Taoiseach
D'admhaigh an Taoiseach Micheál Martin go gcruthóidh sceideal na n-eitiltí idir Dún na nGall agus Baile Átha Cliath faoin chonradh úr PSO deacrachtaí do dhaoine a bhfuil ailse orthu agus dúirt sé go bhfuil imní ar an Rialtas faoi.
In agallamh a rinne sé do 7LÁ ar TG4, dúirt an Taoiseach go gcaithfear anailís a dhéanamh ar an tseirbhís sna míonna atá le theacht agus más féidir aon athrú a dhéanamh ansin go ndéanfar iarracht sin a dhéanamh nó mura bhfuil an tseirbhís sásúil ar chor ar bith go gcaithfear tabhairt faoi.
Dúirt sé, áfach, go mbeidh sé deacair aon athrú a chur i bhfeidhm mar go bhfuil an conradh déanta anois idir an aerlíne agus oifigigh na Roinne Iompair.
Is é an deacracht is mó a bhaineann leis an chonradh úr, a dúirt sé, nó nach raibh ach aerlíne amháin sásta tabhairt faoin tseirbhís agus gurbh éigean an conradh a shíniú lena chinntiú go leanfar leis an tseirbhís.
Eitiltí agus Seirbhísí Ailse Dhún na nGall
Dúirt Coiste Eitiltí agus Seirbhísí Ailse Dhún na nGall nach leor don Taoiseach a bheith go díreach buartha faoin tseirbhís PSO úr idir Dún na nGall agus Baile Átha Cliath agus go bhfuil gá le gníomh.
Is é an réiteach atá ar an scéal ná seirbhís am lóin a athbhunú agus eitleán a bhunú thar oíche i nDún na nGall, a deir siad.
Thug an coiste le fios go raibh ceathrar dá gcuid othar le dul go Baile Átha Cliath inniu ar eitilt na maidine le freastail ar choinní ach gur cuireadh an eitilt sin ar ceal.
Ní réiteach ar bith é turas bus ceithre huaire a chloig ar fhad le hothair a thabhairt go Baile Átha Cliath, a deir siad.
Níl seirbhís PSO nach bhfuil ábalta othair a bhfuil ailse orthu a thabhairt chuig coinní le cóir leighis a fháil ag comhlíonadh a dualgais, a deir siad.
Bealach
Is dea-scéala é go mbeidh €650,000 ar fáil i mbliana ón Roinn Iompair do bhealach an N56 idir Gort an Choirce agus an Fál Carrach, a deir an Comhairleoir Contae Micheál Choilm Mac Giolla Easpaig.
Ba cheart go mbeadh maoiniú ceadaithe faoin phacáiste seo don bhealach idir Fána Bhuí agus Mín na Cuinge le dromchla úr a chur ar an phíosa seo bealaigh, a dúirt sé.
Dúirt an Comhairleoir Mac Giolla Easpaig gur cheart leanstan ar aghaidh leis an dea-obair a rinneadh ar an N56 ó na Gleanntaí go dtí an Clochán Liath, i dtreo an Chraoslaigh.
Tá éileamh ollmhór do chosáin siúil agus rothaíochta ón Chlochán Liath go dtí an Craoslach, agus sin an fáth gur cheart leanstan den chlár oibre a bhí ann ó na Gleanntaí go dtí an Clochán Liath, a dúirt an Comhairleoir Mac Giolla Easpaig.
Polasaí Teanga
Tá imní léirithe ag an Chomhairleoir Contae Martin Scanlon, Leas-Chathaoirleach Choiste na Gaeilge faoin dóigh ina gcuirfear coinníoll teanga i bhfeidhm sna ceantair Ghaeltachta ina bhfuil an Ghaeilge lag.
De réir Phlean Forbartha na Contae caithfidh Gaeilge a bheith ag 85% de na daoine a bheidh ina gcónaí i Scéimeanna Tithíochta sa Ghaeltacht feasta.
Aontaíonn an Comhairleoir Scanlon go bhfuil sé tábhachtach polasaí teanga a chur i bhfeidhm ach dúirt sé go gcaithfear a bheith cúramach agus a chinntiú go gcuirfear polasaí i bhfeidhm a bheidh inghlactha agus a oibreoidh sna ceantair Ghaeltachta atá láidir chomh maith leis na ceantair Ghaeltachta nach bhfuil chomh láidir.