.....Tá bóithre na Contae fíor-chontúirteach i gceantair áirithe maidin inniu agus iarrtar ar thiománaithe a bheith cúramach agus tréan ama a cheadú dá dturas ar maidin.
In ainneoin gur cuireadh grean ar bhóithre aréir agus arís maidin inniu, tá cuid mhaith de na bóithre sleamhain ar maidin mar go raibh siocán trom ann i gcaitheamh na hoíche.
Tá bealach an R250 idir Baile na Finne agus Leitir Ceanainn ag Mín an Fhir Ruaidh druidte mar go bhfuil leoraí griotála de chuid na Comhairle Contae imithe den bhealach ansin agus an bealach sin iontach sleamhain ar maidin.
Tá bealach an R252 idir Baile na Finne agus Béal Átha Féich thar a bheith contúirteach maidin inniu fosta agus carranna imithe den bhealach ansin.
Tá foláireamh á thabhairt do thiománaithe go bhfuil an crosbhealach ag Dún Lúiche iontach sleamhain agus tá leoraí imithe den bhealach i nDún Lúiche.
Tá na Gardaí ag an láthair agus tá trácht á chur thart bealach an chósta.
Tá paistí siocáin dhuibh ar bhealach Chúl na hEaragaile agus tá bealach chúl na Mucaise ag Teach an Cheoil, thar a bheith sleamhain agus carr imithe den bhealach ansin.
Tá bóithre i gceantar an Tearmainn thar a bheith sleamhain maidin inniu fosta.
Arís moltar do thiománaithe a bheith cúramach.
...Caithfear brú a choinneáil ar an Rialtas le Scéim Cúitimh atá fóirsteanach a chur ar fáil d'achan duine atá ina gcónaí i dtithe ina
bhfuil brící lochtacha, a dúirt an Comhairleoir Contae Denis Mac Aoidh.
Dúirt sé go nglacann sé barraíocht ama torthaí a fháil ar ais ó scrúduithe a dhéantar ar thithe agus gur cheart na scrúduithe seo a dhéanamh i Saotharlann i Leitir Ceanainn in áit i Sasana mar atá á dhéanamh faoi láthair.
Dúirt an Comhairleoir Mac Aoidh go bhfuil go leor oibre le déanamh ag Comhairleoirí Contae ón bpáirtí Cúiteamh 100% ach go leanfaidh siad ag cur brú ar an Rialtas lena chinntiú go mbainfidh daoine nach bhfuil glór acu a gcearta amach.
...Tá leithcheal á dhéanamh ar Chéidh Ailt an Chorráin nuair nach bhfuil cead ag iascairí a theacht i dtír lena gcuid éisc ar an Satharn, a dúirt an Teachta Dála Pat the Cope ó Gallchóir, rud a chiallaíonn, a dúirt sé, go bhfuil iascairí ag cailleadh amach ar mhargaí, go háirithe margaí na Ríochta Aontaithe.
Thug sé le fios d’Aire Stáit na Mara Timmy Dooley go bhfuil cead ag iascairí a theacht i dtír ag céidheanna in Inis Eoghain agus measann sé nach bhfuil cothromaíocht á tabhairt d’Iarthar Dhún na nGall.
Deir sé gur cheart cead a thabhairt d'iascairí a theacht i dtír ar an Satharn idir 10 a chlog agus 5 a chlog.
Dúirt an tAire Dooley go ndéanfadh sé an cheist a fhiosrú agus a phlé leis an Údarás um Chosaint Iascaigh Mhara.
...Tá sé fógartha ag Loganair go mbeidh athrú ar a sceideal ar an Aoine feasta ón lá inniu ó Dhún na nGall go Glaschú agus ó Ghlaschú go Dún na nGall.
Beidh eitilt na hAoine ag fágáil Ghlaschú ar 9.10am agus ag fágáil Dhún na nGall ar 10.40am.
Níl athrú ar bith ar eitiltí an Domhnaigh , beidh siad ag fágáil Ghlaschú ar 5.45 tráthnóna agus ag fágáil Dhún na nGall ar 6.45 tráthnóna.
...Dhéanfar An Droichead, Siopa Carthanachta úr, a oscailt ar an Bhun Bheag inniu.
Beidh an Siopa lonnaithe sa tseanscoil in aice le Séipéal Eaglais na hÉireann ar an Bhun Bheag agus beidh sé á reáchtáil ag Paróiste Ghaoth Dobhair agus Grúpa Theampall Cróine Eaglais na hÉireann.
Beidh an siopa foscailte ón 3 a chlog inniu.
Beidh Easpag Eaglais na hÉireann i nDeoise Dhoire/Ráth Bhoth Andrew Forster i láthair ag an oscailt oifigiúil inniu.
Seo an dara siopa carthanachta i nGaoth Dobhair.