Camscéim
Tá Gardaí Dhún na nGall ag iarraidh ar an phobal a bheith ar a n-airdeall faoi chamscéim atá ar bun ar ardán Whatsapp i láthair na huaire.
Faigheann daoine glaoch ó uimhir le comhartha oifigiúil an Gharda Síochána ag maíomh gur ó bhall den Gharda Síochána é agus iad ag lorg eolas pearsanta.
Deir na Gardaí nach ndéanann siad teagmháil mar seo le daoine ag am ar bith agus mhol siad do dhuine ar bith a bhí buailte ag camscéim dena mhacasamhail, teagmháil a dhéanamh leo.
]
Pleanáil teanga
Tá amhras léirithe ag grúpaí i nDún na nGall faoi chuid den eolas atá leagtha síos san athbhreithniú neamhspleách ar na pleananna teanga a foilsíodh inné.
Tá athbhreithniú Barr Feabhais Teoranta foilsithe ar Thrí Limistéar Pleanála Teanga i nDún na nGall, siad sin Limistéir Pleanála Teanga Aráinn Mhór, Chloich Cheann Fhaola agus Limistéar Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt a chlúdaíonn Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir.
Léirigh Oifigigh Pleanála Teanga i Dún na nGall imní faoi chuid de na figiúirí a bhaineann leis an chéatadán de chainteoirí laethúla Gaeilge san athbhreithniú agus é ráite acu nach bhfuil na figiúirí seo go hiomlán cruinn.
Togra Síochána Aeir
Dhéanfaidh an Togra Síochána Aeir a seoladh i Leitir Ceanainn ar na mallaibh difear mór do chúrsaí timpeallachta agus sláinte, a dúirt Stiúrthóir Comhshaoil Chomhairle Contae Dhún na nGall Micheál Mac Gairbheith.
Tá €6.5m ceadaithe don togra le dhul i ngleic le truailliú aeir ar Oileáin na hÉireann.
Dúirt Micheál Mac Gairbheith go bhfuil sé tábhachtach an caighdeán aeir i fheabhsú i bpócaí i Leitir Ceanainn agus go gcaithfear scrúdú a dhéanamh ar na ceantracha seo.
Tá sé tábhachtach an pobal a choinneáil ar an eolas faoin dochar a dhéanann truailliú aeir do shláinte an duine agus mar pháirt den Togra a seoladh, dúirt sé go dtabharfar an t-eolas seo do na Scoltacha agus don phobal go ginearálta.
Brící lochtacha
Glacfaidh sé 10 mbliana ar Chomhairle Contae Dhún na nGall tithe sóisialta na Comhairle atá buailte le brící lochtacha a athógáil.
Dúirt Dónal Walker, Innealtóir na Comhairle ar Choiste na mBrící Lochtacha, go bhfuil sprioc ag an Chomhairle Contae 200 Teach Sóisialta a tógadh le brící lochtacha a leagadh agus a athógail achan bhliain.
Dúirt sé go bhfuil na pleananna tosaithe acu ach go bhfuil siad ag fanacht go crua ar an Roinn Tithíochta an t-airgead a chur ar fáil.
Cháin na Comhairleoirí Contae an mhoill atá leis seo agus moladh gur chóir tithe modúlacha a chur ar fáil do theaghlaigh in áit airgead na Comhairle a chur amú agus iad ag deisiú tithe ar bhonn sealadach faoi láthair.
Féilte
Ní leor an méid airgid a chuireann Fáilte Éireann ar fáil d'fhéilte i gContae Dhún na nGall, a dúirt an Comhairleoir Condae John Shéamais Ó Fearraigh.
Dúirt sé nach bhfuil ach €49,750 á chur ar fáil ag Fáilte Eireann don Chontae agus gur chóir daofa i bhfad níos mó a chur ar fáil mar go gcuireann na féilte go mór le heacnamaíocht na Contae agus go dtarraingíonn siad na mílte cuairteoirí.
Luaigh sé go háirithe Féile Mháire an Chlocháin Léith a tharraingíonn na mílte go baile an Chlocháin Léith ar feadh seachtaine achan bhliain.
Dúirt sé gur cheart do bhainistíocht na Comhairle an cás a phlé le hoifigigh ó Fháilte Éireann.