Aimsir
Tá foláireamh aimsire stádas buí do ghaoth láidir ó stoirm Chandra eisithe ag Met Éireann don tír uilig, Dún na nGall san áireamh agus mairfidh sé go dtí an 11 a chlog anocht.
Bhí tuairim is 2,000 custaiméir i gceantar na nGleanntach gan chumhacht aibhléise ar maidin chomh maith le 5,000 custaiméir i mBaile Dhún na nGall agus 500 custaiméir i mBéal Átha Seanaidh.
Tá na heitiltí uilig idir Aerfort Dhún na nGall agus Aerfort Bhaile Átha Cliath inniu curtha ar ceal de bharr na haimsire.
Deir Comhairle Contae Dhún na nGall go bhfuil cuid den bhealach i sráidbhaile Bhun na hAbhann faoi uisce.
Beidh Droichead Harry Blaney i bhFánaid druidte go dtí an 11 a chlog ar maidin.
Polasaí Gaeilge
D'aontaigh Comhairleoirí Contae Dhún na nGall ag cruinniú míosúil na Comhairle inné ceardlann a eagrú go luath le soiléiriú a fháil ar an dóigh a gcuirfidh an Chomhairle Contae coinníoll teanga i bhfeidhm do thithíocht shóisialta na Comhairle sa Ghaeltacht.
Ba é an Comhairleoir Michael McClafferty a mhol an rún inné eolas breise a fháil faoin dóigh a bhféadfaí an coinníoll teanga a chur i bhfeidhm.
Dúirt an Comhairleoir Anthony Molloy, a chuir leis an rún, go dteastaíonn eolas ó na Comhairleoirí faoin chur chuige a bheidh ag an Chomhairle, agus 85% de thithíocht le cur ar fáil do chainteoirí Gaeilge feasta, faoi phlean forbartha na contae.
Dúirt an Comhairleoir Declan Meehan go bhfuil sé tábhachtach go dtabharfar eolas do na Comhairleoirí Contae faoin dóigh gur féidir an polasaí seo a chur i bhfeidhm.
Cuntas X
Glacadh le rún ón Chomhairleoir Contae Micheál Choilm Mac Giolla Easpaig nach mbainfeadh an Chomhairle Contae úsáid as a gcuntas X nó Twitter feasta agus faisnéis phoiblí á cur ar fáil acu don phobal.
Dúirt an Comhairleoir Mac Giolla Easpaig gur ardán é X a bhfuil mí-úsáid ghnéis agus dúshaothrú páistí agus daoine fásta ag tarlú air agus nach bhfuiltear ag dul i ngleic leis seo ar bhonn sásúil agus gur cheart do Chomhairle bealaí cumarsáide eile a úsáid.
Chinntigh Stiúrthóir Airgeadais na Comhairle Contae Richard Gibson go mbeidh deireadh le cuntas X faoi lár na míosa seo chugainn.
Dúirt sé fosta go mbeadh ráitis phoiblí á n-eisiúint ag an Chomhairle chun é seo a chur in iúl don phobal.
Stáisiún Dóiteán
Tá cead i bprionsabal tugtha ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta do Chomhairle Contae Dhún na nGall le dul chun cinn a dhéanamh ar thogra stáisiún dóiteáin úr Fhionnúir, áit a ndéanfar stáisiúin dóiteáin Bhéal Átha Seanaidh agus Bhun Dobhráin a chomhnascadh.
Thug an tAire James Browne an méid sin le fios i bhfreagra ar cheist pharlaiminteach ón Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh faoina bhfuil i ndán do Stáisiún Dóiteáin Ghleann Cholm Cille.
Dúirt an tAire go bhfuil sé mar sprioc ag an Chomhairle Contae an dá stáisiún dóiteáin a thógáil agus cé go bhfuil suíomh de chuid na Comhairle aimsithe do stáisiún Fhionnúir, nach bhfuil suíomh ar bith aimsithe go fóill do Stáisiún Dóiteáin Ghleann Cholm Cille.
Dúirt an tAire go leanfadh an Roinn agus Comhairle Contae Dhún na nGall ag obair le chéile le tograí infreastruchtúir na Comhairle a bhrú chun tosaigh, ag brath ar líon na n-iarratas ar mhaoiniú caipitil a fhaightear ó údaráis dóiteáin eile na tíre.