Seán Ó Sé

Cuirfear an t-amhránaí iomráiteach ó Bhaile an Locha i gCathair Chorcaí agus ó Bhéal Átha Leice, Seán Ó Sé tar éis aifreann a shochraide ag meán lae inniu i Sáipéal Muire Lourdes i mBaile an Locha.

Bheadh sé 10 mbliana agus ceithre fichid inniu, a lá breithe, dá mairfeadh sé.

Aistreofar corp Sheáin Uí Shé tar éis an aifrinn go Beanntraí agus adhlacfar é i Reilig na Mainistreach i mBeanntraí.

Scéim na mBéilte Scoile

Tá trí scoil in Iarthar Duibhneach fágtha amuigh ar an mbán maidir le Scéim na mBéilte Scoile, tar éis do sholáthraí tarraingt siar os na socruithe bhí déanta leo.

Tharraing The Lunch Bag siar ó shocrú a bhí aontaithe ó bhéal leis na scoileanna seo agus tar éis dóibh cabhair a fháil ó na scoileanna áitiúla chun teacht ar láthair chun mol ullmhúcháin a bhunú sa dúthaigh, agus gan iad ach ag freastal ar chúpla scoil sa dúthaigh anois seachas gach scoil mar a bhí socraithe.

Tá na scoileanna seo ceadaithe fén scéim, ach níl aon teacht acu anois uirthi.

Deirtear i ráiteas ós na scoileanna, go léiríonn an cás seo na deacrachtaí móra atá ag scoileanna beaga tuaithe leis an Scéim.

Páirc spraoi

Ag cruinniú an lae inné de Cheantar Bardasach Chorca Dhuibhne agus Oileán Ciarraí, cheistigh an Comhairleoir Roibeárd Ó Brosnacháin oifigigh na Chomhairle maidir le cinnteacht maoinithe do pháirc spraoi Lios Póil chun go mbeidh sí forbartha in am do Chomórtas Peile na Gaeltachta.

Táthar ag súil le cúpla míle duine i rith an chomórtais, idir óg agus aosta, a dúirt an Comhairleoir Ó Brosnacháin, agus é ag maíomh go mbeidh áiseanna oiriúnacha de dhíth do dheireadh seachtaine an chomórtais.

Mhol oifigigh na Comhairle go ndéanfaí iarratas aríst ar scéimeanna maoinithe mar go mbeadh maoiniú comhoiriúnach 50% ag teastáilt.

Ach d'áitigh an Comhairleoir ná beadh a dóthain ama acu cuir isteach ar na scéimeanna sula mbeadh an Comórtas Peile ar siúl.

Tuirbíní gaoithe

Bheadh 95 acra talún ag teastáil do cheann des na mór-thuirbíní gaoithe ar muir, atá beartaithe amach ó chósta na nDéise, más ar thalamh atá sé le cur, seachas ar muir.

Cuireadh an méid sin in iúl inné ag cruinniú de Chomhairle Cathrach & Contae Phort Láirge, agus toscaireacht ón gcomhlacht dáilithe aibhléise Stáit, Eirgrid ag labhairt ag an gcruinniú.

Tá an limistéar ar a dtugtar Tonn Nua, ar chósta na nDéise ar cheann de cheithre limistéar atá leagtha amach i bplean an rialtais ina bhfuil na chéad mórthionscadail fuinnimh gaoithe le forbairt in Éirinn.

Tugadh le fios do Chruinniú Chomhairle Cathrach & Contae Phort Láirge inné, go bhfuil an tsuirbhéireacht agus an comhairliúchán poiblí fós ar siúl ag Eirgrid mar gheall ar na fostáisiúin nua a bheidh ag teastáil chun an fuinneamh ós na feirmeacha gaoithe a dháileadh.

Cuirfear tús leis an bpróiséas pleanála i 2028 agus i 2029 agus rachfar i mbun na togála i 2030, ag súil go mbeidh an obair curtha i gcrích fé dheireadh na bliana 2033.

Seacht bhfostáisiún nua ar fad a bheidh lonnaithe ar an gcósta thoir-theas, idir Eochaill agus Loch Garman.

Cé nach bhfuil sé socraithe go cinnte fós, meastar go mbeidh ceann amháin díobh san i gContae Phort Láirge, agus gur i mBun Machan a bheidh sé.

Cluiche mór

Táthar ag súil go mbeidh baile an Daingin tréigthe an deireadh seachtaine seo agus an Daingean ag imirt i gCluiche Ceannais Sinsir Caide na hÉireann, a bheidh ar siúl i bPáirc an Chrócaigh an Domhnach seo.

In agallamh d’adhmhaidin inniu dúirt Cathaoirleach an chlub, Seán Ó Súilleabháin, go bhfuil an t-ádh leo go bhfuil imreoirí tréis filleadh abhaile.

"Ní bheimis anseo muna mbeidís siúd tagtha thar nais" a dúirt sé.