Scoil
Beidh cruinniú poiblí ag Bord Bainistíochta Scoil Fhionntrá sna Cealla Beaga tráthnóna inniu lena bhfuil i ndán don scoil a phlé.
Níl ach 5 dhalta ag freastal ar an scoil agus tá an baol ann go ndruidfear í ag deireadh na scoilbhliana seo.
Dhéanfar plé ar thodhchaí na scoile agus tabharfar deis don phobal moltaí a dhéanamh agus a dtuairimí a thabhairt.
Thit an daonra go mór i bhFionntrá le blianta beaga anuas.
Tá dhá Scoil Náisiúnta eile sna Cealla Beaga, siad sin Scoil Niall Mór áit a bhfuil 240 dalta agus Scoil Commons áit a bhfuil 76 dalta.
Beidh an cruinniú ar siúl anocht ar 7 a chlog.
Deontais
Tugann na deontais atá ar fáil ó Rannóg Forbartha Pobail na Comhairle Contae dóchas do Ghrúpaí Pobail leanstan leis an obair atá idir lámha acu, a dúirt Bainisteoir na Rannóige, Paidí Ó Dochartaigh.
Dúirt sé go mbeidh na hiarratais ar dheontais faoin Chiste Forbartha Áitiúil agus faoin Chlár Feabhsúcháin Áitiúil ar fáil níos moille an mhí seo, rud a chuidíonn le grúpaí pobail agus spóirt tús a chur le tograí agus iarratas a dhéanamh ar dheontais níos airde ina dhiaidh sin.
Tá €925,000 ar fáil faoi Chiste Forbartha Áitiúil na Comhairle Contae agus €300,000 ar fáil faoi Chlár Feabhsúcháin Áitiúil na Roinne.
Dúirt Paidí Ó Dochartaigh go ndáiltear cúpla céad deontas ar ghrúpaí pobail sa chontae achan bhliain.
Iasc
Níl an tacaíocht atá tuillte ag iascairí na hÉireann á fáil acu, dar le Jack Mac Daibhéid, díoltóir éisc i nDún na nGall.
Dúirt sé go bhfuil luacha éisc ag ardú de shíor mar gheall ar ghanntanas agus éileamh agus go bhfuil deacrachtaí aige murlas a cheannach mar gheall ar laghdú ar chuótaí éisc.
Measann sé nach bhfuil an Rialtas ag éisteacht leis na hiascairí agus deir sé go bhfuil imní air faoi thodhchaí na hiascaireachta sa Chontae.
Maidir lena ghnó féin, dúirt sé go bhfuil sé deacair aige a bheith in iomaíocht le siopaí eile atá ag díol éisc ar luacha atá níos saoire ná atá aige féin.
Mná sa pholaitíocht
Cuirfear tús inniu le sraith ceardlann chun mná a spreagadh le tabhairt faoin pholaitíocht.
Tá Comhairle Contae Dhún na nGall i measc na n-údarás áitiúil ina bhfuil an chothromaíocht inscne is ísle sa tír – gan ach triúr ban as 37 Comhairleoir Contae ar an Chomhairle agus tá iarrachtaí ar bun tuilleadh ban sa chontae a mhealladh i dtreo na polaitíochta.
Beidh na ceardlanna á reáchtáil ag an eagraíocht See Her Elected ar líne uair sa mhí go dtí mí Me