An Post
Níl bearta ná litreacha á ndáileadh ag An Post inniu, ach oiread le hinné, i bhformhór cheantar Abhainn an Scáil.
Deir an Comhairleoir Contae Roibeárd Ó Brosnacháin gur tugadh le fios dó ar maidin go ndáilfí an post inniu in Áth na Leac, i nGort Uí Chorráin agus i gCeantar Lios Póil, ach ná beadh aon dáileadh inniu i mBaile an Chláir, i sráidbhaile Abhainn an Scáil, ná soir chomh fada le Baile an Tearmainn, ná ar an gcúlbhóthar chomh fada leis an Leac.
Ar Nuacht an Deiscirt ar maidin dúirt an Comhairleoir Ó Brosnacháin ná fuil sé sásúil in aon chorr dar leis, an tslí ina bhfuiltear ag caitheamh le post Chorca Dhuibhne in oifig scagtha na litreacha i dTrá Lí, agus dúirt sé go mbeidh sé ag iarraidh cruinniú gan mhoill le Bainisteoir Gnóthaí Poiblí An Post, Angus Laverty.
Tá sé ag iarraidh ar mhuintir Abhainn an Scáil agus Lios Póil dul chun cainte leis le cur in iúil conas mar atá moill an phoist ag cur isteach orthu.
Cruinniú na Dromada
Bhí Tigh Tábhairne na hUíne sa Chillín Liath lán go doras aréir don gcruinniú poiblí a d'eagraigh comhlacht forbartha na Dromod chun a bhfuil i ndán do shuíomh an tábhairne a cheannaigh an comhlacht anuraidh, a phlé.
I measc na moltaí a tháinig ón bpobal, bhí áiseanna spóirt agus campála, go mbeadh a thuilleadh imeachtaí ar siúl sa tábhairne, agus go ndéanfaí a thuilleadh fógraíochta ar an áit.
Pléadh moladh chomh maith, go ndéanfaí tithíocht a fhorbairt ar an suíomh.
Bhí an Comhairleoir Contae Norma Moriarty i láthair agus 'sé Breandán Ó Caoimh a bhí ina áisitheoir ar an gcruinniú.
Cuirfear na moltaí go léir a deineadh fé bhráid an chomhlachta comhairliúcháin O’Leary Associates, atá ag cabhrú le Forbairt na Dromad i ndréachtadh a bpleananna.
Gearán Oifigúil
Tá gearán oifigiúil déanta ag an gClr Roibeard Ó Brosnacháin leis an gCoimisiún Náisiúnta Maoirseachta agus Iniúchóireachta, fé Chomhairle Contae Chiarraí agus a gcur chuige i dtaobh coinníollacha teangan.
Fé mar a tuairiscíodh ar Nuacht an Deiscirt inné, tá sé admhaithe ag Comhairle Contae Chiarraí nach raibh aon chomhad oscailte acu riamh, agus nach raibh aon chomhfhreagras seolta acu riamh, maidir le cur i bhfeidhm coinníollacha teangan ar fhorbairtí tithíochta i gceantair Ghaeltachta Chiarraí.
Deir an Brosnachánach ina ghearán, go bhfuil an Chomhairle ag déanamh neamhaird ar an dualgas atá orthu, deimhniú go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar ar fhorbairtí.
Tithe Folmha Chiarraí
Tá dhá oiread an Ráta maidir le Tithe Folmha i gCiarraí i gcomparáid leis an meán náisiúnta 3.7%.
Leis sin tá breis is 12% de thithe i gCiarraí ina dTithe Saoire, de réir na tuarascála is déanaí ó GeoDirectory.
Deir Páidí Ó Sé, Bainisteoir Chomarchumann Forbartha Chorca Dhuibhne, gur dóigh leisean go bhfuil 3 oiread na dtithe saoire sna Ceantair Ghaeltachta ná mar atá luaite sa tuarascáil.
Imeachtaí Gaeltachta
Cuirfear tús inniu le dhá cheann de mhór-ócáidí na bliana sna Ceantair Ghaeltachta ó dheas: Tionóil Nioclás Tóibín sna Déise agus Éigse na Brídeoige in Uíbh Ráthach.
Osclóidh Uachtarán na hÉireann Catherine Connolly Éigse na Brídeoige i Sáipéal Naomh Cróchán i gCathair Dónall ar a 7.30pm tráthnóna, agus leanfaidh imeachtaí na héigse go dtí Dé Domhnaigh.
Cuirfear tús le Tionól Nioclás Tóibín ar a 8 a chlog tráthnóna le coirm cheoil i Halla Pobail na Rinne agus, mar pháirt den ócáid sin, bronnfar Gradam Nioclás Tóibín ar an bpíobaire, an craoltóir agus tráchtaire Mac Dara Mac Donncha.
Aimsir
Tá Contae Phort Láirge san áireamh i rabhadh aimsire den stádas buí don mbáisteach atá fógartha ag Met Éireann ar maidin
Mairfidh an stádas ó mheán lae inniu go dtí meán oíche amárach.
Deir Met Éireann go dtitfidh a thuilleadh báisteach throm ar thalamh atá ar maos cheana agus dá bhrí sin go mbeidh tuilte in áiteanna, go mbeidh aibhnte ag cur thar maoil, agus go mbeidh coinníollacha deacra taistil.
Caid
Beidh Captaein Fhoireann Caide an Daingin Pól Ó Geibheannaigh i measc na n-aíonna ar eagrán speisialta den Late Late show ag plé le Cumann Lúthchleas Gael, a chraolfar anocht.
Tá clú náisiúnta bainte amach ag Cumann Caide an Daingin agus ag Cumann na Gaeltachta leis, as ucht a gcuid gaiscí sna craobhchomórtaisí caide le déanaí.
Ar a 9:35in a chraolfar an clár anocht ar RTÉ One.