Uisce
Tá cuireadh tugtha ag an Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh don Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, James Browne, cuairt a thabhairt ar Dhún na nGall le go dtuigfidh sé chomh holc agus atá cúrsaí uisce sa chontae.
Dúirt an Teachta Ó Dochartaigh sa Dáil inné go bhfuil 40 líon tí i nGleann Fhinne ag brath ar thoibreacha mar nach bhfuil uisce reatha poiblí acu.
Níl dul chun cinn ar bith á dhéanamh maidir le scéim séarachais Ghaoth Dobhair, rud atá ag cur bac ar fhorbairtí sa cheantar, dar leis.
Dúirt an Teachta Ó Dochartaigh go mbíonn droch-chaighdeán uisce go minic in Árainn Mhór agus i dToraigh agus go bhfuil pobal Ghabhla fágtha gan uisce reatha le sé mhí mar gheall ar phíopa briste idir an t-oileán agus tír mór.
Dá dtabharfadh bainistíocht Uisce Éireann nó an tAire cuairt ar Dhún na nGall, ní bheadh le feiceáil acu ach fadhbanna leanúnacha leis an chóras uisce agus mífhreagracht ó thaobh na bhfadhbanna sin, a dúirt sé.
Níl sé sásúil ar dhóigh ar bith go bhfuil cúrsaí uisce mar atá sa chontae sa lá atá inniu ann, a dúirt an Teachta Ó Dochartaigh.
Cumann Trádála agus Turasóireachta
Rinneadh Cumann Trádála agus Turasóireachta an Fhál Charraigh a athbhunú ar an Fhál Carrach an tseachtain seo.
Fál Carrach Le Chéile an t-ainm atá ar an choiste pobail úr a dhéanfaidh comhordú ar imeachtaí turasóireachta agus cúrsaí trádála an bhaile.
Dúirt Máirtín Ó Gallachóir, Leas-Chathaoirleach an Choiste agus Rúnaí ar Fhoireann Pleanála an Fháil Charraigh, gur baile Gaeltachta iontach tábhachtach é an Fál Carrach a dhéanann freastal ar phobal Chloich Chionnaola.
Dúirt sé go bhfuil sé iontach tábhachtach go ndéantar comhordú ar na coistí pobail uilig atá ag feidhmiú sa bhaile, go bhfuil siad eolach ar na spriocanna atá ag an fhoireann pleanála, agus an tábhacht a bhaineann leis an Ghaeilge a chur chun cinn.
Pobalscoil Ghaoth Dobhair
Tá sé tugtha le fios ag Príomhoide Phobalscoil Ghaoth Dobhair, Seoirse Ó Dochartaigh, gur éirigh leo aitheantas a bhaint amach mar Scoil Ghaeltachta faoin Scéim Aitheantais do Scoileanna Gaeltachta.
Bhí cigireacht ar bun sa scoil an tseachtain seo agus tuigtear do Nuacht an Tuaiscirt go mbronnfaidh an Roinn Oideachais aitheantas oifigiúil ar an scoil gan mhoill.
Ciallaíonn seo anois go bhfuil aitheantas mar Scoil Ghaeltachta bainte amach ag trí iar-bhunscoil i nDún na nGall, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Gairmscoil Chú Uladh i mBéal an Átha Mhóir agus Coláiste Pobail Cholmcille i dToraí.
Coláiste Bhríde, Rann na Feirste
Tá sé fógartha ag an Teachta Dála Pat the Cope Ó Gallachóir go bhfuil €230,000 ceadaithe do Choláiste Bhríde, Rann na Feirste.
Úsáidfear an maoiniú le obair athchóirithe riachtanach agus oibreacha sábháilteachta dóiteáin a dhéanamh ar an choláiste.
Is fiú 50% de chostas iomlán an togra an maoiniú a fógraíodh inniu faoin Chlár Tacaíochtaí Teanga agus Pobail.
Dúirt an Teachta Dála Pat the Cope Ó Gallachóir go bhfuil Coláiste Bhríde i gcroílár an oideachais, an chultúir agus an phobail i Rann na Feirste leis na glúnta.
Tá an maoiniú seo tráthúil, a dúirt sé agus an coláiste ag ceiliúradh céad bliain a bhunaithe i mbliana.
Tá conraitheoir ceaptha leis an togra a chur i gcrích agus cuirfear tús leis an obair ar an bhliain seo chugainn, a dúirt an Teachta Ó Gallachóir.
Comharthaí rabhaidh
Tá sé socruithe ag Comhairle Contae Dhún na nGall comharthaí rabhaidh a chur in airde in aice leis an Chrannóg i nGaoth Dobhair le tiománaithe a chur ar an airdeall faoi na teorainneacha luais atá sa cheantar sin.
Thug an tInnealtóir Bóthair Brendan McFadden le fios gur tharla seacht dtimpiste ar an bhealach seo le cúpla mí, agus dúirt sé go ndearna Innealtóirí ón Chomhairle scrúdú iomlán ar an bhealach i gcomhar leis na Gardaí.
Dúirt Brendan McFadden go mbeidh veaineanna luais á lonnú ag na Gardaí sa cheantar amach anseo.
Oibreacha feabhsúcháin
Tá sé beartaithe ag Comhairle Contae Dhún na nGall oibreacha feabhsúcháin a dhéanamh ar thithe na Comhairle i gCeantar Bardais na nGleanntach le gur féidir teastas fuinnimh BER a bhaint amach.
Thug Michael Rowsome, Bainisteoir Ceantair na Comhairle, le fios go ndéanfar obair feabhsúcháin ar 70 Teach ar an Chlochán Liath, Ard an Rátha agus na Gleanntaí.
Beidh córas teasa agus obair inslithe mar pháirt den obair chomh maith le fuinneoga agus doirse úra.