Iascaireacht
Thug an Seanadóir Manus Boyle le fios go raibh cruinniú dearfach aige féin agus ionadaithe ón earnáil iascaireachta le Coimisinéir Iascaigh an Aontais Eorpaigh, Costas Kadis inné inár pléadh an ghéarchéim san earnáil iascaireachta in Éirinn agus an mhíshástacht faoi chuótaí éisc.
Ina measc siúd a bhí i láthair ag an chruinniú ar líne, bhí ionadaithe ó Chumann Táirgeoirí Éisc na hÉireann, ó Chumann Próiseála agus Easpórtálaithe Éisc na hÉireann agus ó Chumann Iascairí na gCealla Beaga.
Dúirt an Seanadóir Boyle gur léirigh an Coimisinéir tuigmheáil ar an drochbhail ina bhfuil earnáil iascaireachta na hÉireann.
Caithfear beart a dhéanamh anois chun cuidiú leis an earnáil, a dúirt an Seanadóir Boyle.
Coiste na Gaeilge
Beidh cruinniú ag Coiste Gaeilge Chomhairle Contae Dhún na nGall sna Dúnaibh inniu.
I measc na n-ábhar a bheidh á bplé, beidh an coinníoll teanga a chuirfear i bhfeidhm ar Scéimeanna Tithíochta úra a thógfar feasta sa Ghaeltacht.
De réir Phlean Forbartha an Chontae caithfidh Gaeilge a bheith ag 85% de na daoine a bheidh ina gcónaí sna heastáit tithíochta.
Pléifear fosta comharthaí úra don Ghaeltacht.
Beidh an cruinniú ar siúl sa tSíbín Ceoil sna Dúnaibh ar 1 a chlog inniu.
Polasaí Teanga Tithíochta
Ghlac Comhairle Contae Dhún na nGall cinneadh an tseachtain seo go mbeidh ionchur ag na comhairleoirí ar fad sa Pholasaí Teanga Tithíochta mar go mbeidh impleachtaí ag an pholasaí ar an chóras pleanála do thithíocht sa chontae.
Socraíodh go mbeidh ceardlann ar siúl an 23 Márta leis an pholasaí a phlé.
D'iarr an Comhairleoir John Shéamuis Ó Fearraigh go gcuirfí an cheardlann ar siúl níos luaithe ná sin, mar go bhfuil tithe sóisialta i nGaoth Dobhair a bhfuil coinníoll teanga ceangailte leo chóir a bheith críochnaithe.
Níor glacadh lena iarratas
Eitiltí
Deir Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair go bhfuil imní mhór orthu faoin chinneadh atá déanta an conradh úr PSO d’eitiltí idir Aerfort Dhún na nGall agus Aerfort Bhaile Átha Cliath a chur i bhfeidhm, cinneadh a laghdóidh an fháil atá ag muintir Dhún na nGall ar sheirbhísí aeir ríthábhachtacha, a deir siad.
I ráiteas deir siad gur buille trom é do dhaoine atá ag brath ar an tseirbhís seo le haghaidh coinne leighis, cóireáil ailse, gnó, oideachas agus riachtanais teaghlaigh.
Deir an Comharchumann go dtacaíonn siad leis na hiarrachtaí atá ar bun an cinneadh seo a aisiompú.
Tá siad ag impigh ar an Rialtas athmhachnamh a dhéanamh agus an tseirbhís iomlán a chur ar ais mar a bhí ar mhaithe le sláinte, geilleagar agus folláine an phobail.
Sliabh Liag
Tá pleananna forbartha idir lámha ag Comhairle Contae Dhún na nGall le haghaidh Shliabh Liag.
Tá sé beartaithe oibreacha feabhsúcháin a dhéanamh ar an charrchlós agus ar an ardán amhairc ag Aillte Shliabh Liag.
Tá sé i gceist ag an Chomhairle Contae an t-ardán amhairc adhmaid atá ansin faoi láthair a bhaint anuas agus ardán amhairc crochta úr a chur ann le cois ráille láimhe.
Tá sé i gceist fosta an cosán ón charrchlós go dtí an t-ardán amhairc úr a leathnú agus atheagar a dhéanamh ar na haiseanna páirceála chomh maith le foscadán do chuairteoirí.
Beidh deis ag an phobal na hathruithe a fheiceáil in Ionad Seirbhísí Poiblí Bhaile Dhún na nGall, in Eispéireas Aillte agus Ionad Cuairteoirí Shliabh Liag agus in Oifigí na Comhairle Contae i Leifear ón lá inniu go dtí an 13 Márta.