Iascaireacht
Beidh an chéad chruinniú ag an tascfhórsa a bunaíodh le déileáil le laghdú ar chuóta éisc na hÉireann, ar siúl i mBinn Éadair inniu.
Dúirt an t-iascaire as Ailt an Chorráin, Ciarán Ó Dochartaigh, gur thóg na bádaí uilig a gcuótaí murlais in aon turas iascaireachta amháin i mbliana.
Caithfidh an tascfhórsa seo cluas éisteachta a thabhairt do na heagrais iascaireachta ar fad, a dúirt sé.
Meastar go gcaillfidh iascairí na hÉireann €105 milliún i mbliana de bharr an laghdaithe ar cuótaí, agus meastar go bhféadfadh 2,300 post a bheith i mbaol san earnáil.
Dúirt Aodh Ó Domhnaill, Príomhfheidhmeannach Chumann Táirgeoirí Éisc na hÉireann, go bhfuil gníomh práinneach ag teastáil agus laghdú 57,000 tonna ar chuótaí i mbliana.
Beidh tionchar ollmhór ag an laghdú seo ar leithid Chalafort na gCealla Beaga go háirithe, a dúirt Aodh Ó Domhnaill.
Timpiste bóthair
Tugadh ceathrar fear go hOtharlann Leitir Ceanainn inné de bharr gortuithe a bhain daofa i dtimpiste bóthair a tharla i mBeart.
Tharla an timpiste nuair a bhuail dhá charr in éadan a chéile i Spíonóg i mBeart i dtrátha 3.15 inné.
Bhí na seirbhísí éigeandála ar an láthair agus bhí an bealach druidte ar feadh tamaill.
Tuigtear nár gortaíodh na fir go dona.
Gabhla
Níl sé ceart ná cóir go bhfuil pobal Ghabhla fágtha gan soláthar uisce le breis agus seacht mí agus nach bhfuil eolas ar cén uair a bheidh na deacrachtaí réitithe, a dúirt Bainisteoir Chomharchumann na nOileán Beag Bridget Nic Gairbheith.
Dúirt sí go bhfuil sé dodhéanta freagraí a fháil ó Uisce Éireann agus nach bhfuair an Comharchumann freagra fiú nuair a lorg siad cruinniú leo.
Tá breis agus 30 teach ar an Oileán agus deir Bridget Nic Gairbheith go bhfuil na deacrachtaí ag cur isteach go mór ar phobal an Oileáin.
Dúirt sí go bhfuil an cheist tógtha ag Teachtaí Dála agus ionadaithe poiblí eile leis an Rialtas, ach go dtí seo nach bhfuil freagraí faighte.
Dúirt Bridget Nic Gairbheith go gcaithfear brú a choinneáil ar an Rialtas leis na deacrachtaí a réiteach.
Seachtain na Gaeilge
Seolfaidh Cathaoirleach Choiste Gaeilge Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Comhairleoir Micheál Choilm Mac Giolla Easpaig, Seachtain na Gaeilge an 26 Feabhra i nGaelscoil na gCeithre Maistrí, Baile Dhún na nGall.
Tá clár leathan d'imeachtaí leagtha amach ag an Chomhairle Contae i gcomhar le Seirbhís Leabharlainne na Contae ón dáta sin go dtí Lá Fhéile Pádraig.
Dúirt an Comhairleoir Mac Giolla Easpaig go bhfuil sé sásta go mbeidh an seoladh i nGaelscoil úr na gCeithre Maistrí.
Dúirt sé go bhfuil an t-aitheantas seo tuillte ag Bord Bainistíochta agus tuismitheorí na scoile mar gur chaith siad blianta fada i mbun feachtasaíochta do scoil úr.
Coiste Gaeilge
Tá dearbhú faighte ag Coiste Gaeilge Chomhairle Contae Dhún na nGall ó Oifig an Uachtaráin go bhfuair an Oifig cuireadh an Choiste maidir leis an Uachtarán freastal ar chruinniú de Choiste na Gaeilge.
Dúirt Oifig an Uachtaráin go mbeidh siad i dteagmháil leis an Choiste faoi dháta níos moille.
Dúirt an tUachtarán Catherine Connolly nuair a bhí sí i nDún na nGall sular toghadh í gur mhaith léi cuairt a thabhairt ar an Chontae arís agus go háirithe ar Scoltacha in Árainn Mhór agus i nGaoth Dobhair.
N15
Cuirfear moill ar thrácht ar bhealach an N15 ag Droichead Leifear inniu agus obair chothabhála riachtanach ar bun ansin.
Beidh obair ar bun idir a 9.30 ar maidin agus a 2.00 inniu agus beidh soilse tráchta sealadacha i bhfeidhm agus beidh moill ar thrácht dá bharr.