile.
Dúirt an Teachta Ó Gallachóir go raibh an oiread daoine i dteagmháil leis lena n-imní a chur in iúl faoin scéal.
Is dea-scéala go bhfuil sé dearbhaithe ag na hAirí go mbeidh achan scoil a bhí le cúntóirí breise a fháil á bhfáil agus go bhfuil cinnteacht ag teaghlaigh, daltaí agus pobail na scoltacha atá ag brath ar an leibhéal cuí tacaíochta, a dúirt an Teachta Ó Gallachóir.
Tá fáilte curtha ag an Chomhairleoir Contae Jimmy Brogan roimh an scéala fosta ach dúirt sé go ndeachaigh an Rialtas siar ar a gcinneadh mar thoradh ar bhrú suntasach ó thuismitheoirí, ó chúntóirí riachtanas speisialta agus ó mhúinteoirí fud fad na tíre.
Mar sin féin, deir sé go bhfuil ceisteanna go fóill le freagairt faoin chúis ar beartaíodh na ciorraithe a dhéanamh an chéad lá riamh.
Cuireadh strus agus imní ar theaghlaigh a bhfuil páistí acu a bhfuil riachtanais speisialta acu dá bharr, a dúirt an Comhairleoir Brogan.
Scoil na nAingeal Beag
Níl dáta leagtha amach ag an Roinn Oideachais go fóill le Scoil na nAingeal Beag a chur faoi chúram Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall.
Dúirt Príomhfheidhmeannach an Bhoird Anne McHugh go bhfuil sí ag súil go mbeidh an conradh sínithe faoin 1 Meán Fómhair nuair a chuirfear tús leis an scoilbhliain úr.
Dúirt sí go bhfuil an obair ag leanstan ar aghaidh agus nach féidir Bord Bainistíochta a bhunú go dtí go mbeidh an conradh sínithe ag an Aire.
Thug Anne McHugh le fios go mbeidh cruinniú ag an Bhord le tuismitheoirí na ndaltaí le hiad a choinneáil ar an eolas faoi aon athrú i dtaca leis an scoil agus a gcuid ceisteanna a fhreagairt.