Lastas drugaí
Ghlac Gardaí seilbh ar dhrugaí a meastar gur cócaon atá iontu nuair a rinne siad cuardach ag láthair in Oirthear Dhún na nGall inné.
Rinne Gardaí cuardach ag láthair i mBaile Suingean tráthnóna inné mar chuid dá bhfiosrúchán faoi dhíol agus soláthar drugaí sa cheantar agus tháinig siad ar dhrugaí a bhfuil amhras gurb é an druga cócaon atá ann.
Déanfar na drugaí a chur ar aghaidh chuig Eolaíocht Fhóiréinseach Éireann le haghaidh tuilleadh anailíse.
Deir Gardaí go bhfuil siad ag leanstan lena bhfiosrúcháin.
'Ceannaigh Dún na Gall'
Deir Comhairle Contae Dhún na nGall go bhfuil siad iontach sásta le mar a d'éirigh leis an fheachtas margaíochta haischlib 'Ceannaigh Dún na nGall’ nó ‘Buy Donegal’ 2025.
Dúirt Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Comhairleoir Paul Canning, gur bhain níos mó ná 400 gnó úsáid as an haischlib ‘Ceannaigh Dún na nGall’ anuraidh agus as áiseanna ar líne lena gcuid earraí a chur chun cinn.
Rinneadh teagmháil le 9.1 milliún duine ar fud an domhain anuraidh le linn an fheachtais bolscaireachta ar na meáin shóisialta, a dúirt sé.
Dúirt an Comhairleoir Canning gur deis iontach atá san fheachtas seo le haird faoi leith a tharraingt ar an Chontae agus dúirt sé go bhfuil ag éirí go maith leis an fheachtas agus go bhfuil sé ag dul ó neart go neart bliain i ndiaidh bliana.
Dúirt sé in ainneoin go bhfuil deireadh leis an fheachtas go bhfuil an suíomh idirlín BuyDonegal.com go fóill ag feidhmiú agus eolas ar an suíomh faoi níos mó ná 400 gnó i nDún na nGall.
Páirceáil ar Eastáit Tionsclaíochta
Tá sé tábhachtach polasaí a leagan amach maidir le cúrsaí páirceála ar Eastáit Tithíochta atá faoi chúram Chomhairle Contae Dhún na nGall, a dúirt an Comhairleor Contae John Shéamais Ó Fearraigh.
Dúirt an Comhairleoir Ó Fearraigh go bhfuil sé ráite gur áit pháirceála phoiblí atá ar na heastáit Tithíochta, ach dúirt sé go bhfuil seo ag cruthú deacrachtaí mar go minic nach mbionn áit pháirceála ag tionóntaithe atá ina gcónaí sna heastáit.
Dúirt sé go gcaithfear an cheist a phlé agus réiteach a fháil ar na fadhbanna.
Polasaí teanga do thithíocht
Thug Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall John McLaughlin le fios go bhfuil na socruithe maidir le polasaí teanga tithíochta sa Ghaeltacht á bplé ag Foireann Ardbhainistíochta na Comhairle faoi láthair.
Níor thug sé eolas ar cén uair a bheidh an plé ar fad críochnaithe agus na socruithe déanta.
Tá 29 dteach á dtógáil faoi láthair ar shuíomh Ardscoil Mhuire i nGaoth Dobhair agus tá sé ráite go mbeidh 12 theach acu sin réidh ag tús mhí Mhárta agus súil go mbeidh na tithe á dtabhairt ar láimh do thionóntaithe.
Caithfidh Gaeilge d'ardchaighdeán a bheith ag 75% de na tionóntaithe a gheobhaidh tithe ar shuíomh Ardscoil Mhuire i nGaoth Dobhair.
Scéim Cúitimh na mBrící Lochtacha
Tá imní ar úinéirí tí a bhfuil brící lochtacha ina dtithe, go bhfuil cinntí mícheart á ndéanamh ag an Ghníomhaireacht Tithíochta faoin méid oibre a cheadaítear a dhéanamh ar thithe faoi Scéim Cúitimh na mBrící Lochtacha.
Cé go bhfuil athbhreithniú á dhéanamh ag an NSAI ar chaighdeán IS465, thug urlabhraí ón Chomhlacht Dlí Coleman Legal le fios go
bhfuil cinntí á ndéanamh ag an Ghníomhaireacht Tithíochta go fóill ag brath ar an chaighdeán mar atá sé.
Tá an Comhlacht ag déanamh ionadaíochta ar níos mó ná 2,000 cliant a bhfuil brící lochtacha ina dtithe i gcás Ard-Chúirte faoi láthair.