Seirbhís aeir

Ní bheidh oifigigh ón Roinn Iompair ag castáil leis an toscaireacht ó choiste Eitiltí agus Seirbhísí Ailse Dhún na nGall ag an Dáil inniu.

Thug an tAire Iompair le fios d'iriseoir i mBaile Átha Cliath inné nach mbeadh sé fhéin sa tír inniu chun castáil leis an toscaireacht ach go mbeadh oifigigh ón Roinn Iompair sásta castáil leis an ghrúpa ar a shon.

Ach mall aréir rinne Rúnaí an Aire Iompair teagmháil leis an Choiste le cur in iúl daofa nach mbeadh ionadaithe ar bith ón Roinn ag castáil leo ag an Dáil inniu ach oiread.

Tá míshásamh iomlán ar an Choiste go bhfuair siad glaoch mall aréir i ndiaidh eitiltí a bheith curtha in áirithe ag baill den Choiste le taisteal go Baile Átha Cliath maidin inniu agus nach bhfuil fiú Oifigigh na Roinne sásta castáil leo anois leis na síniúcháin seo a ghlacadh uathu.

In ainneoin seo tá toscaireacht ón Choiste ar a mbealach go Baile Átha Cliath faoi láthair mar gur dhúirt siad go bhfuil sé tábhachtach go dtabharfaí na síniúcháin ar láimh d’oifigigh na Roinne.

Tá cáineadh láidir déanta ag Coiste Eitiltí agus Seirbhísí Ailse Dhún na nGall ar chinneadh na Roinne Iompair conradh úr, ar fiú na milliúin euro é, a shíniú gan freastal ceart a dhéanamh ar riachtanais phobal na Contae.

Deir an Coiste i ráiteas go ndearnadh neamhaird iomlán do phobal na Contae, in ainneoin achainí a shínigh 15,000 duine ag cur i gcoinne na n-athruithe atá beartaithe ar sceideal na n-eitiltí.

Maítear gur síníodh an conradh gan dul i gcomhairle leo siúd is mó atá ag brath ar an tseirbhís, go háirithe othair a bhfuil ailse orthu, a dteaghlaigh agus cúramóirí.

Cé go ndeir an Roinn go ndéanfar monatóireacht ar an sceideal úr ar feadh trí mhí, deir an Coiste nach leor sin agus nach féidir an dochar a dhéanfar d’othair a bhfuil ailse orthu le linn na tréimhse sin a chur ar ceal.

Tá an Coiste ag éileamh go dtabharfaí tús áite do riachtanais na n-othar a bhfuil ailse orthu i ngach cinneadh a bhaineann leis an tseirbhís agus geallann siad leanstan leis an fheachtas go dtí go mbeidh réiteach sásúil ar an chás do phobal Dhún na nGall.

Pobal

Tá díomá agus fearg léirithe ag pobal Dhún na nGall mar gheall ar na hathruithe atá beartaithe ar sceideal na n-eitiltí.

Dúirt Eilís Ní Dhochartaigh, Bainisteoir Aerfort Dhún na nGall, go bhfuil díomá mór orthu agus go bhfuil an baol ann go mbeidh impleachtaí ag na hathraithe d’fhoireann an Aerfoirt.

Dúirt an Teachta Dála Pat the Cope Ó Gallchóir go ndearnadh neamhiontas iomlán do riachtanais phobal Dhún na nGall agus gur síníodh an conradh in ainneoin imní ó othair, bainistíocht Aerfort Dhún na nGall agus ó ionadaithe poiblí.

Dúirt an Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh go gcaithfear an cinneadh seo a throid.

Dúirt sé gur buille millteanach atá sa chonradh úr do phobal Dhún an nGall.

Údarás na Gaeltachta

I ráiteas atá eisithe ag Údarás na Gaeltachta, tá imní ollmhór á léiriú acu faoin scéal go bhfuil sé i gceist ag an Roinn Iompair conradh úr le Emerald Airlines, ina bhfuil socruithe agus sceideal eitilte leasuithe, a chur i gcrích do sheirbhís PSO Dhún na nGall-Baile Átha Cliath.

Is seirbhís ríthábhachtach do phobal Gaeltachta Dhún na nGall í an tseirbhís eitilte PSO seo le blianta fada agus seirbhís ar éirigh go maith léi go dtí seo.

Is seirbhís chriticiúil í ó thaobh cúram sláinte, atá ina ghné lárnach d’fhorbairt pobail ar bith, nuair nach bhfuil an cúram sláinte sin ar fáil dár bpobal sa chontae, a deirtear sa ráiteas.

...Léirigh Conradh na Gaeilge a ndlúthpháirtíocht le pobal na Gaeltachta i dTír Chonaill atá ag brath go mór ar an tseirbhís aeir idir Aerfort Dhún na nGall agus Aerfort Bhaile Átha Cliath, go háirithe othar atá ag fulaingt le hailse.

Cailliúint ollmhór an tseirbhís seo do phobal na Gaeltachta agus seasaimid leo agus tá súil againn go bhfaighidh siad toradh sásúil ar an scéal, a deirtear i ráiteas ón eagraíocht.