Eitiltí
Níl ciall ar bith le hamanna na n-eitiltí atá molta ag Comhlacht Emerald Airlines idir Aerfort Dhún na nGall agus Aerfort Bhaile Átha Cliath, a dúirt an Teachta Dála Pat the Cope Ó Gallchóir.
Dúirt sé go bhfuil botún déanta ag dream éigin sa chlár ama atá molta agus go gcaithfear a chinntiú nach nglacfaidh an Roinn leis an iarratas.
Dúirt an Teachta Ó Gallchóir go bhfuil an cheist tógtha aige leis an Aire Iompair Darragh O'Brien agus leis an Taoiseach ach go dtí seo nach bhfuil freagra sásúil ar bith faighte.
Tá fearg agus díomá léirithe ag an Teachta Ó Gallchóir ach mar sin féin dúirt sé go bhfuil sé dóchasach go n-éistfear lena achainí.
Údarás na Gaeltachta
Tá imní léirithe ag Údarás na Gaeltachta faoi na hathruithe atá molta sa chonradh don tseirbhís aeir úr PSO idir Aerfort Dhún na nGall agus Aerfort Bhaile Átha Cliath.
I ráiteas ón Údarás dúradh gur pléadh an cheist ag leibhéal an Bhoird agus go mbeidh comhfhreagras á sheoladh acu chuig an Roinn Iompair lena n-imní a léiriú faoi aon athrú ar an sceideal idir an dá Aerfort.
Dúirt Údarás na Gaeltachta go mbeadh drochthionchar ag na hathruithe atá beartaithe ar phobal na Gaeltachta agus ar na mílte a dhéanann an turas chun na Gaeltachta achan bhliain.
Comhchoiste Oireachtais
Meastar go bhfuil líon na dtithe ar fud na tíre a bhfuil brící lochtacha iontu ardaithe anois go 9,500 teach agus go bhfuil 6500 acu sin i gContae Dhún na nGall.
Sin de réir an eolais atá curtha ar fáil ag Cumann na gComhairlí Contae agus Cathrach don Chomhchoiste Oireachtais um Thithíocht, Rialtas Áitiúil agus Oidhreacht a bheidh ag teacht le chéile i dTeach Laighean inniu chun Scéim na mBrící Lochtacha a phlé.
Ina measc siúd a bheidh i láthair beidh John McLaughlin, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall.
Beidh ionadaithe ó ghrúpaí feachtais, ó Chumann na gComhairlí Contae is Cathrach, ón Ghníomhaireacht Tithíochta, ón Údarás um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann, ó Innealtóirí Éireann agus ón Chomhairle um Thithíocht Shóisialta i láthair chomh maith.
Tá an Chomhairle um Thithíocht Shóisialta ag iarraidh go gcuirfí scéim cúitimh ar fáil d’earnáil na tithíochta sóisialta.
Cuirfear tús le cruinniú an Chomhchoiste Oireachtais ag a 3 a chlog agus arís ar a 6 a chlog.
Fuinnimh Tí
Tá an Comhairleoir Contae Joy Beard ag moladh d’úinéirí tí úsáid a bhaint as trealamh sábhála fuinnimh tí a bheidh ar fáil sna leabharlanna áitiúla sa chontae ón lá inniu agus páirt a ghlacadh i suirbhé atá dírithe ar fhuinneamh tí.
Nuair a bheidh na torthaí ar fáil, dúirt an Comhairleoir Beard go mbeidh siad in ann comparáid a dhéanamh ar an mhéid fuinnimh atá á chailleadh i dtithe a bhfuil brící lochtacha iontu agus i dtithe nach bhfuil lochtach.
Dúirt sí go mbeifear in ann anailís a dhéanamh ar an chostas breise fuinnimh atá ar theaghlaigh mar gheall ar bhrící lochtacha agus brú a chur ar an Rialtas cothromaíocht agus tacaíocht a thabhairt do na húinéirí tí.