Poist
Tá 80 post le cailliúint sa chomhlacht ollmhargaí Musgrave, úinéirí na mbrandaí Centra agus SuperValu, a bhfuil a gceannáras acu i gCorcaigh.
Is i rannóg airgeadais agus acmhainní daonna an chomhlachta atá na poist le cailliúint.
Ní fios fós cé mhéid den 80 post atá le cailliúint atá lonnaithe i gCorcaigh.
Drochaimsir
Tá sé áirithe ag Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge go bhfuil costas ocht milliún euro ar an ndíobháil atá déanta do bhóithre na nDéise ag an ndrochaimsir le ráithe anuas.
Thug an t-innealtóir Gabriel Hynes le fios do Chruinniú na Comhairle inné i nDún Garbhán, go bhfuil iarratas ar mhaoiniú don tsuim airgid sin déanta ag an gComhairle leis an Roinn Iompair.
Dúirt Príomhfheidhmeannach na Comhairle Seán McKeown go raibh aon lá dhéag ó thús na bliana so ar a raibh rabhadh buí nó oráiste fógartha, agus gur tháinig an Chomhairle i gcabhair ar dhaoine nach mór nócha uair ar fad.
Tithíocht
Tá cead diúltaithe ag an gCoimisiún Pleanála do mhór-fhorbairt tithíochta i gClais na Lachan i nDún Garbhán.
Bhí cead fachta roimhe seo ag an bhforbróir Michael Ryan ón mBord Pleanála, chun 176 tigh, 42 árasán, naíolann agus áiseanna eile a fhorbairt ann, ach bhí feachtas láidir pobail ina choinne.
Dhiúltaigh Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge don iarratas pleanála, ach dhein an forbróir achomharc leis an mBord Pleanála agus rialaigh an bord ina fhabhar Deireadh Fómhair na bliana 2021.
Iarradh ar an Ard-Chúirt athbhreithniú breithiúnach a dhéanamh ar chinneadh an Bhoird Pleanála, agus ghéill an Bord don chás sin.
B'éigean dá bharra sin, tosú in athuair leis an gcás, ach tá sé diúltaithe anois ag an gCoimisiún Pleanála, toisc go mbíonn tuilte coitianta ar an láthair agus ar chúiseanna eile.
Feirmeoirí
Deir Leas-Uachtarán Chumann Feirmeoirí Cnoc agus Natura na hÉireann, John Joe Mac Gearailt, go bhfuil géarghá le hathchóiriú ar struchtúr Bhord Stiúrtha Bhord Bia amach anseo agus nár dóigh leis go bhfuil ionadaíocht chothrom ag feirmeoirí beaga ar an mBord faoi láthair.
Beidh an Gearaltach i láthair ag cruinniú speisialta atá eagraithe inniu idir ionadaithe ón earnáil feirmeoireachta, an Roinn Talmhaíochta agus an tAire Martin Heydon chun deis a thabhairt dóibh na hábhair imní atá acu a chur fé bhráid an Aire.
Celtic Mist
Tá sé fógartha ag Grúpa Míolta Móra agus Deilfeanna na hÉireann go mbeidh an bád seoil an Celtic Mist, a chítí go coitianta i gCorca Dhuibhne agus a bhronn clann Charlie Haughey ar an nGrúpa i 2011, ag éirí as a cúram ag faire na neach mara, ag deireadh shamhradh na bliana so.
Tá breis agus 100,000 ciliméadar seolta aici i mbun na suirbhéireachta ó 2012 i leith.
Is ar chósta an deiscirt agus an iardheiscirt a bheidh an Celtic Mist ag seoladh le linn bhiaiste na bliana so.