Taisme
Tá na Gardaí agus na seirbhísí éigeandála ag freastal ar thimpiste bóthair a tharla ar bhealach an N56 idir Gort an Choirce agus An Fál Carrach maidin inniu.
Tá an bealach druidte faoi láthair agus tá an trácht á chur bealach eile.
Tá na Gardaí ag moladh do dhaoine sa cheantar tiomáint go mall mar go bhfuil siocán ar an bhealach.
Leitir Ceanainn
Tá na Gardaí ag lorg eolais faoi thimpiste a tharla i Leitir Ceanainn inné inar gortaíodh fear sna hochtóidí.
Tugadh an fear go hOtharlann Leitir Ceanainn, áit a bhfuil drochbhail air.
Tharla an timpiste i dtrátha am lóin nuair a leag carr an fear ar Phríomhshráid Íochtarach Leitir Ceanainn.
Tá na Gardaí ag iarraidh ar dhuine ar bith a chonaic an timpiste nó ar thiománaí ar bith a bhí sa cheantar idir 12.15 agus 1.15 inné agus a bhfuil taifead daischeamara acu teagmháil a dhéanamh leo.
Brící Lochtacha
Tá sé tábhachtach nach mbeadh bac airgid ar úinéirí tí a dtithe a atógáil faoi Scéim Cúitimh na mBrící Lochtacha, dar le Cónaidhm Baincéireachta agus Íocaíochtaí na hÉireann.
Beidh bac ar bith atá ann faoi láthair á phlé acu leis an Roinn Tithíochta a dúradh ag cruinniú a bhí ag an Chónaidhm le Comhairleoirí Contae Dhún na nGall inné.
Bhí ionadaithe na Cónaidhme den tuairim go raibh céatadán den deontas iomlán faoin scéim cúitimh ar fáil d'úinéirí tí leis na réamhchostais a bhaineann le teach a atógáil a íoc ach thug Comhairleoirí Contae le fios dóibh nach seo mar atá.
Thug na Comhairleoirí Contae le fios go bhfuil réamhchostais €25,000 ar úinéirí tí agus nach féidir leo tairbhe a bhaint as an scéim leis na costais sin a íoc.
Bun Dobhráin
Tá rabhadh tugtha ag Bád Tarrthála Bhun Dobhráin faoin chontúirt a bhaineann le tonnta ar thránna na contae i ndiaidh eachtra thromchúiseach a deir siad a tharla ar thrá Bhun Dobhráin inné nuair a tharraing tonnta móra máthair agus páiste isteach san fharraige.
Deir siad go bhfaca fear a bhí amuigh ag siúl an méid a tharla, go ndeachaigh sé isteach san fharraige agus go dtug sé tarrtháil ar an bheirt.
D’iarr Bád Tarrthála Bhun Dobhráin ar an phobal a bheith ar a n-airdeall faoin chontúirt a bhaineann le tonnta mar gur féidir le tonnta móra idir caoga agus céad méadar den chladach a chlúdach.