Eitiltí

Tá sé tugtha le fios ag an Aire Iompair Darragh O'Brien go bhfuil an Roinn Iompair i dteagmháil le Emerald Airlines faoi na heitiltí úra idir Aerfort Dhún na nGall agus Aerfort Bhaile Átha Cliath.

Caithfidh an dá pháirtí a shínigh an conradh, is iad sin an Roinn Iompair agus Emerald Airlines, glacadh le haon athrú atáthar ag iarraidh a dhéanamh ar sceideal úr na n-eitiltí, a dúirt sé.

Thug an tAire O'Brien an méid sin le fios i bhfreagra scríofa a thug sé ar cheist pharlaiminte ón Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh, áit ar lorg an Teachta Ó Dochartaigh sonraí an athbhreithnithe agus eolas faoin chumhacht atá ag an Aire athruithe a dhéanamh ar an sceideal.

Thug an tAire O’Brien le fios ina fhreagra gur éist sé leis an imní atá ar phobal Dhún na nGall faoi eitiltí am lóin atá á gcailleadh faoin chonradh úr agus dúirt sé go raibh sé ag déanamh a mhachnaimh ar caidé eile gur féidir a dhéanamh le freastail ar riachtanais na bpaisinéirí ach ag cinntiú go leanfar leis an tseirbhís ag an am céanna.

Pádraig Ó Dochartaigh

Tá ómós á léiriú don iarChomhairleoir Contae Pádraig Ó Dochartaigh nó Pádraig Chití Tim mar ab fhearr aithne air as Gaoth Dobhair a fuair bás inné.

Toghadh é ina Chomhairleoir Contae do Pháirtí Fhine Gael sa bhliain 1999 agus arís sa bhliain 2004 agus ina iarrthóir neamhspleách sa bhliain 2009.

Bhí sé ina Chathaoirleach ar Bhord Údarás na Gaeltachta idir na blianta 1986 agus 1989.

Chaith sé blianta fada i mbun seirbhís farantóireachta an bháid an Tor Mór go Toraigh agus ba é a thiomáin an síneadh a cuireadh le Cé an Bhuna Bhig.

Bhí Pádraig Chití Tim gníomhach i gcúrsaí pobail i bParóiste Ghaoth Dobhair agus ba é duine de Bhunaitheoirí Chomhar Creidmheasa Ghaoth Dobhair.

Tá ómós tugtha ag CLG Ghaoth Dobhair dó, áit ar chaith sé trí bliana déag ag imirt dá bhfoireann idir na 50idí agus sna 70idí.

Bhain sé Craobh Mhionúr an Chontae in 1960, Comórtas Náisiúnta Peile na Gaeltachta in 1969, Sraith an Chontae in 1970 agus Comórtas Peile Dhún na nGall in 1971 sa tréimhse sin.

Chaith Padraig Ó Dochartaigh blianta fada fosta mar mhúinteoir i Scoil Mhuire Dhoirí Beaga.

Aire

Béarfaidh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Martin Haydon cuairt ar an chontae inniu.

Beidh sé ar an Bhaile Nua ag meán lae agus ina dhiaidh sin bhéarfaidh sé cuairt ar Oifigí na Roinne i Rath Bhoth agus ar Ionad Prátaí Rath Bhoth áit a gcasfaidh sé le feirmeoirí ón chontae.

Beidh sé i mBaile Dhún na nGall agus sna Cealla Beaga tráthnóna inniu.

Iascaireacht

Beidh ionadaithe ó earnáil na hiascaireachta i nDún na nGall ina measc siúd a bheas ag freastal ar chruinniú atá á reáchtáil ag an Fheisire Eorpach Cynthia Ní Mhurchú i mBaile Chaisleáin Bhéarra, Co. Chorcaí tráthnóna le gnóthaí iascaireachta na hÉireann a phlé.

Beidh Príomhfheidhmeannach Chumann Táirgeoirí Éisc na hÉireann, Aodh Ó Dónaill agus Príomhfheidhmeannach Chumann Próiseálaithe agus Easpórtálaithe Éisc na hÉireann, Breandán Ó Beirn i measc na n-aoichainteoirí ag an ócáid.

Dúirt an Feisire Ní Mhurchú gur am cinniúnach é seo do phobal iascaigh na hÉireann, go bhfuil i bhfad barraíocht caillte ag an earnáil agus nach féidir léi buille eile a sheasamh.

Beidh ionadaithe iascaireachta na hÉireann chomh maith le hoifigigh Éireannacha agus an Aontais Eorpaigh i láthair ag an chruinniú.

Beidh an cruinniú ar siúl i gClub Gailf Bheanntraí i mBaile Chaisleáin Bhéarra ag 6.30 tráthnóna.

Céad Fhreagróirí

Beidh cruinniú poiblí ar siúl in Anagaire inniu le hiarrachtaí a dhéanamh foireann de chéad fhreagróirí deonacha a bhunú sa pharóiste.

Beidh ionadaí ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte i láthair le heolas a thabhairt faoin tseirbhís.

Beidh an cruinniú ar siúl i Scioból an Phobail i Mín na Craoibhe ag an 8 a chlog.

Tá an Comhairleoir Contae Micheál Choilm Mac Giolla Easpuig ina measc siúd atá ag eagrú an chruinnithe agus deir sé go bhfuil sé fíor-thábhachtach go mbunófaí seirbhís den chineál seo a dhéanfaidh freastail ar Pharóiste Anagaire ó Chroithlí go dtí an Mullach Dubh.