Easpag nua Ráth Bhoth

Bhí Ardeaglais Naomh Adhmhnáin i Leitir Ceanainn lán go doras tráthnóna inné nuair a oirníodh an tEaspag Niall Ó Colla ina Easpag ar Dheoise Ráth Bhoth.

Is as Baile Suingean don Easpag Ó Colla atá 62 bliain d'aois agus bhí sé ina Easpag ar Dheoise Osraí i lár tíre le trí bliana anuas.

Ina aitheasc inné dúirt an tEaspag Ó Colla go raibh dóchas aige i bpobal na Deoise.

Dúirt sé nach raibh sé chun labhairt ar spriocanna ná ar phleananna agus go mbeadh sé ag siúl agus ag éisteacht lena phobal, go háirithe na daoine óga.

Bhí Ardeaspag Ard Mhacha Eamonn Martin i láthair ag an tsearmanas oirnithe, Nuinteas an Phápa, an tArd-Easpag Luis Marian Montemayor, chomh maith le ceithre Easpag déag agus suas le céad sagart.

Croí Cónaithe

Íocadh €22.4 milliún le húinéirí tí i nDún na nGall faoin scéim Croí Cónaithe ó cuireadh an scéim ar bun i 2022.

Léiríonn figiúirí úra ón Roinn Tithíochta a foilsíodh inniu gur íocadh €4.3 milliún de dheontais le húinéirí tí i nDún na nGall sa ráithe dheireanach anuraidh.

Cuireadh 91 iarratas úr faoi bhráid na Comhairle le linn na tréimhse sin, glacadh le 81 iarratas agus diúltaíodh dhá iarratas.

Dúirt an tAire Stáit Charlie McConalogue gur dea-scéala atá sna figiúirí agus thug sé le fios go bhfuil Dún na nGall chun tosaigh ar

chontaetha eile ó thaobh líon na n-iarratas agus líon na ndeontas faoin scéim.

1,430 iarratas ar Chroí Cónaithe a cuireadh faoi bhráid Chomhairle Contae Dhún na nGall go dtí seo – an líon ab mhó sa tír, glacadh le 1,085 iarratas agus rinneadh 396 íocaíocht go dtí seo faoin scéim.

Bancanna Buidéil

Tá sé tábhachtach ceamaraí a chur suas in aice leis na bancanna buidéil atá lonnaithe ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair, a dúirt an Comhairleoir Contae John Shéamais Ó Fearraigh.

Dúirt sé ag cruinniú de Cheantar Bardais na nGleanntach ar na mallaibh gur aistríodh na bancanna buidéil go dtí an Pháirc Ghnó níos mó ná bliain ó shin, rud a chosain cuid mhór airgid, ach nár cuireadh ceamaraí in airde ag an am, rud nach raibh ceart.

Dúirt sé go bhfuil sé an dumpáil mhídhleathach atá ag tarlú ansin scannalach agus go bhfuil sé tábhachtach an dlí a chur ar na daoine atá ag dumpáil ansin.

Lúb Siúil

Tá Lúb Siúil Thaobh an Mhuilinn i mBaile na Finne réidh agus oscailte don phobal anois i ndiaidh blianta fada i mbun forbartha.

Bhí caiteachas €222,000 luaite leis an togra, áit ar tógadh cosáin siúil atá 2 chiliméadar ar fhad agus carrchlós.

Is fada muintir an cheantair ag éileamh a leithéid d’áis sa cheantar, agus láthair shábháilte shiúil do bhunadh na háite