Shaun Duffy
Tá Gardaí ag achainí arís ar dhuine ar bith a bhfuil eolas acu faoi dhúnmharú Shaun Duffy as Mín na Croise taobh amuigh den Chlochán Liath, a maraíodh cothrom an lae seo bliain is fiche ó shin, teagmháil a dhéanamh leo.
Fear singilte 36 bliana d'aois a bhí i Shaun Duffy agus bhí aithne mhaith air sa cheantar de bharr a chuid oibre mar adhlacóir agus mar mheicneoir.
Bhí sé i dTeach Tábhairne an Strand View ar an Mhachaire Dé hAoine, an 28 Eanáir 2005 do bhreithlá a dhearthár Kevin.
Chuaigh sé go teach a mháthar i Mín na Croise ina dhiaidh sin agus phill sé na bhaile i dtrátha 2.30 an mhaidin sin.
Ionsaíodh agus maraíodh Shaun Duffy ina theach cónaithe i Mín na Croise luath maidin Dé Sathairn, an 29 Eanáir 2005.
Thángthas ar a chorp go gairid roimh 2.30 am dinnéir an lá sin.
Deir na Gardaí go m’fhéidir le himeacht ama go bhfuil duine inteacht anois ábalta eolas a thabhairt daofa nach raibh ábalta é a thabhairt roimhe seo.
Creideann Gardaí Bhaile na nGallóglach, atá i mbun an fhiosrúcháin, go bhfuil roinnt daoine ann nach dtáinig chun tosaigh go dtí seo agus atá ábalta eolas a thabhairt daofa anois.
Coinneofar aon eolas a chuirtear ar fáil do na Gardaí go hiomlán faoi rún, a deir siad.
Ghabh na Gardaí buíochas le duine ar bith a thug eolas daofa go dtí seo agus iarrtar ar dhuine ar bith a bhfuil tuilleadh eolais acu teagmháil a dhéanamh le Stáisiún Gardaí Bhaile na nGallóglach ar 074 9153060 nó glaoch ar chur ar Líne Rúnda na nGardaí ar 1800 666 111.
MABS
Déantar cur síos i dtuairisc úr atá foilsithe ag an tseirbhís comhairleoireachta airgeadais MABS inniu dar teideal 'Between a Rock and a Hard Place’ faoin bhrú airgeadais atá ar úinéirí tí atá buailte mar gheall ar bhrící lochtacha agus atá i riaráistí morgáiste, dá bharr.
Pléadh an tuarascáil inné ag cruinniú i Leitir Ceanainn áit a raibh soláthraithe seirbhíse agus saineolaithe polasaithe na heagraíochta i láthair.
Tá an damáiste struchtúrach leanúnach agus an mhoill atá na tithe a chóiriú ag cur brú agus imní ollmhór ar theaghlaigh ar fud an iarthair agus an iarthuaiscirt agus níl na córais reatha ag tabhairt go leor tacaíochta do na teaghlaigh, a deirtear.
Dúirt Karl Cronin, Bainisteoir Réigiúnach le MABS, go bhfuil na húinéirí tí idir dhá thine Bhealtaine, go bhfuil siad ag streachailt lena dtithe a choinneáil ach ag an am chéanna go bhfuil a dtithe ag titim thart orthu.
Níl na teaghlaigh seo ach ag lorg córais atá cothrom agus indéanta a thuigeann go bhfuil siad i riaráistí morgáiste agus buailte ag brící lochtacha agus a chuireann an tacaíocht chuí ar fáil daofa lena dtithe a atógáil le go mbeidh siad ábalta leanstan ar aghaidh lena saol.
Moltar sa tuarascáil go mbeadh comhlacht neamhspleách amháin i gceannas ar Scéim Leasaithe na mBrící Lochtacha agus ar an phróiseas maidir le riaráistí morgáiste do theaghlaigh atá buailte mar gheall ar bhrící lochtacha.
Tithe
Beidh stoc mór tithe sa Chontae seo a bheidh gan úsáid i gceann deich nó cúig bliana déag a dúirt an Comhairleor Contae Denis Mac Aoidh, mar go bhfuil ardú mór tagtha ar líon na ndaoine atá ag ceannacht tithe ina bhfuil brící lochtacha le hairgead tirim ar luach íseal agus á ligint amach ar cíos.
Dúirt sé go bhfuil mionoibreacha á ndéanamh ar na tithe seo, ach i gceann deich mbliana, go mbeidh siad ag titim as a chéile.
Dúirt an Comhairleor Mac Aoidh gur cheart don Rialtas agus na Bancanna scrúdú a dhéanamh ar na cleachtais seo mar go mbeidh géarchéim cheart sa Chontae sna blianta atá le theacht.
Óstán Radharc an Earagail
Thug Comhairle Contae Dhún na nGall le fios go bhfuil súil acu Conraitheoir a cheapadh le 12 teach a thógáil ag seansuíomh Óstán Radharc an Earagail i nGaoth Dobhair, "Tithe Phádraig Mhicheáil Airt" i mí Márta ag brath ar mhaoiniú a bheith ar fáil ón Roinn.
Meastar go nglacfaidh an obair 15 mhí.
Tá sé beartaithe 12 theach uilig a thógáil, sé sin Teach 4 sheomra, 3 theach 3 sheomra, 4 theach le dhá sheomra agus 4 arasán.
Otharcharranna
Tá géarghá Otharcharranna agus foireann bhreise a chur ar fáil i ndeisceart Dhún na nGall, a deir an Comhairleor Contae Noel Jordon.
Dúirt sé go mbeidh beatha i mbaol nó fiú caillte muna dtabharfaidh an Rialtas tús áite don tseirbhís thábhachtach seo.
Dúirt an Comhairleoir Jordon go bhfuil na deacrachtaí agus an brú atá in Otharlann Leitir Ceanainn ag cur leis na fadbhanna atá sa tseirbhís Otharcharranna, mar gur minic go mbíonn cuid mhaith acu páirceáilte taobh amuigh den Otharlann ar feadh treimhsí fada le hOthair mar go bhfuil an Otharlann faoi bhrú, rud a chiallaíonn nach bhfuil siad ar fáil do scairteanna eile.