Jack Chambers
Dúirt an tAire Caiteachais Phoiblí Jack Chambers agus é ar cuairt ar Dhún na nGall Dé hAoine, go bhfuil sé tiomanta mar Aire níos mó a dhéanamh do Dhún na nGall agus go bhfuil sé ag obair go dlúth leis an Aire Charlie McConologue agus leis an Teachta Dála Pat the Cope Ó Gallchóir.
Dúirt sé go dtuigeann sé na deacrachtaí agus go bhfuil sé i dteagmháil leis an Aire Iompair Darragh O'Brien go rialta maidir le cúrsaí bóthair agus pleanála i nDún na nGall.
Bhí cruinniú ag an Aire Chambers le Bainistíocht Chomhairle Contae Dhún na nGall Dé hAoine áit ar pléadh cúrsaí Tithíochta, Iompair agus Fostaíochta agus an tábhacht a bhaineann le hinfheistíocht a fheabhsú sa Réigiún.
Maidir le ceist na mBrící Lochtacha, dúirt an tAire Chambers go bhfuil an Chomhairle Contae i mbun comhráití leis an Roinn Tithíochta maidir le Tithe Sóisialta a cheadú faoi Scéim Cúitimh, dúirt sé go mbeidh sé ag caint fosta leis an Aire O’Brien faoi chúrsaí pleanála ar an N56.
Ollscoil Teicneolaíochta
Bainfidh Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh i Leitir Ceanainn tairbhe as an mhaoiniú €4.12m a d'fhógair an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais James Lawless inniu d’Ollscoileanna Teicneolaíochta an Atlantaigh.
Tá seo mar pháirt d’infheistíocht iomlán €41m a d’fhógair an tAire Lawless inniu faoi dheontas caipitil an Rialtais do mhionoibreacha caipitil d’institiúidí tríú leibhéal don bhliain acadúil 2026/2027.
Tá naoi gcampas ag ATU ar fud Dhún na nGall, Shligigh, Mhaigh Eo agus na Gaillimhe agus dhéanann thart fá 6,000 mac léinn freastal ar an dá champas atá ag Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh i Leitir Ceanainn agus sna Cealla Beaga.
I measc na dtograí a mbeidh maoiniú ar fáil fána gcoinne faoin scéim seo, beidh oibreacha sábháilteachta, uasghrádú ar chúrsaí fuinnimh, mionoibreacha feabhsúcháin, trealamh úr agus infheistíocht i gcúrsaí teicneolaíochta.
Bainfidh 12 Ollscoil, 2 Institiúid Teicneolaíochta agus 5 Choláiste eile ar fud na tíre tairbhe as an mhaoiniú seo a d’fhógair an tAire Lawless inniu.
Ag fáiltiú roimh fhógra an Aire inniu dúirt an Teachta Dála Pat the Cope Ó Gallchóir go rachaidh an infheistíocht seo go mór chun sochair do champais oideachais tríú leibhéal le cur ar a gcumas oideachas agus seirbhísí ar ardchaighdeán a sholáthar ina gceantar.
Tá fáilte curtha ag an Aire Stáit Charlie McConalogue roimh fhógra an Aire Lawless inniu chomh maith.
Barr Feabhais
Tá athbhreithniú Barr Feabhais Teoranta ar na deich limistéir pleanála teanga foilsithe ag an Aire Gaeltachta, Dara Calleary.
I measc na ndeich limistéar pleanála teanga, tá trí limistéar i nDún na nGall - Árainn Mhór, Cloich Cheann Fhaola agus Limistéar Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt – sé sin Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir.
In ainneoin constaicí suntasacha, dúradh san athbhreithniú go bhfuil bunús láidir leagtha síos ag Meitheal Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt don dul chun cinn a dhéanfar amach anseo.
Bhain Plean Teanga Chloich Cheann Fhaola garspriocanna móra amach, de réir an athbhreithnithe ach tugadh roinnt dúshlán faoi deara.
Léiríodh díomá nár ghlac an cheanneagraíocht ná an mheitheal pleanála teanga páirt sa chomhairliúchán.
Ó thaobh Árainn Mhór de, dúradh go bhfuil obair iontach ar siúl ag an cheanneagraíocht i dtaca le pleanáil teanga ach gur ceann de na príomhdhúshláin a bhí ann ná oifigigh pleanála teanga oiriúnacha a earcú.
Coláiste Pobail Bhun an Phobail
Tá cuireadh á thabhairt don phobal chuig oíche oscailte anocht i gColáiste Pobail Bhun an Phobail chun deis a thabhairt do dhaoine an scoil úr a fheiceáil.
Cuireadh tús leis an obair ar an scoil úr, atá lonnaithe taobh amuigh de bhaile Bhun an Phobail, i Samhradh na bliana 2023 agus chosain an fhorbairt níos mó ná €20m.
Tá deich sheomra ranga, deich sheomra ranga speisialta teagaisc, halla aclaíochta, bialann, leabharlann, seomra foirne, oifigí agus seomra speisialta do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta acu sa scoil úr.
Beidh an ócáid oscailte ar siúl idir an 5 agus 6:30 anocht.
Drioglann Chroithlí
.Beidh Lá Oscailte ag Drioglann Chroithlí inniu.
Beidh deis ag an phobal turais threoraithe saor in aisce a dhéanamh agus blas a fháil den uisce beatha atá á tháirgeadh sa Drioglann.
Dúirt duine de bhunaitheoirí na Drioglainne, Conor McMenamin, gur comhartha buíochais an lá oscailte seo do na daoine uilig a thug tacaíocht daofa le blianta beag anuas.
Tá Drioglann Chroithlí ainmnithe i measc 10% de na háiteanna turasóireachta is mó a bhfuil tarraingt orthu ar fud an domhain ag an ardán taistil dhomhanda, Tripadvisor.